An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Hare and Burke drawing.jpg|thumb|William Burke (Liam de Búrca) agus William Hare (Liam Ó hEadhra)]]
Sraith de [[dúnmharú|dhúnmharuithe]] ab ea '''dúnmharuithe West Port''' a rinneadh i n[[Dún Éideann]] sna blianta [[1827]]-[[1828]]. Ba iad William Burke (Liam de Búrca) agus William Hare (Liam Ó hEadhra), beirt Éireannach, na dúnmharfóirí, agus is í an tucaid a bhí acu leis na coireanna seo ná na corpáin a dhíol le dochtúirí Choláiste Míocháine Dhún Éideann, go háirithe leis an dochtúir [[Robert Knox]], [[Anatamaíocht|anatamaí]] agus [[antraipeolaíocht|antraipeolaí]] clúiteach lena lá, ar theastaigh siad uaidh le taighde a dhéanamh orthu. Ba iad a gcuid coireanna a chuir tús leis an bhfocal úd "[[búrcáil]]" sa Ghaeilge, a chiallaíonn réabóireacht reilige.
 
== Na Dúnmharuithedúnmharuithe ==
 
Sa bhliain [[1827]], bhí cónaí ar Liam de Búrca agus a leannán, Eibhlín Nic Dhubhghaill (Helen MacDougall) i dteach Liam Uí Eadhra, mar thionóntaí. De réir mar a d'admhaigh Mac Uí Eadhra ina dhiaidh sin, seansaighdiúir ar pinsean ab ea an chéad duine a dhíol siad leis na [[Dochtúir leighis|dochtúirí]]. Tionónta eile de chuid Mhac Uí Eadhra a bhí ann, agus nuair a fuair sé bás, bhí Mac Uí Eadhra i ndiaidh ceithre phunt air. I Mí na Samhna 1827, bhúrcáil an Búrcach agus Mac Uí Eadhra an corpán agus dhíol siad leis na dochtúirí ar seacht bpunt é.
 
Tionónta eile de chuid Mhac Uí Eadhra ab ea an chéad duine eile a maraíodh, fear a raibh aithne air mar "Joseph the Miller", is é sin, an muilleoir Seosamh. Chuir siad ar meisce é le huisceh[[uisce beatha]] agus thacht siad é. Bhí na tionóntaí ag rith gann ar Mhac Uí Eadhra, áfach, agus mar sin, chinn an bheirt ar íobartaigh nua a chealgadh isteach ón tsráid. I Mí Feabhra [[1828]], thug siad cuireadh don phinsinéir Abigail Simpson airneán a dhéanamh sa teach sula rachadh sí abhaile. Chuir siad ar deargmheisce í freisin agus thacht siad í. Ó bhí an corpán chomh húr, fuair siad cúig phunt déag uirthi.
 
I ndiaidh tionónta eile fós a mharú, chuaigh Margaret Hare, bean Liam Uí Eadhra, ag ól leis an chéad íobartach eile i dteach tábhairne. Nuair a bhí an bhean seo ar na stárthaí le meisce, chuir Margaret fios ar a fear céile. Ina dhiaidh sin, thug an Búrcach leis beirt striapach abhaile, ach tháinig bean acu slán, ó d'imigh sí nuair a thosaigh Eibhlín ag sciolladóireacht. Díoladh an bhean eile leis na dochtúirí. D'aithin cuid de na hábhair dhochtúirí í, ó bhí siad i ndiaidh an chorroíche a chaitheamh léi.
Line 19 ⟶ 20:
Ba í Mary Docherty, nó Máire Ní Dhochartaigh, an duine deireanach a maraíodh. Dúirt an Búrcach léi gur de mhuintir Uí Dhochartaigh dá mháthair féin, le hí a mhealladh isteach sa teach lóistín. Ansin, d'fhan sé go dtí gur fhág a chomhlóisteoirí, Ann agus James Gray, an áit, agus mharaigh sé Máire. Chuala na comharsanaigh gleo na troda, áfach.
 
== Deireadh na gCoireannagcoireanna agus an Pionóspionós ==
 
An lá arna mhárach, d'éirigh Ann Gray drochamhrasach, nuair nach ligfeadh an Búrcadh di dul in aon chóngar don leaba ar fhág sí péire stocaí inti. Teacht an tráthnóna, bhí Ann agus James Gray ina n-aonar sa teach, agus nuair a sheiceáil siad an leaba, tháinig siad ar chorp Mháire Ní Dhochartaigh fúithi. Ag dul amach le fios a chur ar na póilíní dóibh, casadh Eibhlín Nic Dhubhghaill orthu. D'áitigh Eibhlín orthu dearmad a dhéanamh den scéal, ar acht go bhfaighidís deich bpunt an tseachtain de bhrabús na gcorp. Dhiúltaigh siad.
Line 27 ⟶ 28:
Nuair a thug nuachtán áitiúil i nDún Éideann tuairisc ar na himeachtaí, chuala Janet Brown, an striapach a tháinig slán nuair a maraíodh a leathbhádóir, iomrá orthu agus chuaigh sí ag cuidiú leis na póilíní. D'aithin sí éadaí de chuid Mhary Paterson, an striapach a bhí ina cuideachta agus a fuair bás.
 
[[File:Execution of William Burke.jpg|thumb|An forghníomhú]]
Cé go raibh fianaise ann, níor leor í, agus thug an breitheamh tairiscint do Mhac Uí Eadhra: gheobhadh sé díolúine ón ionchúiseamh, dá mbeadh sé sásta fianaise a thabhairt in aghaidh an Bhúrcaigh. Thoiligh sé, agus gearradh breith an bháis ar an mBúrcach i Mí na Nollag 1828. Scaoileadh Eibhlín saor, ó nach rabhthas ábalta a chruthú go raibh lámh aici sna dúnmharuithe. Níor ionchúisíodh Robert Knox, cé go raibh callán mór ann faoi na himeachtaí.
 
D'fhill Eibhlín Nic Dhubhghaill abhaile, ach ba dhóbair di go linseálfadh slua de dhaoine feargacha í ar thairseach an tí. D'éalaigh sí go Sasana, ach tháinig a míchlú ansin roimpise. Deirtear gur thug sí aghaidh ar an Astráil ansin, agus go bhfuair sí bás ansin timpeall na bliana 1868. D'éalaigh Margaret Hare ó lucht a linseála freisin, agus an chuma ar an scéal gur theith sise go hÉirinn. Sin a bhfuil ar eolas fúithi.
 
Scaoileadh saor le Mac Uí Eadhra i bhFeabhra 1829. Bhí scéalta ag imeacht faoi agus iad ag tabhairt le fios gur fear iarrtha déirce a bhí ann a raibh radharc a shúl caillte aige. Níor dearbhaíodh na scéalta seo riamh. Chonacthas an uair dheireanach é i gCarlisleg[[Carlisle]], [[Sasana]].