An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Seosamh Ó Rathaille"
Content deleted Content added
Nasc go dtí Robert Erskine Childers, ní a mhac |
Cúpla naisc |
||
Líne 1:
Rugadh '''Mícheál Seosamh Ó Rathaille''', nó ''The O'Rahilly'' ("An Rathailleach"), mar a thugtaí air go minic, ar an [[22 Aibreán|22ú lá de Mhí Aibreáin]] sa bhliain [[1875]] i
[[Íomhá:The_O'Rahilly_Ballylongford3.jpg|190px|thumb|]]
Níos tabhachtaí fós, bhí sé ar duine de bhunaitheoirí [[Óglaigh na hÉireann]]. Le cabhair [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] agus na Gearmáine, d'eagraigh sé an chéad lastas arm leis na hÓglaigh a armáil. Raidhfilí Mauser a bhí ann, agus iad le teacht i dtír i m[[Binn Éadair]].
Ní raibh sé ina bhall de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]], agus dá thoradh sin ní raibh a fhios aige go raibh an t[[Éirí Amach na Cásca|Éirí Amach]] ar na bacáin. Rinne an Bráithreachas iarracht na pleananna a choinneáil folaithe ar dhaoine mar [[Bulmer Hobson]], [[Eoin Mac Néill]] agus Ó Raithille, nó bhí siad den bharúil nár chóir dul chun ceannairce ar na Sasanaigh, mura mbeidís siúd ag iarraidh na hÓglaigh a ionsaí. Nuair a fuair Bulmer Hobson amach faoi na pleananna, d'fhuadaigh an Bráithreachas é, ar eagla go sceithfeadh sé orthu, ach ansin, chuala an Rathailleach iomrá ar an bhfuadach. Chuaigh sé go [[Scoil Éanna]] le labhairt le [[Pádraig Mac Piarais]]. Bhí fearg an domhain air, agus bhagair sé aon duine a lámhach a dhéanfadh iarracht an cleas céanna a imirt airsean. D'éirigh leis an bPiarsach maolú ar a fhearg, ach mar sin féin, bhí sé meáite ar an Éirí Amach a chosc. I ndiaidh dó imeacht leis ó scoil an Phiarsaigh, chaith sé an oíche ar fad ag tiomáint timpeall na tíre, agus é ag tabhairt orduithe ó [[Eoin Mac Néill]] do cheannairí na nÓglach i [[Contae Luimnigh|Luimneach]], i g[[Contae Chorcaí|Corcaigh]], i g[[Contae Chiarraí|Ciarraí]], agus i d[[Contae Thiobraid Árann|Tiobraid Árann]] staonadh ón gcath. Mar sin, d'éirigh leis an tÉirí Amach a stopadh sa tír ar fad, ach amháin i m[[Baile Átha Cliath]] féin.
D'fhill sé abhaile agus chuala sé go rachadh an tÉirí Amach ar aghaidh ar aon chaoi, ar Luan na Cásca. D'ainneoin a chuid iarrachtaí an cheannairc a chur ar ceal, agus d'ainneoin a dhiantuairime go raibh an tÉirí Amach teipthe cibé scéal é, chuaigh se i dteagmháil leis na ceannairí - an Piarsach,
Le linn an Éirí Amach, bhí sé ag troid in [[Ard-Oifig an Phoist]], ach ó bhí sé feargach leis na ceannairí i gcónaí, d'fhan sé an chuid ba mhó den am thuas an staighre, le nach gcaithfeadh sé a bheith i dteagmháil leo siúd.
|