An difríocht idir athruithe ar: "Arsanaic"
Content deleted Content added
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured |
mNo edit summary |
||
Líne 11:
Is [[dúil cheimiceach]] í an '''arsanaic''', agus is é an [[mais adamhach|meáchán adamhach]] atá aici ná 74.92160 g/mol. Níl ach aon [[iseatóp]] nádúrtha amháin ag an arsanaic, is é sin, arsanaic a 75, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá cobhsaí. Tá cuid mhór iseatóp [[Radaighníomhaíocht|radaighníomhach]] cruthaithe ag na heolaithe, áfach, ó arsanaic a 66 go harsanaic a 93. Is í arsanaic a 73 an ceann is cobhsaí de na hiseatóip radaighníomhacha, nó tá sé 80.3 lá ar [[leathré]]. Is é an [[uimhir adamhach]] atá ag an arsanaic ná '''33''', agus is í an t[[siombail cheimiceach]] ná '''As'''. Ba é Albertus Magnus, an tEaspag Gearmánach a bhí ina cheimiceoir chomh maith, an chéad eolaí a dhoiciméadaigh an arsanaic ina chuid scríbhinní thiar sa bhliain [[1250]].
Tá a fhios ag cách, beagnach, gur nimh atá san arsanaic. Dúnmharaíodh a lán daoine mór le rá sa [[An Mheánaois|Mheánaois]] agus i ré an [[Renaissance]] le harsanaic, agus
Is é an uimhir ocsaídiúcháin is minicí a bhíonn ag an arsanaic ina cuid comhdhúl ná +III, ach is féidir le hocsaídeoirí láidire [[comhdhúil]]e a tháirgeadh ina bhfuil an arsanaic ocsaídithe go +V, go háirithe peantocsaíd na harsanaice, As<sub>2</sub>O<sub>5</sub>. Is í an trí-ocsaíd an ocsaíd is tábhachtaí, áfach - As<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Má thuaslagtar an pheantocsaíd san uisce, cruthófar aigéad arsanach, H<sub>3</sub>AsO<sub>5</sub>. Tá sé cosúil leis an [[aigéad fosfarach]] ina struchtúr, ach is aigéad lag é. Ocsaídeoir maith láidir atá ann, áfach, nó is féidir leis an aigéad arsanach an t-ian iaidíde (I<sup>-</sub>) a ocsaídiú go hiaidín (I<sub>2</sub>).
|