An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Tyuiop (plé | dréachtaí)
Líne 40:
Bhunaigh Mícheál Ó Coileáin agus [[Art Ó Gríofa]] rialtas sealadach le dul i mbun na gcumhachtaí a bhí na Sasanaigh le bronnadh ar Shaorstát nua Éireann. Ní raibh na frith-Chonraitheoirí, áfach, sásta urraim a thabhairt don rialtas seo. I Mí na Márta, 1922, d'fhógair Ard-Fheis na nÓglach go raibh an Dáil mídhleathach, ó bhí sí tar éis vóta a chaitheamh i bhfách leis an gConradh, agus nach dtabharfadh na hÓglaigh urraim feasta ach don choiste nua a cheap siad, mar atá, [[Feidhmeannas an Airm]]. B'é Feidhmeannas an Airm an t-aon rialtas dleathach a bheadh ann feasta, a mhaígh siad.
 
Ní raibh an Coileánach ná de Valera rófhonnmhar chun troid a chur ar a chéile, áfach. Bhunaigh an Coileánach Coiste Ath-Aontaithe an Airm leis na hÓglaigh a aontú arís, agus é ag áitiú ar lucht leanúna de Valera an chéad fheachtas olltoghchánaíochta sa Saorstát a chur in éineacht, le go bhféadfaí comhrialtas na náisiúnaithe go léir a chur ar bun i ndiaidh an toghcháin. Bhí sé ag iarraidh freisin ceannairí na bhfrith-Chonraitheoirí a bhréagadh chun comhoibrithe le geallúintí faoi bhunreacht Poblachtánach nach dtráchtfadh ar mhonarcacht na Breataine Móire ar aon nós. Ní ghlacfadh na Sasanaigh leis an gcineál sin bunreachta, áfach, agus iad ag bagairt ar an Saorstát imshuí iomlán trádála a chur ar Éirinn mura gcuirfí an Conradh i gcrích ina iomlán. B'éigean don Choileánach géilleadh dóibh, mar sin, agus bhí an t-athmhuintearas idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh caillte ansin.

== An toghchán, 18 Meitheamh 1922==
Fuair muintir na 26 chontae faill vóta a chaitheamh ar an [[18 Meitheamh]] [[1922]] chun a rá an nglacfaidís leis an gConradh nó nach nglacfadh. Mar sin, chuaigh dhá chineál [[Sinn Féin]] chuig na toghcháin ar an ochtú lá déag de Mhí Iúil 1922: iad siúd a bhí ag cur in aghaidh an Chonartha agus iad siúd a bhí ag taobhú leis an gConradh agus leis an Saorstát.

B'iad na páirtithe a bhí ag tacú leis an gConradh a bhain an toghchán go soiléir. Seo raibha naleanas Poblachtánaigh sásta leistorthaí an toradhtoghcháin<ref>Cowman, seo.Des - raibh'''Fianaise na deStaire cheartIml. ag3 an: tromlachGnéithe daonlathachde féinStair aan gcuid20ú vótaíhAois, aAr chaitheamhdTuiscint ar mhaithe leis an gcúisDomhan chontráilte,Nua-Aoiseach''' a(An mhaíghGúm de Valera.1991)</ref>:
Páirtithe ar thaobh an Chonartha – timpeall 486,000 vóta (239,193 do 'Sinn Féin ar son an Chonartha');
Páirtithe in éadan an Chonartha -133,864 vóta.
Fuair [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Páirtí an Lucht Oibre]] 132,570 vóta ach gan polasaí soiléir ar stádas Thuaisceart Éirean.
 
Ní raibh na Poblachtánaigh sásta leis an toradh. Ní raibh sé de cheart ag an tromlach daonlathach féin a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe leis an gcúis chontráilte, a mhaígh de Valera<ref>Is cosúil go ndúírt De Valera "the majority have no right to do wrong", luaite sa leabhar '''Ireland 1868–1966''', M.E. Collins, p. 297.</ref>.
 
Idir an dá linn, bhí an Coileánach agus a Rialtas Sealadach ag cur cuma agus caoi ar an Saorstát nua, agus iad ag féachaint le constáblacht agus arm ceart náisiúnta a chur in áit na nÓglach. Ós rud é, áfach, go raibh sé beartaithe ón tús go mbeadh na hÓglaigh ina ndúshraith d'fhórsaí armtha na hÉireann, b'acusan a fágadh an chuid ba mhó de bheairicí agus de threalamh cogaidh na Sasanach. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1922, bhí beairicí na tuaithe ag na frith-Chonraitheoirí, agus an Rialtas Sealadach fágtha i muinín [[Bhaile Átha Cliath]] agus cúpla dúnfort eile, ar nós an Longfoirt, ina raibh mórchuid na nÓglach áitiúil ag tacú leis an gConradh.