An difríocht idir athruithe ar: "Deargaistriú"

Content deleted Content added
m Robot: ro:Deplasare spre roșu is a featured article
m png > svg
Líne 1:
Is éard atá sa '''deargaistriú''' (nó iarmhairt Doppler), i gcás [[Solas|solais]] ó rinn spéire a bhíonn ag druidim amach ón [[An Domhan|Domhan]], ná athrú tonnfhaid a bhraitear mar dhathy dearg. Thaispeáin [[Edwin Hubble|Hubble]] gur chiallaigh an deargaistriú braite go raibh gach [[réaltra]] ag gluaiseacht amach uainn, agus go raibh deargaistriú níos mó i gceist i leith na réaltraí is faide amach uainn, de bhrí go bhfuil siad ag gluaiseacht níos tapa ná [[Réalta|réaltaí]] is gaire. Uaidh seo shaothraigh Hubble coincheap na [[An Chruinne|Cruinne]] forleathnaithe agus [[Ollphléasc|na hOllphléisce]].<ref>Hussey, Matt (2012). ''Fréamh an Eolais''. [[Coiscéim]]. “Deargaistriú”.</ref>
 
[[Íomhá:Redshift.pngsvg|thumb|upright|Línte ionsúcháin i speictream optach sárbhraisle réaltraí imigéiniúla (ar thaobh na láimhe deise) le hais línte ionsúcháin i speictream optach na Gréine (ar thaobh na láimhe clé).]]
 
I gcúrsaí fisice titeann deargaistriú amach nuair a thagann méadú ar [[tonnfhad|thonnfhad]] de réir a mar atá solas nó radaíocht leictreamaighnéadach eile ó rinn neimhe ag imeacht ón mbreathnóir. Aistrítear an solas nó an radaíocht go dtí an ceann dearg den speictream leictreamaighnéadach. Tríd is tríd, taispeánann an “deargadh” go bhfuil méadú ar thonnfhad, rud is ionann agus minicíocht níos ísle agus fuinneamh fótón níos laige, de réir theoiric thonnach agus theoiric chandamach an tsolais.