An difríocht idir athruithe ar: "Teilifís"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 8:
Is iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:
* Foinse na
* Foinse na fuaime. Ar bhealach cosúil le foinse na híomhá, is éard atá i gceist leis seo ná comhartha leictreach a sheasann don fhuaim. Más [[fuaim]] bheo atá ann, tagann na bíoganna leictreacha ón [[micreafón]] a iompaíonn an fhuaim - [[guth]] an duine, abair, nó an [[ceol]], nó eile - ina leictreachas. Ar ndóighe, úsáidtear fuaim thaifeadta chomh maith.
* An tarchuradóir. Iompaíonn an gléas seo an comhartha físe agus an comhartha fuaime ina dtonnta [[raidió]], is é sin, ina [[radaíocht]]
* An [[aeróg]] leis na radathonnta a tharchur.
Líne 20:
* An glacadóir sa chiall chúng, is é sin, an tiúnóir, a aithníonn na comharthaí radathonnta agus a iompaíonn ar ais ina mbíoganna leictreacha iad.
* An gléas taispeána. Go traidisiúnta, bhí [[feadán ga-chatóideach]] á úsáid leis na craolacháin teilifíse a thaispeáint. San fheadán ga-chatóideach, tá leictreoid dhiúltach - [[catóid]] - suite i gcúl an fheadáin, agus í ag tabhairt [[leictreon]] uaithi. Tá cornaí leictreacha timpeall an fheadáin agus [[anóid]] taobh istigh de, agus iad ag stiúradh shruth na leictreon de réir an chomhartha físe a fhaightear ón [[Aeróg (leictreonaic)|aeróg]]. San áit ina mbuaileann sruth na leictreon an [[scáileán]] fluaraiseach, feictear ponc [[Solas|solais]] ag lasadh suas, agus nuair a athraíonn an comhartha físe treo na leictreon, tarraingíonn an ponc solais seo íomhá i ndiaidh íomhá ar an [[scáileán]] fluaraiseach chomh sciobtha is nach féidir le súil an duine na pictiúir seo a aithint thar a chéile. Mar sin, téann siad i bhfeidhm ar an bhféachadóir díreach mar a bheadh gluaiseacht leanúnach ann.
== Teicneolaíocht ==
Ní hé an feadán ga-chatóideach an t-aon [[teicneolaíocht]] is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin [[Plasma (fisic)|phlasma]] agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óidí astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.
* An gléas fuaime, is é sin, an t-[[aimplitheoir]] fuaime agus an [[callaire]], leis an gcomhartha fuaime a iompú ina fhuaim inchloiste.
== Éire ==
|