An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Dheireadh Fómhair"

Content deleted Content added
Líne 27:
Roimhe sin féin, shealbhaigh siad foirgnimh agus áiseanna an rialtais gan oiread is urchar a scaoileadh, agus an chuid ba mhó den am, seachnaíodh an doirteadh fola. Istoíche, idir an cúigiú agus an seachtú lá de Mhí na Samhna, a rinne na Boilséivigh ar an bPálás Geimhridh i gCathair Pheadair. Thosaigh an t-ionsaí seo nuair a scaoileadh urchar gunna mhóir ar bhord an chúrsóra Avrora, cúig nóiméad déag roimh a deich a chlog iarnóna.
 
Bhí an Pálás Geimhridh á ghardáil ag [[Cosacaigh]], cathlán ban[[saighdiúir]]í, agus cór na n-ábhar oifigeach. D'fhorghabh na Boilséivigh an pálás ag a dó a chlog réamhnónaar an 8 Samhain (26 Deireach Fómhair)<ref>Neil Faulkner - [http://www.jstor.org/stable/pdf/j.ctt1k85dnw.15.pdf A People's History of the Russian Revolution", agus gaireadhl203 http://www.jstor.org/stable/pdf/j.ctt1k85dnw.15.pdf] (2017, Pluto Press)</ref>. Gaireadh lá oifigiúil na réabhlóide den seachtú lá de Mhí na Samhna, de réir an fhéilire Ghréagóraigh.

An cur síos oifigiúil a tugadh ar na himeachtaí ina dhiaidh sin i mbolscaireacht oifigiúil an Aontais Shóivéadaigh, rinne sé an dúrud d'fhorghabháil an Phálás Geimhridh, agus troid fhuilteach á cur os comhair an pháláis, ach le fírinne, níor cuireadh mórán in aghaidh na mBoilséiveach sa Phálás Geimhridh, ach oiread leis na foirgnimh oifigiúla eile.
 
Roghnaíodh an lá sin thar aon lá eile, toisc go raibh toscairí agus ionadaithe na Sóivéidí - is é sin, na gComhairlí neamhspleácha a bhí curtha ar bun ag na saighdiúirí agus an lucht oibre go spontáineach - ag teacht le chéile ar an seachtú lá de Mhí na Samhna sa chathair, nó bhí an Dara Comhdháil Uile-Rúiseach s'acu le tosú ansin. Bhí na Boilséivigh ag tabhairt le fios nár shealbhaigh siad an chumhacht ach le hí a bhronnadh ar an gComhdháil sin.