An difríocht idir athruithe ar: "Síle na gcíoch"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 38:
== Feidhmiú ==
 
Sa bhliain 1844 thug Johann Georg Kohl, scoláire [[An Ghearmáin|Gearmánach]], cuairt ar [[Dubhadh|Dhubhadh]] i g[[Contae na Mí]] agus é ar lorg dheilbhíní Shíle na gcíoch. Dúirt fear faisnéise leis go raibh deich gcinn ar a laghad ann agus go n-úsáidtí na fíoracha chun an tsúil mhillte a chealú. Sa seansaol fadó rachadh fear a raibh an mí-ádh air chun mná áirithe agus nochtfadh sí a baill ghiniúna dó mar leigheas. Dúradh le Kohl go dtugtaí ''Shila na Gigh'' ar mhná den saghas sin agus gur baisteadh na fíoracha féin amhlaidhastu.
 
Mhéadaigh ar an tsuim a bhí ag ársaitheoirí sa scéal agus beartaíodh teoiricí difriúla. Áitíodh gur as nósanna an Phágánachais nó na [[Críostaíocht|sean-Chríostaíochta]] a fáisceadh na deilbhíní, nó go raibh baint acu leis an torthúlacht.<ref>Freitag, 2004, lgh 16-20.</ref>