An difríocht idir athruithe ar: "Cosslett Ó Cuinn"
Content deleted Content added
m Brocach moved page Coslett Ó Cuinn to Cosslett Ó Cuinn: ceartú ainm |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
Rugadh '''Cosslett Ó Cuinn''' ([[27 Feabhra]] [[1907]] - [[6 Nollaig]] [[1995]]) i n[[Doire Eachaidh]], [[Contae Aontroma]]. Ba é Charles Edward Quin, reachtaire Dhoire Achaidh, a athair agus ba í Edith Isobel Wadell a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige.
Bhí sé ar scoil i n[[Gráinseach na Morna]] i g[[Contae an Dúin]] ó 1916-20. Chuaigh sé go dtí Coláiste Campbell, [[Béal Feirste]] agus ina dhiaidh go dtí [[Coláiste na Tríonóide]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Fuair sé an chéim BD i 1940.
Cara leis sa Choláiste, Seoirse Mac Canna, a mhúscail a shuim sa Ghaeilge. Thug sé faoi staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge Uladh agus is minic a bhíodh sé in Oileán Ghabhla agus sna Doirí Beaga. D’fhoilsigh sé ailt in ''Éigse'' ar chaint Reachlainn agus ar shampla de Ghaeilge Chill Chainnigh.
Rinne deagánach de i 1931 agus é ag obair i mBéal Feirste agus in [[Inis Eoghain]]. Fuair sé béaloideas ó sheanchainteoirí dúchais agus bhailigh ábhar i d[[Toraigh]] agus in [[Árainn Mhór]]. Ó 1940 amach bhí postanna aige ina lán áiteanna ar fud na hÉireann, agus ceapadh é ina chanónach de chuid Ardeaglais Phádraig i 1966. D’éirigh sé as an ministreacht i 1971.
Ceapadh é ina ollamh le Gréigis an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide i 1961. D’aistrigh sé ''Tiomna Nua ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost'' i 1970. D’fhoilsigh sé dánta in ''[[Comhar]]'' agus foilsíodh dán fada leis, ''Slánú an tSalachair'', i 1978. D’aistrigh sé leagan Béarla de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ (''The Midnight Court: a New Translation'', 1982) agus de dhánta [[Seán Ó Ríordáin|Sheáin Uí Ríordáin]] (in ''The Pleasures of Gaelic Poetry'', Seán Mac Réamoinn,1982). D’aistríodh sé ábhar ó Spáinnis agus ó theangacha eile freisin.
==Tagairtí==
Ó Cuinn, Cosslett (1907–1995) in ''Ainm.ie'' [http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=1656]
''Tiomna Nua: ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Chríost''. Cumann Gaelach na hEaglaise i gcomhar leis an Hibernian Bible Society, 1970
{{DEFAULTSORT:Cuinn, Coslett O}}
|