An difríocht idir athruithe ar: "Ceimic"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
No edit summary |
||
Líne 15:
D'aimsigh na hailceimiceoirí go leor próiseas ceimiceach, rud a chuidigh le forbairt na ceimice nua-aimseartha. I gcaitheamh na staire, thréig na hailceimiceoirí ab fhearr an rúndiamhracht agus na piseoga a bhí ag roinnt leis an ailceimic, agus iad ag fáil eolais ar fhíornádúr an damhna, ionas gur tháinig dearcadh ní b'eolaíochtúla chucu dá n-ainneoin. I measc rogha na n-ailceimiceoirí, is fiú Geber, nó [[Abu Musa Jabir ibn Hayyan]], agus [[Paracelsus]], nó Philippus Theophrastus Aureolus Bombastus von Hohenheim, a lua. Ba é [[Robert Boyle]], áfach, a d'oscail an geata ón ailceimic go dtí an cheimic. Léiriú maith ar a dhearcadh is ea teideal an tsaothair ba tábhachtaí dár scríobh sé, mar atá, ''The Skeptical Chymist'', is é sin, An tAilceimiceoir Sceiptiúil. Mar sin féin, bhí an Baoilleach ina ailceimiceoir i gcónaí. Ba é Antoine Laurent Lavoisier an chéad cheimiceoir nua-aimseartha, ámh. B'eisean a leag amach Dlí Imchoimeádta na Maise sa bhliain 1783, agus b'eisean ba thúisce a tháinig ar an tuiscint cheart ar an dóchán mar phróiseas ceimiceach. Roimh a lá féin, chreid na heolaithe gurbh ionann an dóchán agus an breosla a bheith ag tabhairt uaidh "flógastón", dearcadh a bhí bunaithe, ar bhealach, ar an míthuiscint sheanársa gur cineál damhna nó dúile atá sa teas. Thaispeáin Lavoisier nach amhlaidh a bhí, ach gurbh é an rud a bhíonn ag titim amach le linn an dócháin ná go bhfuil an breosla ag cumasc leis an [[ocsaigin]].
Ceann de na dúile ceimiceacha ab ea an ocsaigin, agus thóg sé na blianta fada ar na heolaithe na dúile go léir a aithint, a aonrú, a ainmniú agus a aicmiú. Ba mhór an cuidiú san obair seo an tuiscint a tháinig chuig [[Dmitrí Meindeiléiv]], John Newlands, agus [[Julius Lothar Meyer|Lothar Meyer]] timpeall na bliana
== Fodhisciplíní na Ceimice ==
Líne 31:
* An [[Ceimic theoiriciúil|Cheimic Theoiriciúil]]: Is éard atá i gceist leis an gceimic theoiriciúil ná réasúnaíocht theoiriciúil na fisice agus na matamaitice a chuirtear i bhfeidhm ar cheisteanna na ceimice. Go háirithe, tugtar [[ceimic chandamach]] ar an dóigh a bhfeidhmítear an [[Fisic chandamach|fhisic chandamach]] sa cheimic. Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh na ríomhairí an oiread sin i bhfeabhas gur féidir a rá go bhfuil a leithéid de bhrainse ann agus [[ceimic ríomhaireachta]], is é sin, forbairt agus feidhmiú na ríomhchlár le freastal ar shainriachtanais na ceimice. Tá dlúthbhaint ag an gceimic theoiriciúil le fisic an damhna chomhdhlúite agus leis an bhfisic mhóilíneach. Níl i gceist go bunúsach leis an gceimic theoiriciúil ach fisic, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil sa bhitheolaiocht theoiriciúil ach ceimic agus fisic.
* Is í an [[Ceimic núicléach|cheimic núicléach]] an brainse den cheimic a phléann leis an [[radaighníomhaíocht]]: an úsáid a bhaintear as an radaighníomhaíocht le taighde a dhéanamh ar ghnáth-imoibrithe ceimiceacha ([[radaiceimic]]), an tionchar atá ag mais na n-[[iseatóp]] éagsúil ar na himoibrithe ceimiceacha ([[ceimic iseatópach]]), agus [[speictreascópacht]] an [[athshondas maighnéadach núicléach|athshondais mhaighnéadaigh núicléigh]]
Brainsí eile de chuid na ceimice is ea: an [[réaltcheimic]], an [[ceimic atmaisféarach|cheimic atmaisféarach]], an [[innealtóireacht cheimiceach]], an fhaisnéisíocht cheimiceach, an leictriceimic, ceimic an chomhshaoil, an cheimic shreabhach, an gheocheimic, an cheimic ghlas, stair na ceimice, eolaíocht na n-ábhar, ceimic na míochaine, an bhitheolaíocht mhóilíneach, an nanaitheicneolaíocht, an cheimic orgánaimhiotalach, an pheitriceimic, an chógaseolaíocht, an fhótaiceimic, an fhíticeimic, an cheimic pholaiméarach, an cheimic soladstaide, an tsonaiceimic, an cheimic fhormhóilíneach, an cheimic dhromchlach, agus an teirmiceimic.
Líne 38:
=== Ainmníocht ===
Tá córas dian ainmníochta in úsáid ag na ceimiceoirí a cheadaíonn dóibh ainm neamh-dhébhríoch a thabhairt ar gach comhdhúil cheimiceach. Mar shampla, i gcomhdhúile neamhorgánacha,
NaCl = clóiríd sóidiam.
NO<sub>2</sub> = dé-ocsaíd nítrigine. Anseo, is í an ocsaigin is leictridhiúltaí, agus dhá adamh ocsaigine ceangailte d'aon adamh nítrigine
SO<sub>3</sub> = trí-ocsaíd sulfair. Anseo, arís, is í an ocsaigin is leictridhiúltaí, agus trí adamh ocsaigine ceangailte le gach adamh
OF<sub>2</sub> = dé-fhluairíd ocsaigine. Is é an fluairín an t-aon dúil cheimiceach amháin a sháraíonn an ocsaigin maidir le leictridhiúltacht, agus mar sin tugaimid fluairíd ar an gceann seo.
Líne 57:
[[Íomhá:Atom.png|frame|Léaráid a léiríonn an t-adamh [[héiliam]]]]
Is é an t-''adamh'' ([[Gréigis]] άτομον ó ά:
Is as adaimh atá an [[damhna]] uile déanta.
I ngach adamh tá núicléas faoina lucht deimhneach i lár baill agus, mórthimpeall air sin, leictreoin (nó leictreon) le lucht diúltach.
=== Dúile ===
Is éard atá i ''ndúil cheimiceach'' ná substaint a bhfuil a cuid adamh go léir mar an gcéanna ó thaobh líon na bprótón de. Cuirtear na dúile seo taobh le taobh i dtábla a dtugtar an [[tábla peiriadach]] air.
Ba é an t-eolaí [[Dmítrí Meindeiléiv]] a chuir an chéad bhun leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869.
=== Iain ===
Is éard is ''ian'' ann ná adamh nó móilín a bhfuil lucht leictreach aige. Má dhéanann adamh nó móilín leictreon dá chuid a thabhairt uaidh, nó leictreon de chuid adaimh nó móilín eile a ghlacadh chuige, ní bheidh sé neodrach a thuilleadh. Beidh lucht leictreach
Bíonn na comhdhúile ianacha sothuaslagtha san uisce, toisc gur tuaslagóir polach é an t-uisce. Is é sin, tá pol diúltach agus pol deimhneach ag an móilín uisce - deirtear gur déphol é an móilín
Sampla de chomhdhúil ianach é an gnáthshalann, is é sin, an chlóiríd sóidiam. Tá an salann an-difriúil leis an dá dhúil a bhfuil sé comhdhéanta as, mar atá, an clóirín agus an sóidiam. Gás buíghlas nó uaine é an clóirín a bhfuil boladh láidir as, agus nimh atá ann don duine, nó oibríonn sé go tubaisteach ar na scamhóga: níl tiúchan mór clóirín san aer análaithe de dhíth le héidéime scamhógach a tharraingt ar an duine, is é sin, na scamhóga a líonadh le sreabh nó leacht a thachtfaidh an t-othar. (Sin é an tuige, dála an scéil, gur baineadh úsáid as an gclóirín mar ghás
{{glanadh}}
Line 85 ⟶ 87:
Mar shampla is comhdhúil an t-uisce ina mbíonn hidrigin agus ocsigin i gcóimheas 2:1.
''Tá an t-adamh ocsigin idir an dá adamh hidrigine, agus uillinn 104.45° eatarthu''.[[Íomhá:Water-2D-labelled.png|160px|Tá an cruth seo ar mhóilíní uisce]][[Íomhá:Water molecule 3D.svg|120px|Tá an cruth seo ar mhóilíní uisce.]]▼
▲Tá an t-adamh ocsigin idir an dá adamh hidrigine, agus uillinn 104.45° eatarthu''.[[Íomhá:Water-2D-labelled.png|160px|Tá an cruth seo ar mhóilíní uisce]][[Íomhá:Water molecule 3D.svg|120px|Tá an cruth seo ar mhóilíní uisce.]]
I gcomhdhúil cheimiceach, bíonn adaimh na ndúl éagsúil ceangailte lena chéile le naisc
▲I gcomhdhúil cheimiceach, bíonn adaimh na ndúl éagsúil ceangailte lena chéile le naisc cheimiceacha - [[Nasc ianach|ianacha]] nó [[Nasc comhfhiúsach|chomhfhiúsacha]].
Cuirtear coibhneas na ndúl agus struchtúr inmheánach na comhdhúile in iúl le [[foirmle cheimiceach|foirmlí éagsúla ceimiceacha]].
Líne 144:
Is é rud a deir sé ná nach loitear agus nach gcruthaítear mais in athruithe fisiceacha nó ceimiceacha.
Mar sin, nuair a imoibríonn substaintí (nó imoibreáin) le chéile le substaintí (nó táirgí) nua a dhéanamh, is ionann mais iomlán na n-imoibreán agus mais iomlán na dtáirgí.
|