An difríocht idir athruithe ar: "Lev Kopelev"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 10 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q706829 (translate me)
mNo edit summary
Líne 12:
Scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea é '''Lev Zinovyevich Kopelev''' ([[9 Aibreán]] [[1912]] - [[18 Meitheamh]] [[1997]]). [[Giúdachas|Giúdach]] ab ea é, agus d'fhoghlaim sé an [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] ina bhuachaill óg dó, rud a chuidigh leis go mór nuair a chuaigh sé ag staidéar an léinn Ghearmánaigh san ollscoil i g[[Cív]] san [[An Úcráin|Úcráin]]. Bhí sé ina [[Cumannachas|Chumannach]] dhílis, agus nuair a d'ionsaigh [[an Ghearmáin]] [[an tAontas Sóivéadach]], chuaigh sé sna saighdiúirí. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é.
 
Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialaighsibhialtaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda, agus b'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúntachtapríosúnachta deich mbliana ar mo dhuine sna [[GULag|campaí géibhinn]].
 
Chaith sé an téarma agus corradh sna campaí, ach nuair a fuair Stalin bás, scaoileadh saor é. Fuair sé ar ais a chuid dintiúirídintiúir mar Chumannach i ndiaidh na hóráide faoi choireanna [[Iósaf Stailín|Stalin]] a thug [[Nicíte Cruistsiof|Khrushchev]] ag an bhfichiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Chrom sé ar ais ar a chuid oibre mar shaineolaí ar an léann Gearmánach, ach san am céanna, thosaigh sé ag cur suim i ngluaiseacht na n-easaontóirí agus ag tréigint an Chumannachais. Nuair a d'fhorghabh an tArm Sóivéadach an tSeicshlóvaic[[Poblacht na Seice]] sa bhliain [[1968]], rinne sé agóid ina aghaidh, agus caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach é.
 
Sa bhliain [[1981]], ruaigeadh Kopelev agus a bhean chéile as an Aontas Sóivéadach. Chuir siad futhúfúthu sa Ghearmáin Thiar, áit a raibh cairde agus lucht aitheantais acu. Sa Ghearmáin dó, rinne Kopelev a dhichealldhícheall le maolú ar na réamhbhreithiúnais a bhí ag muintir na tíre sin i leith na Rúise, agus é ag iarraidh athmhuintearas agus comhthuiscint a chothú idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh. In éineacht le [[Heinrich Böll]], d'fhoilsigh sé cuplacúpla leabhair comhrá, inar phléigh an bheirt acu na cuimhní cinn a bhí acu ón [[Dara Cogadh Domhanda]], a chuir ag lámhach a chéile iad.
 
Sa bhliain [[1989]], fuair Kopelev cead isteach sa [[An Rúis|Rúis]] arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, chuir an tír coimhthíos air, agus an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil i g[[Köln]].