An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 72:
* [[Alex Attwood]] - [[Béal Feirste Thiar (toghlach Tionóil) | Béal Feirste Thiar]]
* [[Daniel McCrossan]] - [[Tír Eoghain Thiar (toghlach Tionóil) | Tír Eoghain Thiar]]
== Feidhmíocht Toghcháin ==
Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnach ia mó i dTuaisceart Éireann ó aimsir a bhunaithe go dtí tús an 21ú haois. Sa bhliain 1998, d'éirigh sé ina pháirtí is mó ar an iomlán ó thaobh vótaí faighte, an chéad uair (go dtí seo) a bhain páirtí náisiúnach é seo amach. Bhuaigh [[Sinn Féin]] níos mó suíocháin agus vótaí ná an PSDLO don chéad uair sa bhliain 2001 san Olltoghchán do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus sa bhliain 2003 san toghchán do [[Tionól Thuaisceart Éireann|Thionól Thuaisceart Éireann]]
 
Thosaigh an páirtí ag dul ar gcúl sna toghcháin nuair a scor [[John Hume]]. Níor sheas Hume sa bhliain 2004 sa toghchan do Pharlaimint na hEorpa agus theip ar an PSDLO an suíochán a choinneáil a bhí ag Hume ón bhliain 1979.
 
Bíonn roinnt den tuairim go bhfuil an PSDLO i dtús báire ina pháirtí ar son leasa na gCaitliceach meánaicme, le vótálaithe comhchruinnithe i gceantair thuaithe agus sna haicmí gairmiúla, seachas ina fheithicil ar son náisiúnachais na hÉireann. Diúltaíonn an PSDLO an argóint seo, ag cur in iúl go bhfuil a gcuid tacaíochta láidir i n[[Doire]] agus a mbua i n[[Béal Feirste Theas (Toghlach do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe)|Deisceart Bhéal Feirste]] sa toghchán 2005. Ina theannta sin, sa tréimhse roimh an olltoghchán do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe 2005, d'fhoilsigh siad cáipéis ina leagadh amach a bpleananna d'Éire aontaithe.
 
[[Image:Northern Ireland election seats 1997-2015.svg|800px]]
 
 
 
== Tagairtí ==
 
[[Catagóir:Polaitíocht na Ríochta Aontaithe]]