An difríocht idir athruithe ar: "Ivan IV Vasilyevich"
Content deleted Content added
Ainm Rúisise |
No edit summary |
||
Líne 16:
|síniú =
|}}
{{Glanadh}}
Bhí '''Ivan IV Vasilyevich''' (Rúisis: Ива́н Васи́льевич) ina Shár ar [[an Rúis]] sa [[16ú haois|séú haois déag]].
Line 21 ⟶ 22:
Cailleadh athair Ivan, Vasiliy a Trí, sa bhliain [[1533]], agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac óg, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.
Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí sna boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na sean-Rúise, agus nuair nach raibh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht idir na teaghlaigh éagsúla faoi cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Ivan óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an gcineál brilsce agus bruíonachais a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na
Chloígh Ivan an dá Chánacht mhóra, Kazan agus Astrakhan, sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an [[Cánacht na Crimé|gCrimé]], nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna chomh cumhachtach dainséarach agus gurbh eagal le hIvan féin é.
Ba le linn Ivan a cuireadh tús le gabháltas na [[An tSibéir|Sibéire]]. Bhronn Ivan tailte móra in oirthear na Rúise - arbh ionann é ag an am agus na Sléibhte Úralacha, teorainn na [[Eoraip|hEorpa]] is na h[[Áise]] - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov.
Bhí súil ag Ivan go dtabharfadh Stroganov an áit chun míntíreachais agus go dtógfadh sé poill mhianaigh ansin le salann a bhaint as an talamh. D'fhruiligh Stroganov arm príobháideach lena chuid tailte a chosaint agus chuir sé cath ar na Tatáraigh agus na bundúchasaigh eile a raibh a chuid tailte ag críochantacht lena gcríocha.
Ar ndóigh, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Yermak féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ngabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"[[Iarthar Fiáin]]" ó na hIndiaigh. - Thairis sin, ba tréimhse mhór bhorrtha í tréimhse Ivan i gcúrsaí trádála ar dhóigheanna eile fosta, agus naisc úra á gceangal leis an Eoraip féin chomh maith leis an Áis.▼
Ba thoradh é seo gur éirigh cogadh idir na Tatáraigh áitiúla agus díormaí Stroganov. De réir a chéile d'éirigh le Yermak, taoiseach [[Cosacaigh|Cosacach]] a bhí ina cheann urra ar thrúpaí Stroganov, an oiread sin talamh a dhéanamh san Oirthear agus gur gabháltas ann féin a bhí ann. Is é an rud a tharraing an gabháltas seo ina dhiaidh ná caidreamh le pobail agus le dreamanna nua, ar nós treibheanna beaga d'fháiteallaithe a raibh craicinn fhionnaidh le ceannacht uathu. Mar sin, chuir lucht gnó na Rúise suim sna seansanna úra san Oirthear, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir de réir a chéile.
▲Ar ndóigh, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Yermak féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ngabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"[[Iarthar Fiáin]]" ó na hIndiaigh. - Thairis sin, ba
Bhí cogadh ar na bacáin leis na Sualannaigh fosta. Bhí teorainn thoir na [[An tSualainn|Sualainne]] - agus í suite fiarthrasna na [[An Fhionlainn|Fionlainne]] - sainithe an chéad uair riamh sa chonradh síochána a shocraigh [[Novgorod]] agus an tSualainn sa bhliain 1323, ach de réir a chéile bhí an tSualainn éirithe as an teorainn seo a urramú, agus áitribh mhíntíreachais á mbunú ag feirmeoirí ón taobh Sualannach den teorainn ar an taobh eile. D'éirigh ina chogadh idir an dá thír seo sa bhliain 1555, ach tháinig deireadh leis i gceann dhá bhliain gan aon athrú ar na teorainneacha, ná aon bhuanfhuascailt ar na fadhbanna ba bhun leis an gcogadh. Bhí an Rúis agus an tSualainn le cogadh i ndiaidh cogaidh a chur ar a chéile sna haoiseanna a bhí le teacht, agus an Fhionlainn á satailt go minic ag na saighdiúirí.
Line 35 ⟶ 40:
Ghabh an Rúis píosa maith d'Oirthear na hEastóine sa bhliain 1558, agus chuaigh an chuid eile de na tíortha Baltacha i dtuilleamaí na gcomharsan eile le cosaint agus díonadh a fháil ar an Rúis. Mar sin a fuair an tSualainn, [[an Danmhairg]] agus ríocht dhúbailte na [[An Pholainn|Polainne]] is na [[An Liotuáin|Liotuáine]] an chéad fhód san Eastóin agus [[an Laitvia]].
D'éirigh le hIvan tionchar éigin a fháil ar ghabháltaisí Baltacha na Danmhairge tríd an bprionsa áitiúil Dhanmhargach a bhladar chun géillsineachta le tuilleadh tailte a ghealladh dó mar fheod. Mhair an chogaíocht i gcónaí idir an tSualainn agus an Rúis sna tíortha Baltacha, áfach. Le teacht an rí Ungáraigh
Níorbh iad a chuid cogaí leis na tíortha coimhthíocha a thabhaigh a leasainm d'Ivan Uafásach, ach an cogadh a chuir sé ar mhuintir a thíre féin taobh istigh de stát Mhoscó. B'iad na huaisle - na Boigheáraigh - ba mhó a bhí thíos le polasaithe Ivan, nó ní raibh aon mhuinín aige astu siúd. Chuir Ivan le chéile cineál rúnseirbhís phearsanta dá chuid féin, na h''Oprichniki'', le cumhacht na mBoigheárach a chloí. B'ionann sin agus géarleanúint mhíthocaireach ina bhfuair na sluaite móra
Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Ivan Uafásach ina shaol phríobháideach féin, chomh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach
▲Níorbh iad a chuid cogaí leis na tíortha coimhthíocha a thabhaigh a leasainm d'Ivan Uafásach, ach an cogadh a chuir sé ar mhuintir a thíre féin taobh istigh de stát Mhoscó. B'iad na huaisle - na Boigheáraigh - ba mhó a bhí thíos le polasaithe Ivan, nó ní raibh aon mhuinín aige astu siúd. Chuir Ivan le chéile cineál rúnseirbhís phearsanta dá chuid féin, na h''Oprichniki'', le cumhacht na mBoigheárach a chloí. B'ionann sin agus géarleanúint mhíthocaireach ina bhfuair na sluaite móra de dhaoiní bás, agus ní Boigheáraigh amháin a bhí á marú. Theann lámh láidir Ivan chomh dian dána dásachtach ar na Boigheáraigh agus gur thogair cuid mhór acu a gcuid tailte a thréigean agus tearmann a lorg ar imeall na ríochta.
== Tagairtí ==
▲Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Ivan Uafásach ina shaol phríobháideach féin, chomh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach [[Ilya Repin]] pictiúr clúiteach den mhóitíf seo: Ivan Uafásach i ndiaidh dó a mhac a mharú.) Bhí an oiread sin reiligiúndachta in Ivan agus gur nós leis breithiúnas aithrí a dhéanamh in éiric an éirligh a rinne sé ar a chuid namhad. Fuair sé bás sa bhliain 1584.
{{Reflist}}
{{Ceannairí na Rúise}}
|