An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Dheireadh Fómhair"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 9:
== Cúlra ==
 
I Mí Feabhra [[1917]], tháinig deireadh le réimeas an tSáir [[Nioclás a Dó (An Rúis)|Nioclás a Dó]]. Tugadh bata agus bóthar dó ar an [[21 Márta]].

An Rialtas Sealadach a tháinig i gcumhacht ina dhiaidh sin, ní raibh sé sásta scor den [[cogadh|chogadh]]. Is amhlaidh go raibh [[an Chéad Chogadh Domhanda]] in aghaidh na [[Gearmáin]]e á chur ag an Rúis i gcónaí, agus an Rialtas Sealadach buartha faoin tacaíocht a bhí ag teacht ón bh[[Frainc]] agus ó [[Shasana]].
 
Ní raibh an cogadh ag éirí leis an Rúis, áfach, agus bhí tuirse chogaidh le haithint san arm agus i measc na cosmhuintire. I Mí an Mheithimh, [[1917]], bhain [[Alexander Kerensky]], a bhí ina [[Aire Rialtas|Aire]] Cogaidh ar an Rialtas Sealadach san am sin, triail as mórionsaí le briseadh tríd an gcathéadan. Ní raibh aon mhaith sa mhórionsaí, nó d'fhan an cathéadan thoir in abar agus i bhfostú ina sheanáit ina dhiaidh sin féin, agus is é an t-aon toradh a bhí ar an iarracht ná gur cailleadh cuid mhaith saighdiúirí. Chothaigh an díomua seo míshástacht mhór i measc na [[saighdiúir]]í, rud a tháinig chun solais go soiléir, nuair a bhris scliúchais amach i g[[Cathair Pheadair]] (nó Petrograd, mar a thugtaí ar an gcathair san am) i dtús Mhí Iúil. Tháinig díorma millteanach de [[Mairnéalach|mhairnéalaigh]] faoi airm ó Kronstadt, bunáit [[Cabhlach cogaidh|chabhlaigh]] in [[Oileán]] Kotlin in aice le [[Cathair Pheadair]], tháinig siad go dtí an chathair agus iad ag éileamh go n-éireodh an Rialtas Sealadach as, agus go rachadh comhairlí neamhspleácha na saighdiúirí agus an [[lucht oibre]] - na Sóivéidí - i gcumhacht.