An difríocht idir athruithe ar: "Teuvo Tulio"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 4 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q3113350 (translate me) |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Teuvo Tulio.jpg|thumb|right|Teuvo Tulio]]
Roimh an gcogadh,
==Tús a Shaoil==
Saolaíodh Teodor Tugai sa bhliain 1912 do thuismitheoirí a raibh fréamha acu sa Tuirc, sa Pheirs, sa Pholainn agus sa Laitvia ar an traein ó Ríge go Cathair Pheadair. Helena Garschin ab ainm dá máthair, agus í ina cailín clúiteach bailé. D'fhás Teodor óg aníos faoin tuath sa Laitvia, go dtí gur aistrigh sé go Katajanokka i Heilsincí in éineacht lena mháthair sa bhliain 1922. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, d'éirigh sé cairdiúil le buachaill a bhí trí bliana ní ba shine, Valentin Vaala, a bhí le héifeacht a dhéanamh i saol na scannánaíochta chomh maith. Bhí an bheirt buachaillí ag freastal ar an scoil chéanna, Scoil Rúisise Tabunov, agus ina dhiaidh sin chuaigh Tugai ag foghlaim i Scoil Ghearmánach Heilsincí.
▲Roimh an gcogadh, b'iad na méaldrámaí tuaithe a thuill a chlú dó, ach ina dhiaidh sin, chrom sé ar chur síos a thabhairt ar shaol na cathrach. Bhí saol drabhlásach, peacúil na cathrach ina théama tábhachtach sna scannáin seo, agus laoch tipiciúil ab ea í an cailín macánta ón tuath a chuaigh le meirdreachas sa chathair mhór. Bhí na téamaí seo oiriúnach go maith don stíl dhrámatúil scannánaíochta a bhí ag Tulio, ach san am céanna, is léir go raibh deacrachtaí go minic aige le cinsireacht na scannán. Shíltí, freisin, go ndeachaigh sé thar fóir, ó thaobh na gcúrsaí craicinn de, sa dá scannán deireanacha a rinne sé, mar atá, ''Se alkoi omenasta'' ([[1962]]) agus ''Sensuela'' ([[1972]]). Cuireadh pornagrafaíocht i leith ''Sensuela'', ach go háirithe.
== Saothair ==
|