An difríocht idir athruithe ar: "An tSeicis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 14:
|rialtóir=Ústav pro jazyk český (Institiúid na Seicise)
|iso1=cs|iso2=cze|iso3=ces}}
Is í an t'''Seicis''' an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Shlavach a labhraítear sa [[An tSeic|tSeic]] agus i measc lucht imirce ón tSeic sna [[tír|tíortha]] eile, go háirithe san Oileán Úr agus san [[an Ostair|Ostair]]. Ar fud an [[domhan|domhain]], tá sí ag dhá mhilliún déag de dhaoine ó dhúchas. Is í an t[[Slóvaicis]] an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus [[litríocht]] dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.
 
Teanga ardchultúrthaard[[cultúr|chultúr]]tha is ea í an tSeicis,. chuala an saol iomrácáil ar scríbhneoirí[[scríbhneoir]]í móra nua-aimseartha na Seice cosúil le [[Karel Čapek]], [[Jaroslav Seifert]] agus [[Jaroslav Hašek]]. Is é úrscéal Hašek, ''Osudy dobrého vojáka Švejka za světové války'' ("Eachtraí an dea-shaighdiúra Švejk sa chogadh domhanda") an leabhar is clúití a tháinig ar pár as Seicis riamh, agus is minic a chuirtear i gcomparáid le ''Don Cíochótae'' é.
 
Tá caighdeán scríofa na Seicise bunaithe ar theanga Chlasaiceach [[An Bíobla|an Bhíobla]], is é sin, ''Bible Kralická'' nó Bíobla Kralice, a bhaineann leis an séú haois déag. Bhí teanga an aistriúcháin seo sórt seanfhaiseanta lena lá féin, gan aon trácht ar an lá inniu, agus mar sin, tá Seicis labhartha ár linne an-difriúil leis an teanga a scríobhtar. Is féidir a rá, fiú, go bhfuil sórt [[débhéascna]] ag baint leis an tSeicis.
Líne 32:
Tháinig Bíobla Kralice chun saoil sna blianta 1579-1594, agus chuaigh teanga an Bhíobla seo an oiread i bhfeidhm ar na Seicigh is gur ghlac siad leis mar chaighdeán dá dteanga feasta. Aistriúchán Protastúnach a bhí ann. Nuair a chuir na Caitlicigh ruaigeadh ar na Protastúnaigh as an tSeic i ndiaidh Chogadh an Tríocha Bliain, go háirithe tar éis Chath Bílá Hora sa bhliain 1620, chuaigh úsáid na Seicise i laghad arís, agus an Ghearmáinis ag teacht ina háit sa chóras riaracháin. Mar sin féin, níor chuir na Caitlicigh deireadh le traidisiún na teanga scríofa. Bhí na hÍosánaigh, ach go háirithe, sásta úsáid a bhaint as Bíobla Kralice agus as an gcaighdeán Seicise a bhí leagtha amach ansin. Thairis sin, bhí na Protastúnaigh ag saothrú na teanga ar an gcoigríoch agus ag iarraidh a gcuid scríbhinní a scaipeadh sa tSeic féin.
 
San [[18ú haois|ochtú haois déag]], chuir na Seicigh suim nua ina dteanga dhúchais, nuair a tháinig smaointeachas an tSoilsithe go dtí an tSeic. Sa bhliain 1791, d'fhoilsigh Josef Dobrovský a mhórshaothar féin faoi stair na teanga agus a litríochta, ''Geschichte der böhmischen Sprache und Literatur''. Ceannródaí ab ea Dobrovský i stair an léinn Shlavaigh. Cé gur foilsíodh leabhair eile faoi ghramadach na Seicise san am céanna, ba é saothar Dobrovský an ceann ba tábhachtaí acu go léir.
 
Inniu féin, tá gramadach na Seicise liteartha bunaithe ar an gcaighdeánú a rinne Dobrovský. Chuir Dobrovský béim ar leith ar thábhacht an traidisiúin scríbhneoireachta agus ar intuigtheacht na teanga i measc na Slavach eile, agus mar sin, tá cuma iontach seanársa ar an gcaighdeán a chruthaigh sé.