An difríocht idir athruithe ar: "Carón"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:
Is é '''Carón''' an ceann is mó den trí shatailít nádúrtha atá ag [[Plútón (abhacphláinéad)|Plútón]]. Is féidir dearcadh ar Charón mar ghealach, ach le fírinne, bheadh sé níos cruinne a rá gur córas dhá [[abhacphláinéad|abhacphláinéad]] iad Carón agus Plútón, agus iad ag timpeallú mheáchanlár (nó [[baralár]]) an chórais. Tá an lárphointe sin suite in aice le Plútón, taobh amuigh de. Ar mhaithe leis an gcomparáid, is fíor nach bhfuil an [[An Ghealach|Ghealach]] s'againn féin ag timpeallú an Domhain ach oiread, ach meáchanlár ár gcórais-ne, ach tá an meáchanlár sin suite glan taobh istigh den Domhan. Tá Plútón agus Carón ag dul timpeall an mheáchanláir go sioncrónach, is é sin, tá glas imtharraingteach acu ar a chéile, agus iad ag drannadh na haghaidhe céanna le chéile an t-am ar fad.
|