An difríocht idir athruithe ar: "An Bhratasláiv"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 28:
Thit an áit leis na [[An tSean-Róimh|sean-Rómhánaigh]] sa chéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus ba chuid de chóras cosanta na gcríoch Rómhánach í go dtí an [[4ú haois|ceathrú haois]]. B'iad na Rómhánaigh freisin a chuir tús le déantús an fhíona.
 
[[Íomhá:Bratislava Cityscape.jpg|360px|thumb|left|An Bhratasláiv]]
[[Íomhá:Petržalka apartment blocks in Bratislava.jpg|260px|thumb|left|Nový Most - "An Droichead Nua" - agus árasáin i [[Petržalka|bPetržalka]] ar bhruach na [[An Danóib|Danóibe]]]]
Tháinig na Slavaigh - sinsir na Slóvacach - go dtí an áit sa chúigiú nó sa séú haois, le hImirce Mhór na Náisiún. Sa bhliain 623, bhunaigh siad an chéad "stát" Slavach riamh ar chuala an saol iomrá air, mar atá, ríocht Samo, mar sciath chosanta ar na h[[Aváraigh (stair)|Aváraigh]], treibh Thurcach a bhí ag ionsaí na Slavach san am. Sa naoú haois, arís, bhí an-ról ag Caisleán na Bratasláive agus Caisleán Devín mar bhunáiteanna ag Prionsacht Nitra agus ag an [[An Mhoráiv Mhór|Moráiv Mhór]], stáit thábhachtacha de chuid na Slavach san am.