An difríocht idir athruithe ar: "Mars (pláinéad)"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Ag baint Mars.jpg amach, agus ag chur Mars_Hubble.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón Cómhaoin mar: Duplicate: Exact o
Líne 1:
[[Íomhá:Mars Hubble.jpg|thumb|280px|Mars le caidhpeanna polacha]]
Is é '''Mars''' (uaireanta '''Máirt''') an ceathrú [[pláinéad]] ón ngrian sa [[ghrianchóras]]. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is gnách "an pláinéad dearg" a thabhairt ar Mhars. Bheadh sé chomh maith againn "an pláinéad rua" a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le [[H. G. Wells]] nó [[Edgar Rice Burroughs]], is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás.