An difríocht idir athruithe ar: "Peig Sayers"

Content deleted Content added
No edit summary
gramadach
Líne 1:
Seanchaí agus dírbheathaisnéisí Éireannach ab ea í '''Peig Sayers''' ([[1873]] - [[1958]]).
 
Tháinig Peig Sayers ar an saol i nDún Chaoin, baile beag i gContae g[[CiarraíContae Chiarraí]], [[Éire]]. Phós sí Pádraig Ó Gaoithín ón mBlascaod Mór, agus d'aistrigh sí ansin leis. Ní raibh léamh ná scríobh aici, ach seanchaí den scoth ab ea í. Ba dual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile. Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh ó Choimisiun Bealoideasa Eireann. Tá cáil uirthi de bharr a dírbheathaisnéise, ''Peig''. B'é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain 1936. Tá an leabhar ar bharr a theanga ag gach duine a thóg scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta.
 
Bhí Peig Sayers ina conaí ar an oileán go dtí an bhliain 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go dtí ospidéal [[An Daingean|an Daingin]]. Fuair sí bás ansin sa bhliain [[1958]], agus tá sí curtha i reilig Dhún Chaoin.