An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Cúirteanna"

Content deleted Content added
→‎Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh Cathartha: Added Cathartha (Civil), focal atá riachtanach sa chomhthéacs.
clib: Mobile edit Mobile web edit
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 4:
== Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh Cathartha ==
 
Bhí na Ceithre Cúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus arís eile sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain [[1922]], áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh an Cogadh Cathartha, go bunúsach.
 
Nó nuair a tháinig scoilt ar [[Óglaigh na hÉireann]] i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], shealbhaigh [[Ruairí Ó Conchúir]] agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Bhí [[Seán Lemass]], a bhí ina [[Thaoiseach]] sna [[1960í]], ar duine de na hÓglaigh seo. Sa deireadh, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag [[Mícheál Ó Coileáin]] ach an áit a ionsaí le ruaigeadh a chur ar na frith-Chonraitheoirí. Scriosadh an foirgneamh stairiúil faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán. Bhí sé ina ábhar conspóide ar feadh i bhfad, an raibh na frith-chonraitheoirí tar éis buamaí bobghaiste a fhágáil sa chartlann d'aon ogham. Dhiúltaigh siad don líomhain seo, áfach, agus iad ag áitiú nach bobghaiste a bhí ann, ach a gcuid [[muinisean|lón cogaidh]]. Is fíor go raibh siad ag baint úsáide as an gcartlann mar stóras muinisin, ach ní raibh mianaigh d'aon chineál curtha ansin. Mar sin, madhmadh an muinisean de thimpiste le linn na gcathanna.