An difríocht idir athruithe ar: "Mitraillette"

Content deleted Content added
m added wl
Added more info taken from page in French.
Líne 1:
[[Íomhá:Mitraillette.JPG|right|thumb|250px|Dhá mitraillettes le hanlainn "riche" is "brésil". [[Liège]], [[An Bheilg]].]]
Is ionann '''''mitraillette''''' (ón bhFraincis: [[Cabhair:IPA for French|[mitʁajɛt]]], i., "fo-mheaisínghunna" ) agus ceapaire ó bhunús na [[an Bheilg|Beilge]]. Deanta as [[Leath baguette|leath-bhaguette]] atá líonta le feoil, [[sceallóga prátaí]], agus rogha [[anlann|anlainn]], ithtear mitraillettes agus iad te. Ceann de na ceapairí is coitianta i siopaí sceallóga sa [[An Bhruiséil|Bhruiséil]]<ref>http://www.westword.com/restaurants/mowed-down-by-the-mitraillette-sandwich-at-manneken-frites-6046323</ref>.
Is [[mearbhia]] é an '''''mitraillette''''' as [[an Bheilg]] le feoil, [[sceallóga prátaí]], [[blastán]] is [[anlann]] i [[leath baguette]].
 
Ceaptar go gcruthaíodh an mitraillette don chéad uair sa Bhruiséil, agus tá cáil orthu i bh[[Flóndras]], sa [[An Vallóin|Vallóin]] agus i dTuaisceart na [[An Fhrainc|Fraince]] chomh maith, ach tugtar "''Sandwich'' ''Américain''" ar an gcinéal cheapaire seo sa Fhrainc.<ref>https://theculturetrip.com/europe/belgium/articles/belgian-food-explained-the-mitraillette/</ref>
 
== Comhdhéanamh ==
Cuirtear an mhitraillette thraidisiúnta le chéile leis na nithe seo a leanas ann<ref>http://marcussamuelsson.com/recipe/la-mitraillette-belgian-machine-gun-sandwich-recipe</ref>:
* [[Leath baguette|Leath-bhaguette]]
* Feoil bhogthe (nó uaireanta feoil fhuair)
* [[Sceallóga]]
* Anlann
Is féidir saléid a fháil sa mhitraillette chomh maith, mar shampla [[Leitís|leitis]], [[Tráta|trátaí]], nó [[Oinniún|oinniúin]] fhriochta.
 
Clúdaítear an ceapaire i bpáipéar bán agus ithtear ar an láthair é, nó faightear iad "''à emporter"'' .i., chun tabhairt leat.
 
== Anlainn ==
Tá rogha fairsing d'anlainn ar fáil sna siopaí sceallóga ar fud na Beilge agus is féidir aon cheann de na hanlainn a chur ar an mhitraillette, ag braith ar rogha an chustaiméra. De ghnáth, cuirtear an t-anlann díreach ar an arán agus faoi na sceallóga. Uaireanta, ní chuirtear an t-anlann ar an mitraillette í fhéin ach i bpota beag plaisteach a ghabhann leis.
 
== An mhitraillette i gcultúr an phobail sa Bheilg ==
I ndiaidh na n-ionsaithe sceimhleithoireachta a thárla sa Bhruiséil ar an 22 Márta 2016, scaipeadh iomhánna de mhitrailllettes ar na meán shóisialta sa Bheilg agus thar lear, chun sceon na ndaoine a laghdú trí ghreann agus chun dlúthphartaíocht a léiriú.<ref>https://www.buzzfeed.com/alanwhite/belgians-are-breaking-out-these-machine-guns-to-mock-terrori?utm_term=.qcB1xojXY#.ttGVDKBjw</ref>
 
== Tagartaí ==
# http://www.westword.com/restaurants/mowed-down-by-the-mitraillette-sandwich-at-manneken-frites-6046323
# https://theculturetrip.com/europe/belgium/articles/belgian-food-explained-the-mitraillette/
# http://marcussamuelsson.com/recipe/la-mitraillette-belgian-machine-gun-sandwich-recipe
# https://www.buzzfeed.com/alanwhite/belgians-are-breaking-out-these-machine-guns-to-mock-terrori?utm_term=.qcB1xojXY#.ttGVDKBjw
[[Catagóir:Bia agus deoch]]