An difríocht idir athruithe ar: "Juan Antonio Villacañas"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 17:
== Beathaisnéis ==
 
iI Toledo na Spáinne a rugadh é i 1922. Agus é ina mhac léin mheánscoile chuir an cogadh cathartha deireadh leis a chuid staidéar. Rinne sé a sheirbhís míleata in áiteanna éagsúla mar La Vall d’Aran agus Melilla, áit ina raibh sé ag obair mar leabharlannaí i gClub an Airm. Bhain sé leas as an tasc sin a chur a lán ábhar féin-theagasc ar fáil dó. Nuair a tháinig se ar ais go Toledo, fuair sé post i gComhairle na Cathrach. Bhí sé ag obair ann mar cheannaire na Roinne Cultúir agus Ealaíne ar feadh bliana.
 
Ina leabhar dánta ''Los sapos'' (''Na buafa'') (1968), cáineann sé an Chumhacht agus na mí úsáidí a bhíonn ag plé léi. Baineann sé úsáid as cur síos ar Chomhairle Cathrach mar mheafar na Cumhachta sin.