An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
== Lenny Murphy - an Ceannaire ==
 
B'é Lenny Murphy ceannaire na mBúistéirí. Tháinig sé chun saoil i mBéal Feirste ar an [[2 Márta]] [1952]], agus is é an t-ainm a baisteadh air ná Hugh Leonard Thompson Murphy. Bhí an sloinne Gaelach sin Murphy ag cur isteach ar na comharsana, ó chreid siad gur Caitlicigh faoi cheilt ab ea iad muintir Mhurphy. Is iomaí uirísliú a d'fhulaing a gclann ar scoil agus i measc lucht a gcomhaoise de dheasca an tsloinne. De thoradh na ráflaí faoi [[Caitliceachas|Chaitliceachas]] an teaghlaigh, freisin, sheachnaíodh tuismitheoirí Lenny cuideachta na gcomharsan, rud nach ndearna ach tuilleadh caidéise agus drochamhrais a tharraingt.
 
Ar scoil dó, d'iompaigh Lenny amach ina dhrochscoláire, ach san am céanna, d'éirigh sé sciliúil ag ionramháil daoine. Bhí sé ábalta a dhíoltas a agairt orthu siúd a bhí ag spochadh faoina shloinne, ó bhí drong de mhaistíní móra earcaithe aige le hé a chosaint. Ag fás anuas dó, chuaigh sé le mionghadaíocht agus le hógchiontóireacht eile, agus tharraing sé súil na bpéas air féin.
 
I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, thosaigh Lenny ag dul timpeall na dtithe tábhairne, agus fuair sé aithne ar amhais mhóra ón tSeanchill, fir den chineál a bhí díreach ag bunú dronga Protastúnacha sceimhlitheoireachta. Nuair a thosaigh na scliúchais sráide idir na [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] agus na Caitlicigh, agus na Protastúnaigh ag ionsaí cheantar Caitliceach na bhFál i Mí Lúnasa [[1969]], ghlac Lenny páirt sna himeachtaí go díograiseach. I ndiaidh na bulaíochta a thuill a shloinne Gaelach dó i rith bhlianta a chéad óige, theastaigh uaidh a léiriú don tsaol mhór gur Protastúnach go smior a bhí ann, agus b'é an dóigh ab fhearr le sin a dhéanamh ná na Caitlicigh a ghéarleanúint.
 
== Bunú na Droinge ==
Líne 28:
=== Misean Murdair William Pavis agus Príosúnú Mhurphy ===
 
Faoin am seo, rinneadh cúpla dúnmharú eile sa cheantar a raibh an chuma chéanna orthu. Níor ciontaíodh aon duine sna coireanna seo riamh, ach tá sé dealraitheach go leor go raibh páirt ag Lenny Murphy sna dúnmharuithe seo. Misean paraimíleatach a tharraing súil na bpéas air. Is é an duine a bhí le marú an iarracht sin ná William Pavis, Protastúnach a bhí sa phríosún toisc gur dhíol sé airm thine le sagart Caitliceach faoi choim. Seanchairde ab ea iad Pavis agus an sagart, agus iad ag dul ag sealgaireacht in éineacht. Cairdeas pearsanta a bhí ann a thosaigh roimh laethanta na dTrioblóidí. Is é an tuiscint a bhain na Dílseoirí as seo, áfach, gur díoltóir gunnaí a bhí i bPavis agus gnóthaí aige leis an [[IRA]]. Mar sin, chinn an tUVF ar é a mharú. I Mí Mheán Fómhair [[1972]], d'fhág sé Príosún Bhóthar Chroimghlinne ar a onóir, agus ar an lá deireanach sula bhfillfeadh sé go dtí an príosún, mharaigh Murphy agus Dílseoir eile, Mervyn Connor, é. Ní dhearnadh sceanairt de an iarracht seo: scaoil Murphy urchar sa chloigeann, agus as go brách leis agus lena chomhchoirpeoir.
 
Cúpla mí ina dhiaidh sin, gabhadh Murphy agus Connor, agus rinneadh príosúnaigh díobh. D'aithin na húdaráis gurbh é Murphy an bithiúnach ba mhó acu, agus gurbh é leas an phobail ar fad é Murphy a choinneáil istigh. Thosaigh siad ag margáil le Connor, a bhí an-scanraithe ag Murphy, iompú ina fhinné stáit agus cruthú in aghaidh Mhurphy. Fuair Murphy amach faoi seo, áfach, agus d'imeaglaigh sé Connor chun an milleán a ghlacadh air féin. Ina dhiaidh sin, mharaigh sé Connor. Ní raibh na húdaráis ábalta Murphy a chiontú i ndúnmharú Pavis, agus mar sin, b'éigean scaoileadh saor leis sa deireadh. Coinníodh sa charcair ar feadh tamaill é, áfach, mar phionós as na hiarrachtaí a rinne sé éalú as an bpríosún nuair nach raibh an fiosrú críochnaithe go fóill.
Líne 36:
Ar an [[13 Bealtaine]] [[1975]], d'fhág Murphy príosún [[An Cheis Fhada|na Ceise Fada]]. San am seo, tháinig scoilt idir na sean-Dílseoirí a bhí fanta sa bhraighdeanas agus na sceimhlitheoirí óga a bhí taobh amuigh. Faoi thionchar [[Sóisialachas|an tSóisialachais]] agus na smaointeoireachta nua-aoisí eile a bhí ag éirí coitianta i measc na bPoblachtánach, d'fhéach lucht na carcrach - daoine cosúil le Gusty Spence - le hidé-eolaíocht chasta pholaitiúil a fhorbairt do ghluaiseacht na nDílseoirí. Ní raibh mórán suime ag na fir óga amuigh i dteoiricí na gcrannlaochra, nó ní dheachaigh siad sna Dílseoirí ar lorg ceachtanna polaitiúla, ach ar lorg sceitimíní na gleice armtha. Fir ab ea iad seo a d'fhear fíorchaoin fáilte roimh Lenny Murphy nuair a d'fhill sé ar an tSeanchill, ó b'eisean an cineál ceannaire a bhí ag teastáil uathu. Bhíodh sé ag gnáthú an ''Brown Bear'', teach tábhairne i [[Bóthar na Seanchille|mBóthar na Seanchille]], agus ba ghnách le muintir an cheantair tagairt dá dhrong mar "lucht an ''Brown Bear''". Ón tús, bhí iompairc agus iomaíocht áirithe le haithint idir lucht an ''Brown Bear'' agus iad siúd a thagadh le chéile sa ''Windsor Bar'', píosa éigin bealaigh ar shiúl ón ''Brown Bear''.
 
B'iad Basher agus Big Sam a chabhraigh le Lenny baicle dá chuid féin a bhailiú timpeall air féin. D'éirigh le coirpeoir óg eile, fear darbh ainm William Moore, mórtachas maith a dhéanamh le Lenny. Fear údarásúil ab ea é Lenny mar a chonacthas dó é, fear a raibh staidiúir an oifigigh agus an fhíorshaighdiúra air, agus chuaigh sé go mór mór i gcion ar Moore. Cé go raibh taifead coiriúil aige ón mbliain [[1966]] anuas, ní raibh na péas in ann gníomhaíocht pharaimíleata a shamhlú leis. Thairis sin, bhí sé ag obair ina thiománaí tacsaí - ceann de na [[Tacsaithe Dubha Bhéal Feirste|tacsaithe dubha]] - agus é ina bhall de chumann tiománaithe tacsaí na Seanchille.
 
I Meán Fómhair [[1975]], bhí Lenny tar éis an oiread fear a fhruiliú agus go raibh a dhrong inchomórtais le muintir an ''Windsor Bar''. Thairis sin, nuair a bhí baicle láidir dá chuid féin aige, d'fhéadfadh sé a chuid dúnmharuithe agus coireanna eile a dhéanamh beag beann ar lucht ceannais an UVF. Bhí fiche fear ann anois, agus iad ina mionchoirpigh agus ina n-ógchiontóirí, an chuid ba mhó acu. Bhí fuath na ndaol acu do na Caitlicigh, agus iad sochomhairleach go leor, má bhí duine chomh dásachtach le Murphy i gceannas orthu.
 
=== An tIonsaí ar an Siopa Biotáille ===
 
Ar an [[2 Deireadh Fómhair]] [[1975]], d'ionsaigh ceathrar fear den drong - Lenny féin, Moore, fear darbh ainm William Arlow Green agus a dheartháir siúd Thomas Noel Green siopa biotáille a bhí suite idir na Fáil agus an tSeanchill. Nuair a bhí a chuid fear ag bagairt a gcuid gunnaí ar fhoireann an tsiopa, bhí Lenny ag éileamh airgid agus ag siortú na háite go léir ag iarraidh teacht ar chiste an tsiopa. Ní raibh airgead le fáil san áit, agus mharaigh Murphy agus a chuid fear beirt bhan meánaosta agus beirt fhear óg a bhí ag obair ansin: Frances Donnelly agus Marie McGrattan, ar deirfiúracha iad, chomh maith le Gerard Grogan agus Thomas Osborne. Bhí siombailí Caitliceacha le feiceáil timpeall na háite, agus an ceathrar acu ina gCaitlicigh fosta. B'é Thomas Osborne an t-aon duine acu nach bhfuair bás ar an toirt, ach goineadh go tromchúiseach é, agus shíothlaigh sé san ospidéal i gceann trí seachtaine eile.
 
Rug na péas ar Noel agus William Green, agus cuireadh ceastóireacht ar an mbeirt deartháireacha, ach níor baineadh oiread is focal astu faoi ról Murphy agus Moore sna himeachtaí. Is é an scéal a d'inis William do na péas nach raibh i gceist ach gnáthrobáil a ndearnadh praiseach di agus gur maraíodh foireann an tsiopa de thaisme. Le fírinne, áfach, ba léir do na péas cheana féin go raibh cuma an mhurdair sheictigh ar an iomlán. Sa deireadh, phléadáil na deartháireacha ciontach, agus cuireadh sa phríosún iad. Bhí siad chomh scanraithe roimh Murphy agus nach rithfeadh leo sceitheadh air. Mar sin, tháinig na fíorbhithiúnaigh - Murphy agus Moore - slán.
Líne 50:
Bhí baint éigin, dá laghad í, ag imeachtaí an tsiopa biotáille le hoibríochtaí an [[UVF]]. Ina dhiaidh sin, áfach, chrom an drong ar na dúnmharuithe búitséireachta beag beann ar lucht ceannais na bparaimíleatach. Bhí an tUVF díreach ag iarraidh cuma ní ba saighdiúrtha, ní ba mhíleata a chur orthu féin, agus lucht ceannais an ghrúpa ag lochtú na n-"eilimintí coiriúla" a bhí ag baint a n-úsáide féin as ainm an UVF.
 
B'é ba spreagadh don chéad mhurdar búitséireachta ná an dóigh ar dúnmharaíodh ceathrar saighdiúirí óga Briotanacha in Ard Mhacha Theas san oíche idir an 23ú agus an [[24 Samhain|24ú Samhain]] [[1975]]. Thug an ''Belfast News Letter'' an-chur síos ar an eachtra, agus nuair a casadh Lenny Murphy agus a chuid cairde ar a chéile an chéad uair eile, thug siad an leabhar go n-agróidís díoltas ar an bpobal Caitliceach. Le teacht an tráthnóna, thosaigh an drong ag pleanáil an mhurdair. Bhí Lenny den bharúil nár chóir airm thine a úsáid. Ina n-áit siúd, thug Moore leis sceana búistéireachta ón seamlas, agus bhí an ceann feadhna breá sásta leo. I ndiaidh an tráthnóna agus tús na hoíche a chaitheamh i mbun ólacháin, chuaigh Lenny Murphy, Moore, Archie Waller agus Benjamin "Pretty Boy" Edwards ar bhord tacsaí, agus iad ag dul ar stádar ó Bhóthar na Seanchille trasna Bhóthar Chroimghlinne síos Bóthar Aontroma a fhad le Sráid Clifton. Thóg siad aicearra ar ais ansin.
 
Tamall roimh a haon a chlog istoíche, chuir Murphy agus a chairde sonrú i bhfear a bhí ag déanamh a bhealaigh síos Sráid na Leabharlainne i dtreo an Aibhinne Ríoga. Francis Crossan a bhí ar an bhfear, agus Caitliceach a bhí ann. Thug siad Crossan go dtí an tSeanchill agus iad ag tabhairt greidimíní dó, agus ansin, chinn Lenny go raibh sé in am an fear a mharú. Chaith sé tamall ag gearradh giotaí de mhuineál Chrossan leis an scian mhór búitséireachta a fuair sé ó Moore, go dtí go raibh cloigeann an íobartaigh ar tí titim dá ghuaillí. D'fhág Murphy agus a lucht leanúna corpán Chrossan ina luí i Sráid Wimbledon, áit ar tháinig muintir na comharsanachta air an lá arna mhárach.
Líne 68:
=== Díoltas as Dúnmharú na bPéas ===
 
Ar an [[6 Feabhra]] [[1976]], mharaigh na Sealadaigh beirt phéas de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh. Cé nach raibh mórán grá ag Lenny Murphy do na péas, bhí sé den tuairim gur ionsaí a bhí ann ar a phobal féin - tar éis an tsaoil, ba Phrotastúnaigh iad formhór mór na bpéas - agus chinn sé ar dhíoltas a imirt ar na Caitlicigh as a raibh déanta ag na Sealadaigh. Mar sin, chuaigh siad ar lorg creiche, agus tháinig siad ar Thomas Joseph Quinn, fear beag scothaosta a bhí ag dul le druncaeireacht ó cailleadh a bhean chéile cúpla bliain roimhe sin. Phioc siad suas é, thug siad greidimíní dó agus d'iompair siad i dtacsaí Moore é go dtí an áit ar maraíodh é. Rinne Murphy sceanach gránna ar mhuineál Quinn, agus ansin, dumpáladh an corpán. An lá arna mhárach, an 7 Feabhra, ghlaoigh duine den drong ar iriseoir de chuid an ''Sunday News'' ar an teileafón, agus é ag áitiú go raibh sé ag labhairt thar cionn grúpa sceimhlitheoireachta a dtugadh ''Ulster Young Militants'' ("Ógánaigh Chathacha Uladh" as Gaeilge, b'fhéidir) air féin, agus go raibh na "hógánaigh chathacha" tar éis "saighdiúir de chuid an IRA" a mharú. B'ó Murphy a tháinig an glao seo, ach b'é an t-aon ainm a thug an scairteoir air féin ná ''Major Long''.
 
=== An tIonsaí ar an Leoraí ===
Líne 74:
San am céanna, bhí plean ní b'fhadálaí idir lámhaibh ag Murphy. Bhí deichniúr fear oibre Protastúnach maraithe ag na Sealadaigh i Mí Eanáir, agus Murphy meáite ar sluamharú a dhéanamh ar Chaitlicigh mar dhíoltas. Bhí Murphy tar éis leoraí a thabhairt faoi deara ag iompar fir oibre Chaitliceacha go tráthrialta trí cheantar na Seanchille, mar a bhí tuigthe aige. Scéal eile, áfach, nach Caitlicigh amháin a bhí i gceist.
 
Shocraigh Murphy gurbh é an áit ab fhearr leis an leoraí a ionsaí ná bothóg nuachtán a dtugadh muintir an cheantair Tigh Adair uirthi, i gcúinne Shráid Cambrai agus Bhóthar na Seanchille. B'é an lá a roghnaigh sé don ionsaí ná an Luan, an [[9 Feabhra]] [[1976]]. Bhí an sluamharú pleanáilte go cruinn aige, ach níor bhac sé le cuimhne a choinneáil ar aghaidheanna na bhfear a bhíodh an leoraí a iompar. Dá mbacfadh, d'aithneodh sé nárbh iad na Caitlicigh a fuair sé roimhe Dé Luain, ach foireann eile ar fad d'fhir oibre - agus iad ina bProtastúnaigh. Ábhar imní ab ea é do na Caitlicigh an turas a chur díobh tríd an gceantar Protastúnach gach lá, agus mar sin, d'éirigh siad as an mbealach seo a úsáid idir an dá linn. Mar a thaispeáin imeachtaí an Luain, bhí cúis thar a bheith maith acu leis an gcinneadh sin.
 
Fuair Lenny Murphy agus triúr eile de na búistéirí - Moore agus "Basher" Bates ina measc - fomheaisínghunna agus raidhfil ó na paraimíleataigh, agus ansin, ghoid Murphy gluaisteán le haghaidh an ionsaí. Chuaigh na fir ar bhord an ghluaisteáin ghoidte - Ford Cortina a bhí ann - agus thiomáin Murphy a fhad le tigh Adair, áit ar stad siad le fanacht le leoraí na bhfear oibre. Tháinig an leoraí go pointeáilte, pháirceáil an tiománaí í agus chuaigh sé isteach ag ceannach nuachtán an lae. Nuair a tháinig Henry McClelland, an tiománaí, amach as siopa na nuachtán, chonaic sé go raibh ceathrar fear ag smúrthacht timpeall na leoraí a raibh púicíní orthu, agus airm throma thine leo. Tuigeadh do McClelland gur sceimhlitheoirí Protastúnacha a bhí aige anseo, agus scairt sé orthu: ''Protastúnaigh iad go léir'', ag tagairt do phaisinéirí na leoraí.
Líne 84:
=== Dúnmharú Francis Rice ===
 
Fear oibre dífhostaithe ab ea é Francis Dominic Rice a thagadh go minic go club Caitliceach ar imeall lár na cathrach. Bhí sé ceithre bliana fichead d'aois. Ag a haon a chlog i ndiaidh an mheán oíche, ar an 27ú[[27 Feabhra]] [[1976]], bhí sé díreach ag filleadh ón gclub, nuair a casadh Lenny Murphy agus triúr eile de na Búistéirí - Moore agus "Basher" ina measc - air agus iad ag tiomáint timpeall ar an tacsaí ar lorg Caitlicigh. Bhí beirt bhan óg ar bhord an tacsaí acu chomh maith. Rinne Murphy corpchuardach ar Rice agus tháinig sé ar chárta ballraíochta an chlub Chaitlicigh. Bhí an scéal socraithe leis sin, agus an bás daite do Rice. Mar ba nós leis na Búitséirí faoin am seo, fuair sé greidimíní agus leadhbairt ar dtús, agus ina dhiaidh sin, thug na murdaróirí go dtí cúlshráid bheag é le hé a mharú. Thosaigh Murphy ag gearradh an mhuiníl de, slis i ndiaidh slise, agus nuair a bhuail lann na scine cnámh droma an íobartaigh, bhí an obair críochnaithe. D'éalaigh na Búistéirí leo ar an tacsaí agus d'fhág siad an corpán ina luí sa chúlsráid. Seanbhean a raibh cónaí uirthi sa chomharsanacht ba túisce a tháinig ar an gcorpán.
 
== An Chéad Bhotún a Rinne na Búistéirí ==
Líne 102:
=== Ródach Mór an ''Chlorane Bar'' ===
 
B'é an t-ionsaí ar an ''Chlorane Bar'' an chéad mhórchoir eile a rinne na Búistéirí. Teach tábhairne ab ea é an ''Chlorane Bar'' agus é suite ar thalamh neodrach idir ceantar na bhFál agus ceantar na Seanchille, rud a d'fhág go raibh daoine ón dá phobal ag gnáthú na háite. Teach dhá urlár a bhí ann le beár poiblí thíos an staighre agus tolglann thuas an staighre. Ar an [[5 Meitheamh]] [[1976]], tháinig ceathrar gunnadóirí isteach an doras agus iad ag scairteadh ar na custaiméirí Protastúnacha dul ar thaobh amháin agus ar na Caitlicigh dul ar thaobh eile. Ansin, thosaigh an mhurdaróireacht.
 
Maraíodh fear an tí, Caitliceach cnagaosta darbh ainm Jimmy Coyle, le hurchar a bhuail sa chroí é. Duine eile a fuair bás san ionsaí ab ea é Edward Farrell, seanchara le Coyle agus gnáthchustaiméir san áit. Lámhachadh sa droim é nuair a rinne sé iarracht na leithris a bhaint amach le dul ar foscadh i gceann acu. Daniel McNeill a bhí ar an tríú fear a maraíodh. Íorónta go leor, bhí na péas den tuairim go raibh baint éigin aige leis an UVF. Thairis sin, shíothlaigh Samuel Corr, fear meánaosta a bhí gonta go héag, sular tháinig na hotharcharranna. Protastúnach a bhí ann chomh maith. Fuair fear eile - John Martin - bás san ospidéal tar éis dhá sheachtain a chaitheamh ag éileamh. Goineadh daoine eile go tromchúiseach. Dealraíonn sé nach raibh na murdaróirí ábalta a néaróga féin a choinneáil faoi stiúir cheart, nó cé go ndearna siad iarracht gan dochar a dhéanamh d'aon duine dá bpobal féin, níorbh é lá an roghnachais lá an lámhaigh.
Líne 110:
=== Dúnmharú Cornelius Neeson ===
 
Ar an [[1 Lúnasa]] [[1976]], rith le Moore agus McAllister dúnmharú a dhéanamh as a stuaim féin, beag beann ar Murphy agus ar bhoic mhóra ghluaiseacht na nDílseoirí. Chuaigh siad ag iascach sna seanbhráití timpeall ar Bhóthar Cliftonville, agus ansin, tháinig siad ar fhear meánaosta darbh ainm Cornelius Neeson, agus é ag filleadh abhaile óna chuid oibre i gclub biongó. Ghabh McAllister de thua ar Neeson, agus nuair a thit Neeson as a sheasamh, thosaigh Moore ag tabhairt ciceanna sa chloigeann dó. D'fhág siad Neeson ina luí ar an tsráid agus é ag saothrú an bháis, agus chonaic gluaisteánaí éigin é ansin sula raibh sé básaithe. D'fhéach an gluaisteánaí chuige gur tugadh Neeson go dtí an t-ospidéal, ach shíothlaigh sé ansin. Bhí carr na gciontóirí feicthe ag an ngluaisteánaí, agus é in ann comharthaí sóirt McAllister a thabhairt do na péas, ach níor shamhlaigh aon duine an choir leis na Búistéirí ar dtús.
 
I rith na míonna i ndiaidh dhúnmharú Neeson, ní raibh na Búitséirí ach ag ól sa ''Brown Bear'' agus ag plé chruachás a gceannaire sa phríosún. Nuair a bhí Murphy tugtha go dtí [[an Cheis Fhada]], thosaigh sé ag tabhairt orduithe don drong faoi ainghníomhartha nua.
Líne 118:
Má fuair Murphy é féin i dtóin an phríosúin, níor maolaíodh ar dhrochobair na droinge. Nuair a tháinig duine de lucht a leanúna ar cuairt chuige an chéad uair ar an gCeis Fhada dó, dúirt sé leis an gcuairteoir gur theastaigh tuilleadh dúnmharuithe uaidh - dúnmharuithe a mbeadh lorg a láimhe féin orthu - le fiosrú na bpéas a chur ar strae. B'é Moore an duine a cheap Murphy mar cheann feadhna don bhaicle a fhad is a d'fhanfadh sé féin i mbraighdeanas. Bhí Moore an-dílis do Murphy, agus é chomh heolach ar theorainneacha an dá phobal sa chathair agus a bhí sé oilte ar cheird na dúnmharfóireachta i ndiaidh a phrintiseachta faoi Murphy. Thairis sin, bhí dúchas agus comhábhair an dúnmharfóra ann mar dhuine.
 
Stephen McCann a bhí ar an chéad íobartach eile. Fear óg a bhí ann agus é aon bhliain is fiche d'aois. Bhí sé i ndiaidh scíth cúpla bliain a ghlacadh ón scoil lena mharana a dhéanamh ar chúrsaí a shaoil, agus é ag tosú ag foghlaim léinn arís. Buachaill íogair a bhí ann a raibh na Trioblóidí ag déanamh cuid mhaith buartha dó. Bhí sé ag suirí le cailín óg darbh ainm Frances Tohill, agus iad ag caint faoi phósadh. Ar an [[30 Deireadh Fómhair]], [[1976]], cúpla uair an chloig i ndiaidh an mheán oíche, tháinig na Búistéirí trasna ar Stephen agus Frances a bhí díreach tar éis an oíche a chur díobh ag spaisteoireacht na sráideanna le chéile.
 
Sciob siad Stephen leo os comhair shúile a chailín, agus thug siad go dtí Sráid Brockmount é, áit ar fhág Moore an gluaisteán le dul ar lorg na scine móire i dteach duine den drong. Idir an dá linn, bhí na Búistéirí eile ag bualadh Stephen. Níor baineadh mórán úsáide as an scian leis an íobartach a chéasadh an turas seo, áfach, nó nuair a tháinig na fir go dtí an áit a raibh Stephen le marú, scaoil Moore urchar i gcloigeann an bhuachalla, agus bhí sé marbh ar an toirt. Ina dhiaidh sin, tugadh íde don chorpán leis an scian.
Líne 128:
=== An Clampar leis an UDA agus Dúnmharú Jim Moorehead ===
 
Go gairid i ndiaidh mharú Stephen McCann, bhí trioblóidí príobháideacha ag Sam McAllister le Cumann Cosanta Uladh (an tUDA). Ar an [[20 Nollaig]] [[1976]], mharaigh McAllister i dtroid fear óg darbh ainm Thomas Easton, a bhí ina óglach de chuid an Chumainn. Mar dhíoltas, shocraigh lucht an Chumainn McAllister a lámhach sa ghlúin. Ó bhí a bhean chéile ag iompar clainne, d'iarr sé ar lucht an Chumainn gan é a lámhach sa ghlúin ach sna lámha, agus an lámhach féin a chur ar fionraí go dtí go mbeadh an leanbh saolaithe. Bhí lucht an Chumainn sásta a achainí a dhéanamh, agus sa deireadh thiar thall, níor goineadh go róthromchúiseach é, ionas nach raibh a chuid cneánna ach tamall gairid ag bisiú.
 
Ar an lá deireanach de Mhí Eanáir [[1977]], thángthas trasna ar chorpán Jim Moorehead, fear tríocha bliain a bhí ina oifigeach de chuid an UDA. Bhí sé fágtha in aice le ceantar Caitliceach, ach b'iad na Búistéirí a mharaigh Moorehead. Dhá lá roimhe sin, d'fhág Moorehead Club Sóisialta Sráid Rumford le dul ar lorg Jim Craig, cara leis a bhí ina bhoc mór san UDA chomh maith. Bhuail sé isteach i gcúpla teach tábhairne, ach níor tháinig sé ar Craig. Scéal eile ar fad, áfach, go raibh Sam McAllister, Basher Bates, agus William Moore ag ól sa ''Windsor Bar'', agus nuair a chonaic siad Moorehead ag teacht isteach, chinn siad ar é a mharú. Níl a fhios ag aon duine fios fátha an dúnmharaithe seo. Dealraíonn sé nach raibh ann ach gur chuir cosúlacht Moorehead isteach ar an triúr, nó bhí craiceann cuíosach dorcha agus folt dubh gruaige aige, rud a d'fhág go raibh sé ag breathnú cosúil le coimhthíoch - is é an leasainm a bhí air ná an ''Nigger''. Maraíodh Moorehead istigh ar an leithreas, agus tugadh an ghnáthíde dá chorpán le scian. Ansin, d'ordaigh siad do na custaiméirí bailiú leo as an áit, ghlan siad na hiarsmaí fola a bhí fágtha sa leithreas, agus chaith siad an corpán amach faoin aer, taobh istigh de chúlchlós an tí. B'ansin a d'fhág siad thar oíche é, ach an lá arna mhárach, fuair siad amach go raibh óglach de chuid Chumann Cosanta Uladh maraithe acu. Ansin, tháinig deifir orthu fáil réitithe den chorpán.
 
Ó bhí clampar ag McAllister leis an UDA tamall roimh dhúnmharú Moorehead, d'fhéadfá a shíleadh gur díoltas a bhí i gceist leis an gcoir seo. De réir na ráiteas a bhreac na péas síos ó na Búistéirí ní ba deireanaí, áfach, ní raibh ann ach rud a rith leo, agus sin ar chúiseanna ciníochais thar aon rud eile.
Líne 154:
== Finné na Corónach ==
 
I Mí Bealtaine [[1977]], d'fhéach na Búistéirí le Gerard McLaverty, fear óg fiche bliain d'aois, a mharú ar an tseandóigh. Thug siad an-íde dó, ach sa deireadh thiar thall, tháinig sé as, beo ar éigean. Nuair a bhisigh sé an oiread agus go raibh cead ag na péas é a chur faoi agallamh, bhí sé in ann mionchur síos a thabhairt ar chomharthaí sóirt na bhfear a chéas é.
 
Thug na péas McLaverty timpeall na Seanchille i gcarr le go mbainfeadh sé lán a shúl as na fir gharbha ghairgeacha a bhí ag siúl na sráide. D'aithin an finné Sam McAllister agus Benny Edwards, beirt fhear a raibh aithne ag na péas orthu cheana féin. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh tascfhórsaí péas ag ardú William Moore, Sam McAllister, agus Benny Edwards leo. Ní bhfuair siad Edwards sa bhaile, ach ón taobh eile de, d'aimsigh siad ceárta iomlán de sceana búistéara i dteach McAllister.
Líne 178:
Bhí Murphy ag imeacht le haer an tsaoil, á thaispeáint féin i dtábhairní na Seanchille agus ag déanamh spallaíochta leis na girseacha, ó thréig a bhean chéile é le fada. Níor thaitin a chuid geáitsí le ceannairí an UVF, nó bhí siad den tuairim nárbh é seo an cineál íomhá a bhí ag teastáil ón eagraíocht. Cheannaigh Murphy carr gleoite galánta ó fhear darbh ainm Brian Smyth, iarsceimhlitheoir de chuid an UVF a chuaigh le díoltóireacht na ngluaisteán. Ní raibh Murphy sásta iomlán an phraghais a íoc le Smyth, agus nuair a thosaigh an díoltóir ag éileamh an fhuilligh ar an gcustaiméir, mharaigh Murphy é.
 
Ar an [[22 Deireadh Fómhair]] [[1982]], d'fhuadaigh an tIRA Tommy Cochrane, Protastúnach agus sáirsint in Arm na Breataine Móire. Le díoltas a agairt ar na Caitlicigh as an bhfuadach seo, chinn Murphy ar phríosúnach agus giall a dhéanamh de dhuine acu siúd. Mar sin, shealbhaigh seisean agus a chuid cairde tacsaí dubh den chineál a shamhlaítear le Béal Feirste. Ansin, chuaigh siad ag tiomáint timpeall na bhFál le súil is go dtiocfaidís trasna ar Chaitliceach a d'fhéadfaidís a chimiú leis an IRA a bhrú chun a shaoirse a ligean le Cochrane arís. Nó sin é an tsiocair a bhí ag Murphy. Le fírinne, ní raibh i gceist aige ach an t-íobartach a chéasadh is a mharú mar ba ghnách leis, mar gheall ar an sult saobh Sádach amháin.
 
Ar an 23ú Deireadh Fómhair, bhí Joseph Donegan, siúinéir dífhostaithe, amuigh ag déanamh aeir. Fear neamhpholaitiúil ar fad a bhí ann nach raibh baint ar bith aige leis na paraimíleataigh, agus é ag caitheamh a chuid ama ag imirt púil agus ag ól i gcuideachta a chuid cairde. Nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón bpub go gairid i ndiaidh an mheán oíche, ní raibh súil ná coinne aige leis go raibh tacsaí bréige ag cúrsáil na bhFál ar lorg Caitliceach le fuadach. Chroith sé lámh i dtreo an chéad tacsaí dhuibh a chonaic sé chuige, ach b'é an mí-ádh a bhí air ná gurbh é Murphy agus lucht a leanúna a bhí ag tiomáint an tacsaí. Chuaigh Donegan ar bord agus dúnadh doras an ghluaisteáin ina dhiaidh. Ansin, thug an tacsaí a haghaidh ar cheantar na bProtastúnach, agus nuair a thug, thosaigh Murphy ag oibriú a dhoirne is a chos ar an bpaisinéir.
Líne 194:
Mar sin, thit sé ar chrann na sceimhlitheoirí féin pionós a ghearradh do Murphy. Bhí an tUVF agus an tUDA ar aon fhocal go gcaithfeadh Murphy imeacht de dhroim an domhain. Bhí a chuid ainghníomhartha ag tarraingt na sluaite de phéas go dtí na plódcheantair Phrotastúnacha, agus iad ag smúrthacht timpeall is ag cur sonrú sna camghnóthaí a bhí idir lámhaibh ag na paraimíleataigh. An rud is annamh is iontach, bhí an tIRA agus an tINLA ag aontú leis na Dílseoirí air seo.
 
Ar an [[16 Samhain]] [[1982]], bhí Murphy díreach ag páirceáil a chairr ar chúl theach a bhanchara, nuair a stop veain ghorm in aice leis. Phreab beirt fhear as an veain agus gach duine acu ag aimsiú a phiostail féin ar Murphy. Criathraíodh cloigeann agus colainn an bhúistéara mhóir le piléir, agus bhí se marbh a thúisce is a thit sé as a sheasamh.
 
B'iad na Sealadaigh a ghlac orthu freagracht as marú Murphy. Mar sin féin, bíonn teoiricí éagsúla ag dul timpeall faoi chúlra a bháis. Is iomaí duine a chreideann go ndeachaigh na Dílseoirí is na Poblachtánaigh i gcomhar le chéile le Murphy a chur chun báis.