An difríocht idir athruithe ar: "An Limistéar Comhshlándála"

Content deleted Content added
m fixing dead links
Líne 3:
In Panmunjom a síníodh an conradh faoin sos cogaidh ar an 27 Iúil 1953, a chuir deireadh le Cogadh na Cóiré - go sealadach, ar fad. Ní conradh síochána é, agus mar sin, ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, níl an cogadh sin críochnaithe i gceart go fóill.
 
[[Íomhá:DMZ seen from the north, 2005.jpg|thumb|An Limistéar Comhshlándála]]
Thit eachtraí éagsúla amach sa Limistéar Comhshlándála i rith na mblianta. I ndiaidh an tsos cogaidh, d'fhill na cimí cogaidh abhaile agus iad ag trasnú na líne críochadóireachta tríd an "Droichead gan Filleadh" (Béarla: ''Bridge of No Return'', Cóiréis: ''돌아올 수 없는 다리/Doraol su eomneun dari''). Fuair an droichead a ainm faoin am seo. Is é an míniú ná go raibh cuid mhór de na saighdiúirí Tuaisceartacha ann arbh fhearr leo fanacht sa leath [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceánach]] den tír. Ag an droichead seo a fuair siad an fhaill dheireanach le dul go dtí an Chóiré Thuaidh; dá dtrasnóidís an líne críochadóireachta, ní fhéadfaidís filleadh go dtí an Deisceart.