An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
m Ag baint Portrait_of_Micheál_Ó_Coileáin.jpg amach, scrios Hedwig in Washington é ón Chómhaoin mar: Per [http://commons.wikimedia.org/wiki/Commons:Deletion_re...
Replace image with alt (previous deleted from Commons)
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Polaiteoir
|ainm =Mícheál Ó Coileáin
|íomhá =PortraitMichael ofCollins Micheáladdressing Ócrowd Coileáinin Cork cph.3b15295.jpg{{!}}200px240px
|teideal1 =Cathaoirleach Rialtas Sealadach na hÉireann
|dátaí1 =[[Eanáir]] [[1922]] - [[Lúnasa]] [[1922]]
Líne 86:
 
== An Conradh ==
[[File:Michael Collins 1921.jpg|thumb|An Coileánach sa bhliain 1921]]
 
Is é an toradh a tháinig as na comhchainteanna ná an [[Conradh Angla-Éireannach]], agus b'é an Conradh seo ba bhunús le stát nua Éireannach, mar atá, [[Saorstát Éireann]]. Bhí forálacha ann le haghaidh stát uile-Éireannach, ach san am céanna, d'fhág sé ar chumas sé chontae in oirthuaisceart an oileáin tarraingt siar as an stát seo, rud a rinne siad gan mhoill. Bhí sé leagtha amach sa Chonradh go gcaithfí coiste ar leith a chur ag obair leis an teorainn a atarraingt, dá dtogródh [[Tuaisceart Éireann|na Sé Chontae]] a leithéid a dhéanamh, agus is é an rud a bhí ar intinn an Choileánaigh go bhféadfaí, ar an mbealach seo, limistéar an stáitín thuaisceartaigh a laghdú an oiread sin is nach bhfágfaí maireachtáil ar bith ann ar chúrsaí eacnamaíocha. Bhí an beart sin incheaptha san am, nó bhí cónaí ar an gcuid ba mhó den phobal [[Aontachtach]] taobh istigh de shrianta cúnga in oirthear [[Uladh]].
Line 119 ⟶ 120:
 
== An Cogadh Cathartha agus Bás an Choileánaigh ==
[[File:Michael Collins 1922.jpg|thumb|Ó Coileáin ag caint i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922]]
 
 
I Mí Aibreáin sa bhliain 1922, shealbhaigh dhá chéad Óglach frith-Chonartha [[na Ceithre Cúirteanna]] i m[[Baile Átha Cliath]] i ndiúnas ar an Rialtas Sealadach. Bhí an Coileánach ag iarraidh cogadh cathartha a sheachaint, agus mar sin, staon sé ón bhfoirgneamh a ionsaí, go dtí nár fhág na Gaill an dara rogha aige. Ar [[22 Meitheamh|an dóú lá fichead de Mhí an Mheithimh]], mharaigh beirt Óglach Sior [[Henry Wilson]], ginearál Gallda ar pinsean, i m[[Belgravia]] i Londain. San am sin, chreid an saol mór gurbh iad na hÓglaigh fhrith-Chonartha a rinne an obair. Bhagair [[Winston Churchill]] ar an gCoileánach [[Arm na Breataine]] a chur go Baile Átha Cliath leis na frith-Chonraitheoirí a chaitheamh amach as na Ceithre Chúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta é a dhéanamh.
 
Líne 135:
Ábhar fiannaíochta ab ea iad na focail a labhair sé ar lá sínithe an Chonartha. Nuair a dúirt an Tiarna Birkenhead, agus é buartha faoin dóigh a rachadh an Conradh i bhfeidhm ar an mBreatain Mhór, go raibh eagla air gur shínigh sé barántas a bháis pholaitiúil, is é an freagra a fuair sé ón gCoileánach go raibh seisean i ndiaidh barántas a fhíorbháis a shíniú. Seo mar a scríobh an Coileánach chuig dlúthchara leis:
 
:''"I ndiaidh an oiread sin allas a bhárcadh, i ndiaidh an oiread sin streachailte agus tromluithe, tá tú, go tobann, ag siúl na sráideanna i Londain agus iad fuar fliuch faoi aer na hoíche. Samhlaigh leat - céard atá agat le tabhairt d'Éirinn? Rud atá ag teastáil uaithi le seacht gcéad bliain. An sásóidh an margadh seo aon duine? Duine ar bith? Seo an méid a deirim leat: go moch ar maidin inniu, shínigh mé barántas mo bháis féin. Nuair a rinne mé é, is é an rud a bhí ar m'intinn ná: féach chomh haisteach, chomh haiféiseach atá sé - bheadh sé chomh maith ag an gcorrphiléar an jab a dhéanamh cúig bliana ó sin."''
 
Iad siúd a tháinig slán as pianta breithe na hÉireann, fir ar nós Éamon de Valera, [[Liam Tomás Mac Cosgair]], Risteard Ó Maolchatha agus Eoin Ó Dufaigh, choinnigh muintir na hÉireann cuimhne ar an dóigh ar éirigh leo an stát a chur ar bun agus a choinneáil ag imeacht. An Coileánach, arís, ó cailleadh chomh hóg sin é, ní chuimhnítear air ach mar idéalaí óg radacach nach gcaithfeadh riamh fadhbanna na síochána a fhuascailt.
[[File:Michael Collins by John Lavery.jpg|thumb|'' Michael Collins (Love of Ireland)''; Pictiúr le [[John Lavery]] ]]
 
Chuaigh de Valera i gcuimhne na ndaoine mar sheanfhear caoch ag caitheamh deireadh a shaoil leath ina phinsinéir ina Uachtarán ar Éirinn sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí. Is é an chuimhne a choinnítear ar [[Liam Mac Cosgair]] ná gurbh eisean an Taoiseach ar thit sé ar a chrann cúrsaí airgeadais na tíre a chur ina seasamh arís i ndiaidh tuairteáil an stocmhalartáin sa [[Wall Street]]. Is é an rud is túisce a ritheann leis na daoine faoi Risteard Ó Maolchatha gurbh eisean a d'údaraigh bású na gcimí i rith an Chogaidh Chathartha. Maidir le hEoin Ó Dufaigh, b'eisean an póilín a chuaigh le polaitíocht agus a thug taithneamh d'fhaisisteachas [[Francisco Franco]]. An Coileánach, áfach, ní raibh sé i ndán dó a lámha a shalú i gcúrsaí na polaitíochta iarchogaidh. Eisean an fear óg glórmhar scafánta a bhí ábalta idir Phoblacht, Chonradh agus inspioráid mhillteanach a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus a fuair bás sular tháinig bláth ceart air, go díreach nuair a bhí a thír dhúchais ar thairseach an neamhspleáchais.
Line 146 ⟶ 147:
 
Thaitin an scannán go mór leis na léirmheastóirí ar chúiseanna foirme, struchtúir agus insinte, ach san am céanna, bhí na staraithe ag fáil lochta ar an dóigh ar chuir Jordan fíricí na staire as a riocht le cur le teannas drámatúil na hinsinte. Agus an méid sin ráite, bhí an scannán seo ar an gceann ba rathúla a rinneadh in Éirinn riamh.
 
 
Bhí na staraithe ag lochtú na ngnéithe seo leanas: