An difríocht idir athruithe ar: "Plútón (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
Líne 121:
=== Na Satailítí Beaga ===
 
Ar an 15 Bealtaine 2005, haithníodh an chéad uair riamh go raibh dhá shatailít eile ag dul timpeall ar Phlútón, mar atá, Nix agus Hydra. Ba é Teileascóp Spáis Hubble a thóg na chéad [[grianghrafGrianghrafadóireacht|ghrianghrafanna]] díobh, agus ansin, tháinig na saineolaithe a bhí ag obair ar na grianghraif seo, tháinig siad ar an tátal go raibh dhá ghealach eile seachas Carón ag timpeallú Phlútóin. Le bheith beacht, ar ndóigh, níl an dá ghealach seo ag fithisiú Phlútóin i gciall cheart an fhocail, nó cosúil le Carón agus le Plútón féin, tá siad ag dul timpeall ar mheáchanlár an chórais. Tá fithis Nix suite timpeall is 48,700 ciliméadar ón meáchanlár, agus fithis Hydra timpeall ar 64,800 ciliméadar ón meáchanlár. Tá fithisí an dá ghealach seo an-chosúil le ciorcal ceart.
 
=== Satailítí Eile? ===