An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 174:
Lárionad eile ab ea í Beirut sa Liobáin. Ós rud é go bhfuil an creideamh Críostaí sách coitianta i measc mhuintir dhúchasach na tíre sin, bhí intleachtóirí na Liobáine ní b'oscailte do thionchar an Iarthair ná an chuid eile de na hArabaigh. Scríbhneoirí Críostaí ón Liobáin a chuir tús le traidisiún na húrscéalaíochta Araibise, mar sin.
 
B'é Júirjí (nó Seoirse) Zaigheadán an chéad duine acu seo. Ar nós go leor intleachtóirí eile, d'aistrigh sé ón Liobáin go dtí an Éigipt chun leas a bhaint as an meon agus as an atmaisféar caoinfhulangthach a bhí cruthaithe thall ansin ag athbheochan Mhuhamad Ailí. (Is gá a chuimhneamh nach daoinídaoine comhaimseartha a bhí iontu; nó rugadh Zaigheadán sa bhliain 1861, agus Ailí trí bliana déag ag iompar na bhfód cheana féin.) Scríobhadh Zaigheadán úrscéalta stairiúla. Siúd is nach bhfuil mórán fiúntais iontu do léitheoirí an lae inniu, agus an dóigh ar chum sé iad go géar gasta ceann i ndiaidh a chéile gan mórán marana a dhéanamh ar an tslacht ná ar an tsnoiteacht liteartha, bhí an-ghal orthu ag lucht comhaimsire an údair. Thug Zaigheadán spreagadh do scoil iomlán úrscéalaithe.
 
Sna Stáit Aontaithe a chuaigh scríbhneoirí na scoile seo i mbun pinn an chéad uair, áit a raibh siad ar imirce le theacht slán ar shrianta polaitíochta a dtíre féin. Críostaithe ón Liobáin ab ea iad, nó an chuid ba mhó acu, cosúil le Zaigheadán. B'iad Kahlil Gibran (Jiobrán Chailíl Jiobrán) agus Mícheál Naimy (nó Míocha'éil Nú'aidheamá) an bheirt ba tábhachtaí de na scríbhneoirí seo. Scríobhadh Gibran as Béarla agus as Araibis, agus é ag cardáil téamaí Críostaí nó ábhair mhisticiúla reiligiúnda ar bhealach a tharraing súil na mílte léitheoirí Iartharacha ar a chuid saothar - ar a chuid saothair Bhéarla thar aon rud eile, ar ndóigh. Fuair Gibran bás sa bhliain 1931, agus tháinig scaipeadh ar an scoil scríbhneoirí ansin; ach cibé scéal é, bhí an-tionchar acu ar an saol liteartha ins na tíortha Arabacha féin.
Líne 180:
==== Filí an Nua-Chlasaiceachais ====
 
Faoin am céanna, bhí filí an nua-Chlasaiceachais ar nós Ahmad Seabhaqaí ón Éigipt agus an tIarácach Ma'ruf al Rúsaifí ag filleadh siar go bun ar thraidisiún na seanfhilíochta. NáisiúntóirNáisiúnaí Arabach ab ea é Seabhaqaí, ach b'fhearr le Rúsaifí éagóir na sochaí a lochtú ina chuid scríbhinní. Ina dhiaidh sin, tháinig an nua-aoiseachas féin isteach, nuair a bhunaigh Ahmad Zaicí Abú Seaidí Cumann Apolló san Éigipt sna tríochaidí.
 
==== Adonis ====
Líne 188:
==== Taha Husain ====
 
Maidir le forbairt an úrscéil sna tíortha Arabacha féin, i ndiaidh Zaigheadán agus Gibran, caithfidh muid Taha Husain a lua roimh aon duine eile. Fuair Taha Husain bás sa bhliain 1973 i ndiaidh cion fir, nó cion cuplacúpla fear, a dhéanamh ag tabhairt chultúr a thíre i gcrann: is féidir a mhaíomh nárbh é an prós cruthaitheach an chuid ba mhó de shaothar a shaoil. Mar sin féin, níl aon chaill ar a chuid saothar liteartha. Scríobh sé úrscéal dírbheathaisnéisiúil agus díolaim ghearrscéalta a bhí bunaithe ar shaol an Fháidhe, Muhamad.
 
==== Naguib Mahfouz ====
 
Ar ndóighe, ní mór tagairt a dhéanamh do Naguib Mahfouz (Najíb Mahfúz) a bhain amach [[Duais Nobel na Litríochta]] sa bhliain [[1988]]. Rugadh an scríbhneoir bisiúil seo sa bhliain 1911. Ar dtús, scríobh sé cúpla [[úrscéal stairiúil]], ach ansin chrom sé ar na scéalta móra a chumadh a thabhaigh a chlú dó: cur síos réadúil coscarthach atá iontu ar shaol na mbocht i gCaireo. Sna seascaidí a chuaigh sé a scríobh leabhair nua-aimseartha faoi chruachás phearsanta an duine aonair, úrscéalta a raibh blas an nua-aoiseachais Iartharaigh go mór orthu.
 
==== Emil Habibi ====