An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
B'as [[Tiobraid Árann]] d''''Eoghan Ó Riain''' (
Rugadh an Rianach i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. [[Fraincis]], [[Iodáilis]] agus [[Spáinnis]] ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge. A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i [[Maigheann Rátha]].
Líne 5:
== An Rianach san Astráil ==
Mar bhaill de Bhráithre Phádraig a tháinig Eoghan féin agus a dheartháir Bernard chun na hAstráile, agus bhí Eoghan ina mhúinteoir in Maitland agus in Armidale
[[Íomhá:St Andrew's Cathedral, Town Hall, Sydney from The Powerhouse Museum Collection.jpg|thumb|Sydney: an Halla Cathrach sa 19ú haois]]
Ba chliobaire d’fhear groí é an Rianach. Bhí féasóg fhada dhubh air agus blagaid. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Fear mór iománaíochta ba ea é a thacaigh go tréan leis an gclub áitiúil. Bhí cuma Ghaelach fiú ar a mhodh imeachta, ó b’eisean an t-aon duine amháin i Sydney a raibh ''jaunting car'' aige agus í le feiceáil ar Bhóthar Botany laethanta saoire.
Bhí teach tábhairne aige i Sráid Sheoirse Thiar
Bhí an Rianach ar a dhícheall ag cur chúis
== Tagairtí ==
|