An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Sóivéadach"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
mNo edit summary |
||
Líne 23:
== Achoimre ==
Is iomaí duine a shíleann gur tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód a thúisce is a [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair|shealbhaigh]] [[Vlaidímír Leinín|Vlaidímír Léinín]] agus na [[Boilséivigh]] an chumhacht sa [[An Rúis|Rúis]], ach ní mar sin a bhí. Mhair [[Cogadh Cathartha na Rúise]] ar feadh trí bliana, ar a laghad, i ndiaidh na réabhlóide
I mblianta an [[Cogadh Fuar|Chogaidh Fhuair]], b'é an tAontas Sóivéadach prótaitíopa na stát Cumannach go léir. Ní raibh ach aon pháirtí polaitiúil amháin ceadaithe sa tír, is é sin, [[Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh]].
Ní raibh ach ceithre Phoblacht Shóivéadach ann nuair a bunaíodh an tAontas, ach sa bhliain [[1953]], bhí cúig cheann déag acu, is é sin, [[An Airméin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAirméine]], [[An Asarbaiseáin (tír)|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine]], [[An Bhealarúis|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise]], [[An Eastóin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hEastóine]], [[An tSeoirsia|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia]], [[An Chasacstáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Casacstáine]], [[An Chirgeastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Cirgeastáine]], [[An Laitvia|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Laitvia]], [[An Liotuáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine]], [[An Mholdóiv|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive]], [[An Rúis|Poblacht Shóivéadach Fheidearálach Shóisialach na Rúise]], [[An Táidsíceastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Táidsíceastáine]], [[An Tuircméanastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Tuircméanastáine]], [[An Úcráin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine]], agus [[An Úisbéiceastáin|Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚisbéiceastáine]]. Cé go raibh rialtas dúchais ag na poblachtaí éagsúla go hoifigiúil, bhí an chumhacht go léir i [[Moscó]], agus na poblachtaí ag comhlíonadh gach ordú ó Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh, arbh é fíor-rialtas an stáit Shóivéadaigh ar fad é, go humhal is go hurramach. Mar shampla, cé go raibh stádas oifigiúil ag an teanga
Sa bhliain [[1991]], bhain na tíortha seo amach an neamhspleáchas, ach idir an dá linn, is iomaí cor éagsúil a cuireadh ina gcinniúint. Tá an Eastóin, an Laitvia, agus an Liotuáin ina mballstáit den Aontas Eorpach inniu. Na poblachtaí eile, is baill iad de Chomhlathas na Stát Neamhspleách, eagraíocht idirnáisiúnta a bunaíodh le comhoibriú a chothú idir na stáit iar-Shóivéadacha. Níl an Tuircméanastáin ach ina ballstát seachtrach faoi láthair, ach bhí ballraíocht iomlán aici go dtí an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain [[2005]].
Líne 43:
=== Réabhlóid na Feabhra ===
Sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]], ní raibh ag éirí go rómhaith leis na Rúisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclás, ní raibh sé ina Impire
=== Réabhlóid Dheireadh Fómhair ===
Líne 79:
Thosaigh tréimhse nua comhcheannasaíochta i ndiaidh scor Khrushchev, ach de réir a chéile, d'éirigh le Leonid Brezhnev, i dtús na seachtóidí, dearscnamh thar na ceannairí eile i saol polaitiúil na Rúise. D'fhéach Brezhnev leis an naimhdeas idir an tAontas Sóivéadach agus an tIarthar a mhaolú trí pholasaí an [[Éideannas|éideannais]] (détente), ach san am céanna, bhí sé ag méadú ar na harmálacha agus ar neart míleata an Aontais. Bhí cuma an mhí-ionraicis ar an éideannas, mar sin, agus nuair a d'ionsaigh an tAontas Sóivéadach [[an Afganastáin]] i ndeireadh na bliana 1979, bhí deireadh leis an éideannas, agus an cogadh fuar ag dul i neart arís.
I ndiaidh iarrachtaí Khrushchev an eacnamaíocht a leasú sna seascaidí, chrom lucht ceannasaíochta an Aontais Shóivéadaigh ar na sean-nósanna arís. Bhí an tionsclaíocht ag forbairt is ag feabhsú go malltriallach, ach ní raibh ag éirí leis an talmhaíocht. Má bhí an tAontas Sóivéadach ábalta a chuid armálacha a choinneáil bord ar bhord leis na Stáit Aontaithe, bhí an róbhéim seo ar an téisclim chogaidh ag déanamh an-damáiste don gheilleagar. Má tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód de thoradh na díograise réabhlóidí, ní raibh a dhath ar bith den spiorad sin fágtha i mblianta Brezhnev. A mhalairt ar fad, bhí cuma an choimeádachais agus na do-athraitheachta ar an dóigh a rabhthas ag
[[Íomhá:LocationSovietUnion.png|mionsamhail|260px|Léarscáil]]
|