An difríocht idir athruithe ar: "Otto von Bismarck"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
m Scrios mé glanadh |
||
Líne 38:
Sa bhliain 1839, fuair a mháthair bás. Ansin, shocraigh sé síos san eastát talmhaíochta le dul le [[Feirmeoir|feirmeoireacht]]. Thug seisean agus a dheartháir Bernhard aire don trí eastát a bhí ag a n-athair, mar atá, Kniephof, Jarchlin, agus Külz. Nuair a toghadh Bernhard ina bhall den ''Landrat'' (comhairle an chúige) sa bhliain 1841, fágadh Kniephof agus Külz faoi Otto, agus ba é Bernhard a fuair Jarchlin. Ba é an t-athair a bhí i mbun na dtailte i Schönhausen. Sa bhliain 1845, arís, cailleadh an t-athair, agus thit sé ar chrann Otto aire a thabhairt do sheilbh an teaghlaigh i Schönhausen féin.
[[Íomhá:Otto von Bismarck, Jugendbildnis im Alter von 22 Jahren.jpg|clé|mion|22 bliain d'aois]]
Nuair a bhí Otto óg, bhí cáil an bhuachalla bháire air. Tháinig athrú air sin, áfach, nuair a chuir sé suim sa Chráifeachas, gluaiseacht dianchreidimh an [[Liútarachas|Liútarachais]]. Is dócha gurbh i Johanna von Puttkamer (1824-1894) ba mhó a chuir sé spéis, cailín a bhí ina ball den ghluaiseacht seo, nó [[Pósadh|phós]] sé í sa bhliain 1847. D'éirigh leis an
== Tús sa Pholaitíocht ==
|