An difríocht idir athruithe ar: "Parlaimint na hEorpa"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 70 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q8889 (translate me)
Líne 6:
* An chumhacht um maoirsiú daonlathach. Déanann an Pharlaimint maoirsiú ar gach gníomhaíocht Chomhphobail.
 
Is í Parlaimint na hEorpa an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh na mBall Stát. Tá 736 ionadaí i bParlaimint na hEorpa faoi láthair, ag déanamh ionadaíocht ar bheagnach 492 milliún saoránach Eorpach i 27 tír. Buaileann an Pharlaimint le chéile agus déanann sí breithniú go poiblí i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Strasbourg sa bhFrainc.
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.citizensinformation.ie/categories-ga/government_in_ireland/rialtas-eorpach/institiuidi-an-ae/parlaimint-na-heorpa?set_language=ga Eolas ón citizensinformation.ie]
* http://www.europarl.europa.eu/
 
Bhí na chéad thoghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa ar siúl i Meitheamh 1979 agus bíonn siad ar siúl gach 5 bliana i mí an Mheithimh.
{{síol}}
 
Tá réimse leathan grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa. Go hiondúil, téann Feisirí Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) le grúpa polaitiúil ag an bParlaimint agus suíonn siad agus vótálann siad leis an ngrúpa sin. Níl iallach ar FPEanna Pharlaimint na hEorpa, áfach, vótáil lena ngrúpa polaitiúil. Tá uachtarán tofa ag Parlaimint na hEorpa a dhéanann maoirsiú ar ghníomhaíochtaí ar fad na Parlaiminte agus a codanna éagsúla.
[[Catagóir:An tAontas Eorpach]]
 
Tá trí phríomhchumhacht ag an bParlaimint:
{{Nasc AR|en}}
 
{{Nasc AR|ka}}
An chumhacht reachtaíocht a dhéanamh. Tá an chumhacht seo arna roinnt le Comhairle an Aontais Eorpaigh I bhformhór na gcásanna, déantar dlíthe Eorpacha trí phróiseas comhchinnte. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an gComhairle agus an Pharlaimint comh-uchtú a dhéanamh ar dhlí. Is féidir leis an bParlaimint leasuithe a dhéanamh ar reachtaíocht faoin bpróiseas seo. Tá réimsí tábhachtacha áirithe, mar shampla reachtaíocht cánach, áit nach bhfuil de chumhacht ag an bParlaimint ach tuairim a thabhairt cibé an féidir nó nach féidir píosa reachtaíochta atá molta a thabhairt isteach sa dlí.
Cumhacht an sparáin. Tá an chumhacht seo freisin arna roinnt leis an gComhairle. Déanann an Pharlaimint maoirsiú ar chaiteachas an AE agus glacann sí le buiséad bliantúil an AE freisin. Is aici atá an cinneadh deireanach maidir le caiteachas ar Chiste Forbartha Réigiúnaigh na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, cabhair dhaonnúil agus cláir theifigh. Maidir le caiteachas ar thalmhaíocht agus caiteachas a thagann ó chomhaontais idirnáisiúnta, is féidir leis an bParlaimint athruithe a mholadh ach is ag an gComhairle atá an cinneadh deiridh.
An chumhacht um maoirsiú daonlathach. Déanann an Pharlaimint maoirsiú ar gach gníomhaíocht Chomhphobail. Bunaíonn sí coistí fiosrúcháin chun fiosrú a dhéanamh ar cheisteanna áirithe. Tá ról lárnach aici freisin i maoirsiú Choimisiúin na hEorpa. Ní mór don Choimisiún tuairiscí a sheoladh faoi bhráid na Parlaiminte maidir lena ghníomhaíochtaí agus ceisteanna scríofa nó béil a fhreagairt i rith "Tráth na gCeisteanna". Má chaitheann dhá thrian den Pharlaimint vóta ar son rúin imcháinte i gcoinne an Choimisiúin, ní mór don Choimisiún iomlán éirí as a bpostanna.
Cuairt ar Pharlaimint na hEorpa
Glacann an Pharlaimint le grúpaí cuairteoirí ina trí áit oibre, an Bhruiséal, an Lucsamburg agus Strasbourg, ní hamháin le linn páirtsheisiúin ach freisin taobh amuigh de pháirtsheisiúin. Seasann cuairteanna idir uair agus trí uaire an chloig agus mar chuid den chuairt tugann oifigeach de chuid Phairlimint na hEorpa caint ar céard é an Pharlaimint agus conas a oibríonn sí, le seisiún ceisteanna agus freagraí ina ndiaidh. Bíonn cur i láthair físeáin nó malartú tuairimí le FPE i gceist i gcuid de na cuairteanna. Faigh tuilleadh eolais faoi chuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa anseo.
 
Rochtain ar chaipéisí oifigiúla Pharlaimint na hEorpa
Ar cháipéisí oifigiúla Pharlaimint na hEorpa áirítear cáipéisí na gcoistí parlaiminte agus na toscaireachtaí idirpharlaiminte, seisiúin iomlánacha agus ceisteanna parlaiminte. Is féidir leat féachaint freisin ar liosta de cháipéisí oifigiúla go léir Pharlaimint na hEorpa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa leabhrán (pdf). Cuireann Europe Direct cabhair ar fáil le húsáid láithreán gréasáin an AE.
 
Do ghlór san Eoraip
Tugann saoránacht Eorpach an ceart saor-ghluaiseacht agus saor-chónaí do shaoránaigh an AE i gcríocha na mBall Stát, an ceart vóta a chaitheamh agus seasamh i gcomhair toghchán Eorpach agus áitiúil, an ceart cosaint taidhleoireachta i dtíortha sa tríú domhan, chomh maith le:
 
an ceart achainí a dhéanamh ar Pharlaimint na hEorpa
an ceart gearáin a dhéanamh os comhair Ombudsman na hEorpa
an ceart plé le haon institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais i gceann de na teangacha oifigiúla, lena n-áirítear Gaeilge, agus freagra a fháil sa teanga chéanna.
Is féidir le baill den phobal eolas a fháil freisin ó oifigí eolais Pharlaimint na hEorpa sna baill stáit nó ceisteanna a chur trí Bhosca Poist na Saoránach.