An difríocht idir athruithe ar: "John Cage"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 4:
Ceannródaí ba ea Cage. Mar shampla le "ceol seansúil", ní fios caidé mar a [[Fuaim|fhuaim]]<nowiki/>neoidh an ceol roimh ré<ref>Ceol don Ardteist, COGG</ref>. Tá an seinnteoir chomh saor agus is féidir leis a bheith chun tobchumadh a dhéanamh (taobh istigh de na teorainn atá leagtha síos ag John Cage). Sampla amháin de phíosa ceoil sa stíl seo ná “Imaginary Landscape” le John Cage áit a bhfuil 12 raidió ag seinm ag an am céanna. Thig leis na seinnteoirí an fhuaim a chur suas nó síos, nó an stáisiún a athrú de réir mar is mian leo. Braitheann an píosa ceoil ar caidé atá ar na stáisiúin éagsúla ag an am. Is furasta a aithint nach mbeadh aon dá sheinm den phíosa seo mar an chéanna. Níor bhac Cage le nodaireacht traidisiúnta, ach d‟úsáid sé nodaireacht ghrafach.
 
{{listen|type=music
| filename = Cage-cheap-imitation-exceprt.ogg
| title = Opening bars of ''Cheap Imitation'' (1969)
| description = Performed by the composer in 1976, shortly before he had to retire from performing.
}}
=== Tost ===
Rinne Cage tástálacha le [[tost]], inar bhain úsáid as [[dísle]] chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú. ''4‟ 33”'' is teideal do phíosa a chum John Cage. Sa phíosa seo níl ann ach seinnteoir amháin, ag an phianó, agus suíonn an seinnteoir ag an uirlis ar feadh 4 [[nóiméad]] 33 [[soicind]]. Ní sheinntear nóta ná ní dhéantar aon [[Fuaim|fhuaim]] faoi leith.
 
Ba é an smaoineamh a bhí ag Cage ná gurb é ceol an tsaoil nó ceol na beatha féin a bhí le cluinstin ag an lucht éisteachta. Mar sin b‟fhéidir go mbeadh duine amháin ag casachtaí, nó gíoscán ó shuíochán le brath agus ba iad na fuaimeanna seo, measctha leis an tost, an t-aonad ar a thug an cumadóir 4‟ 33”.
 
== Ceol Éireannach ==