An difríocht idir athruithe ar: "Aer Lingus"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 11:
 
Cuireadh an comhlacht i Stocmhalartán na hÉireann agus Stocmhalartán Londain ar an [[2 Deireadh Fómhair]] [[2006]]. Ag an am, bhí fós 28% den aerlíne faoi úinéireacht [[Rialtais na hÉireann]]. Díoladh an chuid seo dom grúpa IAG sa bhliain 2016.
 
=== An Tairiscint Táthcheangail ar Aer Lingus ===
Rinne Ryanair iarracht a dhéanamh chun [[Aer Lingus]] a cheannach faoi dhó, i 2006 agus 2008, ach theip orthu an dá uair.
 
Sa bhliain 2006 rinne an Ryanair tairiscint táthcheangail ar 1.48 mórmhilliún euro ag iarraidh Aer Lingus a cheannach. Dúirt Micheal O'Leary, príomhoifigeach feidhmiúcháin an Ryanair, gur "aiméar gan a leithéid" a bhí ann le gnólacht eitleoireachta Éireannach amháin a chur ar bun a d'iompródh breis agus leathchéad milliún paisinéir in aghaidh na bliana.
 
Rinne Aer Lingus comhlúthacht ar Stocmhalartán na hÉireann ar an 2 Deireadh Fómhair 2006, i ndiaidh do Rialtas na hÉireann an cinneadh a ghlacadh go ndíolfaí breis is leath den bhun 85.1 % a bhí ag an Stát sa chomhlacht. Choinnigh lucht oibre an chomhlachta an bun a bhí acusan ann, is é sin, 15 %.
 
Ar dtús bhí na scaireanna ag dul €2.20 an ceann, ionas gur luacháladh an comhlacht ar 1.13 mórmhilliún euro ar fad. Chuir Ryanair in iúl go raibh sé tar éis bun 16 % a cheannach in Aer Lingus, agus go raibh sé ag tairiscint €2.80 an ceann ar na scaireanna a bhí fágtha. Ar an lá céanna, dhiúltaigh Aer Lingus don tairiscint táthcheangail, ó bhí sí ag teacht salach uirthi féin. Bhí 47 % de scaireanna an chomhlachta ag an Stát, ag iontaobhas úinéireachta an lucht oibre agus ag slánaonaid eile nach raibh sásta glacadh le tairiscint an Ryanair.
 
Thairis sin, bhí seilbh ar 4 % eile ag [[Banc na hÉireann]] agus ag [[Bainc-Aontas Éireann]], nach raibh an chuma orthu go mbeidís sásta a gcuid a dhíol leis an Ryanair. Mar sin, thit an tóin as an tairiscint táthcheangail.
 
== Oibríochtaí ==