An difríocht idir athruithe ar: "An Fhionlainn"

Content deleted Content added
→‎Spórt: sonraí nua
→‎Spórt: íomhá
Líne 218:
 
===Spórt===
[[Íomhá:Olympiatuli 1952.jpg|175px|mionsamhail|deas|Paavo Nurmi ag cur tús le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1952]]
Is é [[pesäpallo]] cluiche náisiúnta na Fionlainne. Cluiche liathróide atá ann, agus é an-chosúil le [[daorchluiche]]. Ar na gcluichí is mó ó thaobh lucht féachana de ná [[haca oighir]], [[Lúthchleasaíocht|lúthchleasaíocht]], [[sciáil trastíre]], [[léimneach sciála]] agus [[Foirmle a hAon]]. Ni nach ionadh go bhfuil an-tóir ar spóirt gheimhridh go ginearálta.
 
Tá an-chuid bainte amach ag lúthchleasaithe na tíre - na reathaithe [[Hannes Kolehmainen]], [[Paavo Nurmi]], [[Ville Ritola]] agus [[Lasse Virén]]; na léimneoirí sciála [[Matti Nykänen]] agus [[Janne Ahonen]]; na sciálaithe trastíre [[Veikko Hakulinen]], [[Eero Mäntyranta]], Marja-Liisa Kirvesniemi agus [[Mika Myllylä]]; an [[rámhaíocht|rámhaí]] [[Pertti Karppinen]]; an gleacaí [[Heikki Savolainen]]; na himreoirí haca oighir [[Kimmo Timonen]], [[Jari Kurri]], [[Teemu Selänne]] agus [[Saku Koivu]] agus na sciálaithe Alpacha [[Kalle Palander]] agus [[Tanja Poutiainen]]. Chomh maith le sin, tá coirn idirnáisiúnta bainte amach sa [[scátáil fhíorach]].