Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

m
no edit summary
[[File:Irish writing.jpg|thumb|261px|right|Scríbhneoireacht de chuid an 8ú haois.]]
[[Íomhá:Raiftearaí.jpg|mion|Raiftearaí]]
 
Tá '''litríocht na Gaeilge''' á saothrú le míle go leith bliain. Ba í an Ghaeilge an teanga liteartha ba thábhachtaí in Éirinn anuas go dtí an 19ú haois, cé go raibh an teanga ag cúlú de réir a chéile ón 17ú haois amach. Tá daoine ag scríobh i nGaeilge ón 7ú haois amach agus ba ghearr gur tháinig bláthú suntasach ar an litríocht sin. De réir a chéile beartaíodh ‘Gaeilge na scol,’ canúint liteartha a bhí á úsáid in Albain agus in Éirinn araon anuas go dtí an 17ú haois. Bhí litríocht fhoirmiúil phoiblí ann agus saothair eile a bhí níos pearsanta, leithéidí na ndánta cúirtéiseacha grá. Tríd is tríd, cuireadh an treise ar an bhfilíocht seachas ar an bprós. San 18ú haois, tar éis imeacht na seanphátrún, bhí litríocht ghreanta ghalánta á cumadh fós, ach chuaigh cúrsaí litríochta i laige sa dara cuid den 19ú haois de réir mar a mheath an teanga. I ndeireadh na haoise sin, áfach, tháinig neart suntasach sa náisiúnachas cultúrtha agus Athbheochan na Gaeilge mar chomhartha air. Uaidh sin amach bhí litríocht nua-aoiseach á saothrú i nGaeilge, agus sa 20ú haois tháinig cuid den scríbhneoireacht is fearr in Éirinn ó lámh na scríbhneoirí Gaeilge.
 
== Ón ré is luaithe anuas go dtí na Meánaoiseanna: 500–1500==
 
[[File:Irish writing.jpg|thumb|261px|right|Scríbhneoireacht de chuid an 8ú haois.]]
Tá ceann de na litríochtaí iar-Chlasaiceacha is sine in Iarthar Eorpa ag an nGaeilge.<ref>[http://www.krysstal.com/langfams_indoeuro.html The Indo-European Family of Languages]</ref>
 
Chuaigh na hÉireannaigh i mbun scríobh agus léamh na teanga san aibítir Rómhánach ar theacht na Críostaíochta sa 5ú haois, nuair a thug misinéirí an Laidin chun na hÉireann. Dá bhrí sin tháinig dream nua léannta ar an bhfód, idir thuataí agus chléir. Roimhe sin bhí feidhm á baint as an ogham le haghaidh inscríbhinní.<ref>Dillon agus Chadwick (1973), lgh 241–250</ref><ref>Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 54–72</ref>
 
[[Íomhá:Raiftearaí.jpg|mion|Raiftearaí]]
Is éard atá sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge scéalta atá bunaithe ar bhéaloideas ársa agus liricí. Cumadh an fhilíocht is luaithe sa 6ú haois agus thugann sé léargas ar an spioradáltacht nó ar an dúlra. Uaireanta scríobhadh í ar imeall lámhscríbhinní maisithe.
 
8,837

edits