An difríocht idir athruithe ar: "Oileánra Svalbard"

Content deleted Content added
m Robot: af:Svalbard is a featured article
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 8:
 
Ba iad na sealgairí míolta móra ba túisce a thosaigh ag socrú síos sna hoileáin, ach ní dheachaigh siad ina gcónaí ansin ach go sealadach. Bhí sealgaireacht na míolta móra faoi lán an tseoil sa tseachtú agus san ochtú haois déag, ach ina dhiaidh sin, thréig lucht cleachta na ceirde seo an t-oileánra. Le teacht na fichiú haoise, thosaigh mianadóireacht an [[gual|ghuail]] i Svalbard, agus tháinig pobail seasta ar an bhfód sna hoileáin. Sa bhliain 1920, shínigh an Iorua, na [[Stáit Aontaithe]], [[an Danmhairg]], [[an Fhrainc]], [[an Iodáil]], [[an tSeapáin]], [[an Ísiltír]], agus [[an Ríocht Aontaithe]] conradh - Conradh Spitsbergen - le stádas idirnáisiúnta na n-oileán a shocrú. Is éard a deir an Conradh ná gur leis an Iorua an t-oileánra, ach gur limistéar démhíleataithe é Svalbard - níl cead isteach ag longa cogaidh, mar sin - agus go bhfuil leis na stáit seo go léir mianadóireacht ghuail a chleachtadh, chomh maith le hoibreacha eile a bhfuil leas eacnamaíoch iontu. Inniu, áfach, ní bhaineann ach an Iorua agus an Rúis (roimh an mbliain 1989, [[an tAontas Sóivéadach]], a shínigh an Conradh sa bhliain 1924) leas eacnamaíoch as na hoileáin. Chuaigh an Iorua in [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|Eagraíocht Chonartha an Atlantaigh Thuaidh]] (ECAT, nó NATO) i ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], ach mhair na Sóivéadaigh ag mianadóireacht leo sna hoileáin, le súil a choinneáil ar an áit agus lena chinntiú nach mbainfeadh fórsaí armtha de chuid ECAT leas as an oileánra mar bhunáit. Nuair a tháinig deireadh leis an g[[Cogadh Fuar]], áfach, chuaigh an pobal Rúiseach go mór i laghad. Inniu, is Rúiseach é duine as gach seisear. In Barentsburg atá cónaí ar an gcuid is mó de na Rúisigh.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
[[Catagóir:An Iorua|Svalbard]]