An difríocht idir athruithe ar: "Hollywood (Los Angeles)"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
mNo edit summary |
||
Líne 1:
{{Úsáidíeile||Hollywood (idirdhealú)}}
Ceantar i
[[Íomhá:Hollywood_sign.jpg|thumb|240px|An comhartha ''Hollywood'']]
Tá cuid mhór den tionsclaíocht [[scannánaíocht]]a agus
De ghnáth, ní tharraingíonn bardas Los Angeles teorainneacha neamh-dhébhríocha idir na "ceantair" sa chathair, ach is eisceacht é Hollywood. Ar an [[16 Feabhra]] [[2005]] mhol beirt bhall de thionól an bhardais teorainneacha Hollywood a shainmhíniú agus taifid oifigiúla ar leith a choinneáil faoin gceantar díreach mar a bheadh cathair neamhspleách ann. Glacadh leis an mbille, agus críochaíodh teorainneacha Hollywood.
Go bunúsach, níl i Hollywood ach ceantar de chuid Los Angeles, agus níl [[rialtas]] áitiúil dá gcuid féin ag muintir Hollywood. Ceapann an Cumann Tráchtála áitiúil méara oinigh don cheantar. Bhí Johnny Grant, léiritheoir [[teilifís]]e agus láithreoir raidió, ina mhéara oinigh ón mbliain 1980 go lá a bháis sa bhliain 2008.<ref name="CNNobit">{{cite web|url=http://www.cnn.com/2008/SHOWBIZ/TV/01/10/grant.obit|teideal=Johnny Grant, honorary Hollywood mayor, dies|foilsitheoir=CNN.com|accessdate=2008-01-12}}</ref>
== Stair ==
Líne 13:
Ní raibh ach aon bhothán bocht amháin ina sheasamh anseo sa bhliain 1853, ach de réir a chéile, d'fhás pobal beag feirmeoireachta ina thimpeall. Cahuenga an t-ainm a bhí ar an bpobal seo, agus tá a lán scéalta á n-insint faoin dóigh a bhfuair an ceantar an t-ainm clúiteach atá air inniu. Dealraíonn sé gurbh iad Harvey Henderson Wilcox agus a bhean chéile Daeida a chéadcheap an t-ainm agus a bhaist ar a rainse é, thiar sa bhliain 1887, cé go bhfuil scéalta ann freisin gurbh é Hobart Johnstone Whitley, forbróir tithíochta ar a dtugtar "athair Hollywood", a d'ainmnigh an ceantar.<ref>Gaelyn Whitley Keith (2006) The Father of Hollywood: The True Story (Hardcover), Book Surge, An Amazon.com Company. (ISBN 1-4196-4194-8)</ref>
D'oscail Whitley Óstán Hollywood sa bhliain 1902. Corpraíodh bardasacht Hollywood sa chéad bhliain eile. Bhí deacrachtaí ag an mbardas soláthar [[uisce]] agus draenáil séarachais a chinntiú don bhardasacht, agus sa bhliain 1910, chinn lucht an bhardais ar bhardasacht neamhspleách Hollywood a chur ar ceal agus ceantar de chuid Los Angeles a dhéanamh den áit, le súil is go socródh sin na fadhbanna uisce.
Faoin am seo, tháinig lucht na scannánaíochta go Hollywood an chéad uair. Bhí tionsclaíocht na scannánaíochta ag forbairt i gCalifornia cheana féin, agus í lonnaithe i lárchathair Los Angeles. Ba é an [[stiúrthóir scannáin|stiúrthóir]] D. W. Griffith (a rinne an mórscannán ciníoch ''The Birth of a Nation'' chomh maith leis an mórscannán frithchiníochais ''Intolerance'') ba túisce a thosaigh ag scannánú i Hollywood, ach níor bunaíodh an chéad stiúideo i Hollywood ach sa bhliain 1911. Trí bliana ina dhiaidh sin, rinneadh an chéad phríomhscannán de dhéantús Hollywood - ''The Squaw Man''. Stiúideo áitiúil a rinne an léiriú, agus tógadh na pictiúir i Hollywood féin. Ba iad Cecil B. DeMille agus Oscar Apfel na stiúrthóirí.
{{commonscat}}
|