An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 44:
|fonótaí=(1) Go nuige seo, ní aithníonn Albain aon amhrán náisiúnta oifigiúil amháin. I gcaitheamh na blianta, bhaintí úsáid an amhráin náisiúnta as amhráin tírgráúla éagsúla, ina measc ''[[The Flower of Scotland|Flower of Scotland]]'', ''[[Scotland the Brave]]'' agus ''[[Scots Wha Hae]]''. Sna 1990idí, chuir ceann de phríomhnuachtáin táblóideacha na tíre suirbhé ar bun le cinneadh ar cén t-amhrán ba chóir a cheapadh mar amhrán náisiúnta. Bhuaigh ''Flower of Scotland'', agus baintear feidhm as anois mar amhrán náisiúnta ''de facto'' ar chruinnithe idirnáisiúnta spóirt, cé go bhfuil daoine ann a déarfadh nach bhfuil aon tús áite aige ar na hamhráin eile.
}}
Is tír í '''AlbainAlba''' (i n[[Gaeilge na hAlban]] ''Alba''; sa [[An Béarla|Sacs-Bhéarla]] agus i m[[An Albainis|Béarla Gallda]], ''Scotland'') a bhíodh ina ríocht neamhspleách tráth in iarthuaisceart na h[[an Eoraip|Eorpa]], agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin as a bhfuil an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] comhdhéanta. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na [[an Bhreatain|Breataine]].
 
Ghlac AlbainAlba páirt in [[aontas pearsanta]] le [[Sasana]] sa bhliain [[1603]], nuair a deineadh [[Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire|Séamus I Shasana]] de [[Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire|Séamus VI na hAlban]]. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas [[1 Bealtaine]] [[1707]] le [[Acht an Aontais 1707]]. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar [[26 Márta|Márta 26]], [[1707]]. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig [[Ríocht na Breataine Móire]] ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i [[Westminster]], [[Londain]]. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éirinn, agus ón mbliain 1932 ar aghaidh is [[Tuaisceart Éireann]] a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. Sa bhliain [[1999]], beagnach 300 bliain tar éis di a bheith curtha ar ceal, vótáil pobal na hAlban chun [[parlaimint]] na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoi [[Acht Alban 1998]]. Tugadh cumhachtaí do [[Parlaimint na hAlban|Pharlaimint na hAlban]] an tír a riaradh i ngnéithe a bhaineann le hAlbain amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aici le cáin a ardú.
 
== Ainm ==
''Alba'' nó ''Albain'' a thugtar ar an tír i nGaeilge.
 
''Scoti'' a thugtaí ar na [[Gaeil]] i [[An Laidin|Laidin]] agus tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar chuid d'iarthar na hAlban, agus nuair a tháinig tionchar na nGael i gceannas ar an tír, ghlac siad an ainm ''Scoti'', agus thug an Laidin ''Scotia'' uirthi, agus is uaidh sin a thagann an t-ainm 'Scotland' sa Bhéarla.
Líne 59:
== Tíreolaíocht ==
:''Féach freisin: [[Ceantair chomhairle na hAlban]]''
Is ar thuaisceart oileán na [[an Bhreatain|Breataine]] atá AlbainAlba; thar theorainn ó dheas uaithi tá Sasana. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, mar aon le roinnt grúpaí oileán, ar nós [[Inse Shealtainn|Sealtainn]], [[Inse Orc]] agus [[na hOileáin Siar]]. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo [[Na Garbhchríocha|Garbhchríocha na hAlban]] atá sléibhtiúil den chuid is mó, an Crios Lárnach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Lárnach a mhaireann formhór na ndaoine, agus is ann atá trí cinn de na sé cathracha atá sa tír, mar atá [[Dún Éideann]], [[Glaschú]], agus [[Sruighle]], mar aon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na cathracha sin, mar atá [[Obar Dheathain]] agus [[Dún Déagh]]. Fágann sin [[Inbhear Nis]], atá san áit a mbuaileann [[Abhainn Nis]] le [an Cuan Moireach|Cuan Moireach]], ar an scoilt idir Ardáin an Iarthuaiscirt agus na [[Am Monadh Ruadh|Cairn Gorma]].
 
Roinntear Albain i g[[contaetha na hAlban|contaetha traidisiúnta]], ach in [[1889]], nuair a cuireadh na [[Ceantair chomhairle na hAlban|comhairlí contae]] ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidiríní.