An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
+eo
Líne 21:
===Na Mórshaothair===
 
Is é ''An Druma Mór'' an t-aon úrscéal amháin a chríochnaigh Seosamh. Ar an drochuair, ní raibh an Gúm sásta é a fhoilsiú roimh na seascaidí, nuair a bhí an leabhar tar éis a toipiciúlacht a chailleadh. Go bunúsach, tugann an leabhar seo cur síos ar an dóigh a stróiceann teacht na nua-aoise agus na polaitíochta nua-aimseartha seanchomhar na Gaeltachta as a chéile. Tá na himeachtaí suite i sráidbhaile beag ar an gcósta thiar, áit nach bhfuil aon duine in ann é féin a choinneáil beo beathaithe ach é a bheith ag rúpáil oibre ó dhubh go dubh. Is í an t-aon fhilíocht amháin atá ag na daoine seo ná paráid Lá 'le Pádraig, nó lá an Druma Mhóir. Cé go raibh an t-úrscéal críochnaithe aige chomh luath leis na tríochaidí, níor foilsíodh roimh na seascaidí é ar aon nós, rud a ghoill go mór mór ar Sheosamh.
 
Scríobh Seosamh an leabhar ''Mo Bhealach Féin'' faoi thionchar na scéalta faoin bhfánaíocht a chum Pádraic Ó Conaire. Maidir le "Mo Bhealach Féin", is cur síos é ar fhánaíocht Sheosaimh féin ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire. Inbhreathnú agus féinscrúdú atá ann, agus ní bhíonn sa radharcra timpeall mo dhuine go minic ach cúlra nó stáitse don dóigh a bhfuil sé ag déanamh staidéir ar imeachtaí a intinne. Má bhítear ag dul ar lorg chéad chomharthaí an ghalair intinne a chuir deireadh le caithréim scríbhneoireachta Sheosaimh i lár na dtríochaidí, beidh siad le haithint i bhfad níos soiléire ar an leabhar áirithe seo ná ar an "Ruball".
 
Foilsíodh an t-úrscéal neamhchríochnaithe úd ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' an chéad uair mar aguisín le "Mo Bhealach Féin". Iarracht a bhí ann cur síos liteartha a thabhairt ar shaol an aosa intleachtúil sa phríomhchathair. Dá n-éireodh leis an scríbhneoir an t-úrscéal a chríochnú, an "ruball a chur leis an éan" - is é "ruball" an leagan Ultach den fhocal "eireaball" - is dócha go gcuirfeadh sé athrú cuma ar fad ar fhorbairt na litríochta Gaeilge, na húrscéalaíochta ach go háirithe. Níl an leabhar leadránach mar atá sé, nó is iomaí scig-gháire a bhaineann Seosamh as an léitheoir leis an tsúil mhagúil a chaitheann sé ar pholaitíocht agus ar chultúr na hÉireann sna tríochaidí.
 
An dóigh ar fágadh an t-éan gan ruball, spreag sé [[Antain Mac Lochlainn]] chun pinn leis an úrscéal ''Ruball an Éin'' a fhoilsiú sa bhliain 2005. Mar a léiríonn an teideal, iarracht atá ann an t-úrscéal neamhchríochnaithe a chríochnú faoi dheoidh.
 
 
{{stumpa}}