An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Beacháin"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) Merge from Breandán Ó Beacháin 2. |
Guliolopez (plé | dréachtaí) Glanadh |
||
Líne 5:
==Saol==
Rugadh Breandán Ó Beacháin i lár chathair [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] ar an [[9 Feabhra]] 1923. Bhí cónaí ar an teaghlach i dteach a sheanmháthar, bean a raibh roinnt tithe aici sa cheantar.▼
▲Rugadh Breandán Ó Beacháin i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar an 9 Feabhra 1923. Bhí cónaí ar an teaghlach i dteach a sheanmháthar, bean a raibh roinnt tithe aici sa cheantar.
Ba
==Gníomhaíocht Phoblachtach==
I 1937 bhog an teaghlach amach chun cónaí i scéim nua tithíochta de chuid an údaráis áitiúil i gCromghlinn, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuaigh Breandán isteach i bhFianna Éireann, eagraíocht aosa óig an [[IRA]] agus foilsíodh filíocht agus prós dá chuid den chéad uair in iris na heagraíochta sin ''Fianna: the Voice of Young Ireland''. Gabhadh Ó Beacháin i Learpholl i 1939 agus ábhar pléasctha le haghaidh fheachtas buamála an IRA ina sheilbh aige. Gearradh trí bliana i scoil cheartúcháin air agus níor fhill sé ar Éirinn go dtí 1941. Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag air i 1942 ar chúis go ndearna sé iarracht beirt bhleachtairí a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé ar dtús ach aistríodh go campa géibhinn an Churraigh é níos déanaí. Ligeadh saor i 1946 é nuair a cuireadh pardún ginearálta do phríosúnaigh phoblachtacha i bhfeidhm. Chaith sé seal i bpríosún i [[Manchain]] i 1947 de bharr iarracht a dhéanamh comrádaí poblachtach leis a shaoradh ó phríosún.
==An Scríbhneoir==
Tháinig ardú mór ar a cháil i 1954 nuair a léiríodh dráma leis, ''The Quare Fella'' (béarlagair príosúin ar ‘duine daortha chun báis’), sa Pike Theatre i mBaile Átha Cliath. Mhair sé ar stáitse ar feadh sé mhí. I 1956 léiríodh sa [[West End]] i [[Londain]] agus ar Broadway i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] é agus bhain an Beachánach clú idirnáisiúnta amach dá bharr. I 1957 léiríodh dráma Gaeilge leis, ''an Ghiall'' (The Hostage), in amharclann an Damer agus foilsíodh a úrscéal dírbheathaisnéiseach ''Borstal Boy''. Bhí Breandán Ó Beacháin anois ar dhuine de phríomhscríbhneoirí Éireannacha na linne. I measc shaothair eile Uí Bheacháin tá dráma, Richard’s Cork Leg, agus roinnt drámaí don raidió chomh maith le roinnt leabhar. Chum sé dhá amhrán chlúiteacha freisin, ''The Auld Triangle'' agus ''The Captains and the Kings''.
==Deireadh Ré==
Fuair sé bás in Ospidéal na Mí, Baile Átha Cliath i 1964 agus é bliain is daichead, agus cuireadh i [[Reilig Ghlas Naíon]] é.
{{síol}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Beacháin, Breandán]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1923|Beacháin, Breandán]]
|