An difríocht idir athruithe ar: "Crómasóm"
Content deleted Content added
m Robot: de:Chromosom is a featured article |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Crómasóm.JPEG|thumb|300px|Cur síos ar struchtúr an chrómasóim.]]
Is éard is '''crómasóm''' ann saghas pacáiste atá le fáil i gcealla agus aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ([[ADN]]) (DNA), próitéiní agus RNA ann. Déanann na próitéiní feidhmeanna ADN a rialú.
Tá faisnéis ghéiniteach an orgánaigh ionchódaithe san ADN crómasómach. Tá roinnt speiceas ann a bhfuil plasmaidí nó eilimintí géiniteacha eile iontu.
Bíonn éagsúlachtaí móra sna crómasóim idir orgánaigh éagsúla. Féadfaidh cruth ciorclach nó líneach a bheith ar mhóilín ADN, agus is féidir leis a bheith comhdhéanta de 100,000 go dtí os cionn 3750000000 [[núicléitíd]] i slabhra fada. De ghnáth, bíonn crómasóim líneacha móra sna cealla eocarótacha (cealla núicléatacha) agus bíonn crómasóim ciorclacha níos lú sna cealla prócarótacha (cealla gan núicléis sainithe), cé go mbíonn eisceachtaí go leor bainteach leis an riail seo. Chomh maith leis sin, is féidir go mbeadh cealla ann le níos mó ná cineál amháin crómasóim; mar shampla, bíonn a chrómasóim beaga féin ag miteacoindrí sna chuid is mó de na eocaróit agus na clóraplaist phlandaí.▼
▲
Sna heocaróit
▲Sna heocaróit, bíonn próitéiní freagrach as na crómasóim núicléacha a phacáistiú, i struchtúr comhdhlúite ar a dtugtar [[crómaitin]].
Ligeann sé seo dos na móilíní an-fhada ADN a bheith feistithe istigh sa chill-núicléas. Ní hionann struchtúr na gcrómasóm agus na cromatine i rith an [[timthriall cille|timthrialla chille]]. Is iad na crómasóim na haonaid riachtanacha i gcomhair na cilldeighilte, agus caithfidh siad bheith macasamhlaithe, roinnte agus curtha ar aghaidh, go rathúil, chuig a gcuid mac-cheall, ionas go gcinnteofar an éagsúlacht ghéiniteach agus go mairfí a sleachta. Is féidir crómasóim a bheith ann i riocht dhúbailte nó dídhúbailte. Is i bhfoirm snáitheanna líneacha amháin a bhíonn na crómasóim dídhúbailte, cé go mbíonn dhá chóip chomhionanna (ar a dtugtar [[crómaitid|crómaitidí]]) nasctha ag [[ceintrimír]] sna crómasóim dhúbailte.
[[Íomhá:Chromosome.svg|thumb|300px|.]]
De thoradh ar dlúthú na gcrómasóm dídhúbailte le linn [[miotóis]]e agus [[méóis]]e a fhaightear an struchtúr clasaiceach 'ceithre ghéag' (sa phictiúr ar dheis). Imríonn an athchuingir chrómasómach ról ríthábhachtach san éagsúlacht ghéiniteach. Má tá na struchtúir ionramháilte go mícheart, trí phróisis ar a dtugtar éagobhsaíocht chrómasómach agus trasghluaiseacht chrómasómach, féadfaidh an chill catastróf mhiotóiseach a fhulaingt agus bás a fháil, nó d'fhéadfadh sé, gan choinne, an [[apaptóis]] a seachaint, lena dtagtar dul chun cinn na [[ailse|hailse]].
|