An difríocht idir athruithe ar: "Violet Gibson"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 3:
Ar 7 Aibreán [[1926]] scaoil Gibson le Mussolini, a bhí ina shuí i n[[gluaisteán]] i ndiaidh óráid a thabhairt sa [[An Róimh|Róimh]]. Scaoil sí dhá urchar leis, a rinne damáiste dá [[Srón|shrón]]. Ar éigin a bhí sé gortaithe, áfach, agus i ndiaidh bindealán a chur ar a shrón lean sé leis sa pharáid a bhí ceaptha don lá.
 
Ba bheag nár [[Linseáil|linseál]]<nowiki/>adh Gibson (mar a tharla i gcás fear óg a rinne iarracht Mussolini a mharú ar ócáid eile). Gabhadh í, agus toisc ise ina heachtrannach agus ina gealt, dar leis na húdaráis Iodálacha, d'ordaigh Mussolini í a chur chuig [[an Bhreatain Mhór]] gan an [[dlí]] a chur uirthi sa chúirt.<ref>Bosworth, R.J.B., Mussolini, 2002, lgh. 218-9</ref>
 
Chaith sí an chuid eile dá saol in [[ospidéal]] [[Síciatracht|síciatrach]], Saint Andrew's, in [[Northampton]]. <ref>http://www.bbc.co.uk/radio4/hometruths/20060410_mussolini.shtml "Mussolini's Nose", BBC</ref> Tá Gibson curtha i [[Reilig]] Kingsthorpe sa [[Cathair (lonnaíocht)|chathair]] chéanna.