An difríocht idir athruithe ar: "Suíomh Oidhreachta Domhanda"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 1:
Chuir Eagraíocht na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] [[UNESCO]] ar bun chun oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Aithníodh go raibh séadchomharthaí ann a bhí chomh luachmhar sin gur bhain siad le pobal an domhain uile, agus tugadh '''Suíomh Oidhreachta Domhanda''' ar shuíomh dá leithéid. Spreagadh UNESCO chun na hoibre seo nuair a cinneadh Damba ollmhór a thógáil ar an [[Níl]], abhainn mhór na hAfraice. Chruthófaí tascumar ollmhór uisce i ngleann [[Abu Simbel]] na hÉigipte, áit a raibh teampaill ársa. Bunaíodh feachtas idirnáisiúnta chun tochailt sheandálaíoch a dhéanamh sa cheantar i 1959, agus baineadh teampaill Abu Simbel agus Philae as a chéile chun iad a atógáil ar thalamh tirim. Chosain an feachtas timpeall US$80 milliún ag an am, agus rinne timpeall 50 tír maoiniú air.
 
As sin tháinig feachtais chosainte eile, sa [[An Veinéis|Veinéis]] mar shampla, cathair álainn Iodálach atá i mbaol a báite, sa Phacastáin agus san Indinéis, agus tá liosta fada ionad, idir cheantair leochaileacha nádúrtha agus suíomhanna cultúrtha, ainmnithe anois mar shuíomhanna oidhreachta domhanda.
 
In Éirinn tá Séadchomharthaí cheantar seandálaíoch na Bóinne, Sceilg Mhíchíl agus Clochán na bhFomórach ar an liosta oidhreachta. Tá ocht suíomh déag i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 38 sa Spáinn, agus os cionn dhá scór san [[Iodáil]]