An difríocht idir athruithe ar: "An Bhútáin"

Content deleted Content added
Liam n (plé | dréachtaí)
No edit summary
Liam n (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 42:
Is [[tír]] thalamhiata í '''Ríocht na Bútáine''' s[[an Áise Theas]], atá suite ag an taobh thoir de [[na Himiléithe]]. Tá [[India|Poblacht na hIndia]] teorainn ar theorainn léi sa deisceart, san oirthear agus san iarthar agus tá [[an tSín]] teorainn ar theorainn léi sa tuaisceart. Tugann muintir na Bútáine ''Druk Yul'' (Dzongkha: འབྲུག་ཡུལ་ 'drug yul) ar an tír. Ciallaíonn sé seo "Talamh Dhragan na Toirní".
 
Bhíodh an Bhútáin ar cheann de na tíortha ba iargúlta ar domhan ach diaidh ar ndiaidh tá méid áirithe forbartha ar siúl go háirithe sna ceantair uirbeacha. Fad is atá an fhorbairt shocair seo á chothú ag an rialtas tá iarrachtaí ar súil gan cultúr agus traidisiúin na tíre a mhilleadh. Chuige sin, d'fhorbair rialtas na tíre a fhealsúnacht féin a dtugtar "[[Oll-sonas Náisiúnta]]" uirthi ([[Béarla]] "''Gross National Happiness''") agus mar aon le forbairt inbhuanaithe ([[Béarla]]'': “sustainable development”''), cuirtear béim faoi leith ar chultúr, agus ar thimpeallacht na tíre a chaomhnú, agus ar dhea-chleachtas i dtaobh bainistíocht acmhainní. De réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain 2006, ar tugadh "World Map of Happiness" air, is iad na Bútánaigh na daoine is sonasaí ar domhain.
 
Tá achar 38,394 ciliméadar cearnaithe (14,824 troigh cearnaithe) ag an tír agus réimse leathan de thírdhreachtaí éagsúla inti, ó mhánna fothrópaiceacha an deiscirt go dtí sléibhte arda na Himiléithe sa tuaisceart, áit a bhfuil na beanna is airde os cionn seacht míle méadar.
 
Is í [[Thimphu]] an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Tá 100,000 daoine ina gcónaí ann.
 
Is Búdaithe iad formhór na ndaoine agus is reiligiún an stáit é [[an Búdachas Vajrayana]]. Is é an [[Hiondúchas]] an dara reiligiún is mó sa tír.
 
Tar éis na céadta bliain faoi mhonarcacht absalóideach,Thogh thogh muintir na tíre a gcéad rialtas daonlathach i mí an Mhárta 2008. Inniu,tá an Bhútáin mar bhall de na [[Náisiúin Aontaithe]] agus [[SAARC]] i measc cumann idirnáisiúnta eile.
 
== Ainm ==
 
Ar ndóigh, is ón bhfocal Béarla “Bhutan”“''Bhutan''” a thagann ainm na tíre sa Ghaeilge ach ní fios go beacht bunús an fhocail sin. Teoiric amháin ná go dtagann ainm na tíre ón bhfocal Sanscrait "''Bhu-Utthan''" (भू-उत्थान; garbhchríoch). De réir teoirice eile, tagann sé ó "''Bhoṭa-anta''" (भोट-अन्त) a chiallaíonn, "ag ceann na Tibéide" ós rud é go bhfuil an Bhútáin suite díreach ó dheas ón Tibéid.
 
Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha ar an tír, a leithéid de "''Lho Mon''" (talamh theas an dorchadais), "''Lho Tsendenjong"'' (talamh theas na cufróige), "''Lhomen Khazhi''" (talamh theas na gceithre rochtain) agus "''Lho Men Jong''" (talamh theas na luibheanna míochaine)
 
== Staire ==