An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 15:
|mana =
|}}
Bhí '''Iúil Caesar''' (''Caius Iulius Caesar'' an leagan Laidine dá ainm; [[13 Iúil]], [[100 RC]] - [[15 Márta]], [[44 RC]]) ina [[ginearál|ghinearál]], ina [[polaitíocht|pholaiteoir]] agus ina [[scríbhneoir]] sa [[an tSean-Róimh|tSean-Róimh]]. Bhí sé ina bhall den [[chéad triúracht]], agus ina dhiaidh sin, bhain sé amach [[deachtóir]]eacht na [[Poblacht Rómhánach|Poblachta Rómhánaí]]. Bíonn staidéar á dhéanamh fós ag scoláirí [[An Laidin|Laidine]] agus ag staraithe [[Fórsaí armtha|míleata]] ar a chuid [[Scríbhneoir|scríbhinní]], go háirithe ar an [[leabhar]] a scríobh sé faoin gcogadhg[[cogadh]] Gallach[[Gallaigh|Gall]]<nowiki/>ach.
 
== An SaolCúlra ==
 
=== A Ghinealas ===
 
Fear de phór uasal ba ea Caius Iulius Caesar, agus baint aige le muintir Iúil nó ''gens Iulia'', ceann de na teaghlaigh ba shine agus ab uaisle sa [[An Róimh|Róimh]]. Chreid muintir Iúil go raibh gaol acu le Ascanius-Iulus, mac [[Aeinéas]]. Ba é Aeinéas bunaitheoir na Róimhe, de réir mar a mhaígh seanscéal Rómhánach, agus ba í an bandia Véineas féin máthair Aeinéas, má b'fhíor don tseanscéal chéanna. Leis an nginealas diaga seo a urramú, thóg Iúil Caesar teampall nua don bhandia sin, nuair a bhí sé i gceannas ar an Róimh, sa bhliain 45 r.Chr.
 
Ní raibh fáltas ná tionchar polaitiúil ag roinnt leis an mórtas cine seo, mar, déanta na fírinne, ní raibh ag éirí go rómhaith le muintir Iúil i gcúrsaí polaitíochta ná eile. Sa bhliain 451 r. Chr. bhí fear darbh ainm Caius Iulius Iullus ar fear de na deichniúraithe nó ''decemviri'', a bhí le malairt cuma a chur ar an Róimh. Sa chéad dhá chéad bliain eile, ní raibh ach beirt fhear de mhuintir Iúil ina gconsail. Bhí athair Caius Iulius Caesar ina phraetóir sa bhliain 92 r. Chr. Bhí gaolta Caesar ina gconsail agus ina gcinsirí (is é sin, ina ndaonáiritheoirí), freisin. Nuair a chuaigh Caesar le polaitíocht, ba é an ginealas a dheimhnigh go rachadh sé leis na ''Populares'', le páirtí an phobail. Mar shampla, bhí a uncail Caius Marius ina ghinearál a chloígh an dá threibh bharbartha úd ''Cimbri'' agus ''Teutoni'', agus é i gceannas ar [[Páirtí polaitíochta|pháirtí]] an phobail sa [[Seanad na Róimhe|Seanad]] chomh maith.
 
Bhí gaolta Caesar ina gconsail agus ina gcinsirí (is é sin, ina ndaonáiritheoirí), freisin.
=== An Chéad Tosach sa Pholaitíocht ===
 
== Saol ==
Sa bhliain 84 r. Chr. phós Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail [[Lucius Cornelius Cinna]], a raibh baint aige le páirtí na b''Populares''. Sa bhliain chéanna bhain Caesar amach post tábhachtach mar ''Flamen Dialis'', is é sin, príomhshagart Iúpatair. B'fhéidir leas polaitiúil a bhaint as an bpost seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le [[Lucius Cornelius Sulla]] deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na n''Optimates'', is é sin, páirtí na huasalaicme, bhí Caesar i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na ''Populares'', mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar idirscaradh ó Cornelia ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh [[dúnmharú]] polaitiúil á bhagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a theitheadh taobh amuigh den [[An Róimh|phríomhchathair]].
 
Sa bhliain 84 r. Chr. [[Pósadh|phós]] Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail [[Lucius Cornelius Cinna]], a raibh baint aige le páirtí na b''Populares''. Nuair a chuaigh Caesar le polaitíocht, ba é an ginealas a dheimhnigh go rachadh sé leis na ''Populares'', le páirtí an phobail. Mar shampla, bhí a uncail Caius Marius ina ghinearál a chloígh an dá threibh bharbartha úd ''Cimbri'' agus ''Teutoni'', agus é i gceannas ar [[Páirtí polaitíochta|pháirtí]] an phobail sa [[Seanad na Róimhe|Seanad]] chomh maith.
Bhí fáilte roimhe sna fórsaí armtha, ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí cathair Mytilene in oileán Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí Thermus, bronnadh an ''corona civica'' nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar—b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an [[rí|Rí]].
 
Sa bhliain 84chéanna r.(agus Chr. phósbhliain Iúild'aois Caesar Corneliaaige), iníon an chonsail [[Lucius Cornelius Cinna]], a raibh baint aige le páirtí na b''Populares''. Sa bhliain chéanna bhain Caesar amach post tábhachtach mar ''Flamen Dialis'', is é sin, príomhshagartpríomh[[Sagart|shagart]] Iúpatair. B'fhéidir leas polaitiúil a bhaint as an bpost seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le [[Lucius Cornelius Sulla]] deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na n''Optimates'', is é sin, páirtí na huasalaicme, bhí Caesar i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na ''Populares'', mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar idirscaradh ó Cornelia ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh [[dúnmharú]] polaitiúil á bhagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a theitheadh taobh amuigh den [[An Róimh|phríomhchathair]].
Sa bhliain 78 r. Chr. fuair Sulla bás agus d'fhill Caesar ar an Róimh le dul le polaitíocht arís. Mar ba ghnách sa Róimh ag an am, rinneadh ionchúisitheoir agus mionstátseirbhíseach—duine de na ''vigintisexviri—''de mo dhuine. Ina ionchúisitheoir dó chúisigh sé an t-iar-chonsal Cnaeus Cornelius Dolabella, duine de lucht leanúna Sulla. Thuig muintir na Róimhe as seo go raibh Caesar i ndeabhaidh le páirtí Sulla i gcónaí.
[[Íomhá:Julius Caesar.jpg|clé|mion|dealbh bhrád, Pantelleria]]
Bhí fáilte roimhe sna [[fórsaí armtha]], ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí [[Cathair (lonnaíocht)|cathair]] Mytilene in [[oileán]] Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí[[saighdiúir]]í Thermus, bronnadh an ''corona civica'' nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar—b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an [[rí|Rí]].
 
Sa bhliain 78 r. Chr. fuair Sulla bás agus d'fhill Caesar ar an Róimh le dul le [[polaitíocht]] arís. Mar ba ghnách sa Róimh ag an am, rinneadh ionchúisitheoir agus mionstátseirbhíseach—duine de na ''vigintisexviri—''de mo dhuine. Ina ionchúisitheoir dó chúisigh sé an t-iar-chonsal Cnaeus Cornelius Dolabella, duine de lucht leanúna Sulla. Thuig muintir na Róimhe as seo go raibh Caesar i ndeabhaidh le páirtí Sulla i gcónaí.
 
Le teitheadh ó fhuath mhuintir Sulla, chinn Caesar ar an Róimh a thréigean arís, cé nach le saighdiúireacht a chuaigh sé. Is é an rud a rinne sé ná a aghaidh a thabhairt ar Oileán Ródas sa [[An tSean-Ghréig|Ghréig]] le reitric agus deisbhéalaí a fhoghlaim ó mháistir aitheanta na ceirde, Mólan. Níor tháinig sé a fhad le scoil Mhólain riamh, áfach, nó ghabh foghlaithe mara ina phríosúnach é le hairgead a fhuascailte a éileamh ar a mhuintir. Deirtear gur chuala Caesar iad ag rá go raibh cuma an bhoic mhóir air agus go raibh siad le fiche tallann óir a éileamh. Bhí Caesar den tuairim nach rachadh sé a phraghas ceart ar fhiche tallann óir, áfach, agus é ag áitiú ar na foghlaithe gurbh fhiú dóibh caoga tallann a iarraidh. San am céanna, dúirt sé leis na foghlaithe go gcrochfadh sé gach mac mallachta acu ar chros dá mbeadh sé de dhíth céille acu é a scaoileadh saor ina bheo. Níor thug na foghlaithe aird ar an rabhadh seo; fuair siad an caoga tallann, agus nuair a d'éirigh le Caesar a dhóthain saighdiúirí a fháil chuige chuaigh sé sa tóir ar na fuadaitheoirí. Ghabh sé iad sa deireadh agus chuir sé beart lena bhagairt, nó chéas sé na foghlaithe mara ar chros. Ó bhí siad ina gceann maith dó i rith a bhraighdeanais, áfach, bhris sé a gcuid cos sular crochadh iad le nach mbeadh moill mhór ar an mbás.
Line 44 ⟶ 46:
 
Ba é an chéad phost tábhachtach a bhí ag Caesar taobh amuigh den Róimh ná próphraetóireacht na [[An Spáinn|Spáinne]]. Chuir sé cogadh fíochmhar ar na hIbéirigh, rud a thuill clú an straitéiseora dó agus a chuidigh leis bail a chur air féin i gcúrsaí airgid, rud ba ghá agus é chomh báite sin i bhfiacha. Bhí sé in inmhe, mar sin, cur isteach ar an bpost ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe, is é sin, an chonsalacht.
[[Íomhá:Pompejus modified.png|mion|
 
[[Cnaeus Pompeius Magnus]]
]]
Is iomaí Seanadóir a bhí míshásta le saint Chaesar sa chonsalacht, agus leis an ród a réiteach roimhe chuaigh Caesar i bpáirt le beirt sárachán eile, mar atá, [[Marcus Licinius Crassus]] agus [[Cnaeus Pompeius Magnus]]. Ba í seo an chéad [[Triúracht]], nó "an t-arrachtach tríchloigneach", mar a dúirt Varro. Tháinig an t-airgead (Crassus), an oirbheartaíocht mhíleata (Pompeius) agus an tionchar polaitiúil (Caesar) le chéile sa triúracht seo. Leis an gceangal a dhaingniú, phós Pompeius iníon Caesar, Iulia.
 
Bhí an triúracht in ann an chonsalacht a bhaint amach do Caesar sa bhliain 59 r. Chr. Bhí cuid mhór de na Seanadóirí ag cur ina aghaidh mar sin féin, agus d'fhéach siad fiú le hé a chur as a phost trí tháinseamh. Ós rud é gur bronnadh próchonsalacht cúig bliana air le go mbeadh sé in ann cogadh a chur ar na hIllírigh agus ar na Gailligh[[Gallaigh|Galla]]<nowiki/>igh, ní raibh seans ag a chuid naimhde an [[dlí]] a chur air mar ba mhian leo. Nuair a toghadh ina chonsal é phós sé arís. Calpurnia a bhí ar an mbrídeog, agus í ar an tríú bean chéile aige.
 
==== An PhróchonsalachtPróchonsalacht agus Cogadh na Gaille ====
 
Is é is brí le "próchonsalacht" ná fad a cur le tréimhse na consalachta: de ghnáth ní mhairfeadh an chonsalacht thar aon bhliain amháin, ach bhí sé de nós ag na Rómhánaigh an chumhacht sin a thabhairt do na ginearáil go ceann tamaill eile. Chuir an phróchonsalacht ar chumas Caesar arm a earcú, rud a lig dó cogadh a chur ar na GaillighGallaigh lena dtír a fhorghabháil don Róimh.
 
D'éirigh leis an triúracht fad eile a chur le próchonsalacht Chaesar, nó bhí consalacht ag Crassus agus Pompeius araon sa bhliain 55 r.Chr. Chaith Caesar deich mbliana ar fad ina phróchonsal, mar sin, agus é ag cogaíocht sa Ghaill. D'éirigh le Caesar iomlán na Gaille a shealbhú, a fhad leis [[an Réin]]. Bhí sé in ann easaontas na nGailleachnGallach a chur chun sochair dó féin, agus cuid mhaith de na treibheanna sásta dul i gcomhar le Caesar in aghaidh na gcomharsan. Dá thoradh sin, bhí Caesar in ann na GaillighGallaigh a chloí de réir a chéile, gan cogadh a chur ar an iomlán dearg acu riamh.
 
Bhí Caesar chomh dána dásachtach is gur rith leis sluaíochtaí míleata a dhéanamh go dtí an Ghearmáin agus an Bhreatain, rud a tharraing súil na Róimhe air, nó bhí na Rómhánaigh aineolach ar fad ar na críocha seo ag an am. Chinn Caesar sa deireadh gan gabháltas a dhéanamh orthu, agus níor thit [[an Bhreatain]] leis na Rómhánaigh ach céad bliain níos deireanaí. An teorainn a fheicimid idir an Fhrainc agus an Ghearmáin inniu, tá sí suite san áit ar fhág Caesar í, a bheag nó a mhór.
[[Íomhá:CaesarElephant.jpg|mion|255x255px|49-48 BC. AR Denarius (17mm, 4.01 g, 2h).]]
Is féidir a mhaíomh gur maraíodh milliún GailleachGallach le linn an chogaidh a chuir Caesar ar an nGaill. Fágadh milliún eile i ndaoirse agus i ndaorbhroid. Thug Caesar cuntas ar a chuid eachtraí sa Ghaill sa leabhar is cáiliúla dá chuid, mar atá, ''Commentarii de bello Gallico—''Tráchtaireacht ar chogadh na Gaille. An t-eolas atá againne ar chogaíocht na Rómhánach, tháinig cuid nach beag de chugainn ón leabhar seo. Leabhar bolscaireachta a bhí ann go bunúsach, lena chruthú don tSeanad go raibh údar ceart leis an gcogadh. Thairis sin de, ba í an leabhar seo a chuir ar a súile do na Rómhánaigh den chéad uair gur dhá phobal éagsúla ba ea na Ceiltigh agus na Gearmánaigh. Roimhe sin, shíl na Rómhánaigh nach raibh sna Gearmánaigh ach ceann de na treibheacha Ceilteacha.
 
Ba é Vercingetorix an taoiseach ba mhó a chuir in aghaidh Caesar, agus é ar aon chothrom le Caesar mar cheannsaí cogaidh. B'fhada Caesar ag troid le Vercingetorix, a bhris an cath air i nGergovia (in aice le Clermont-Ferrand an lae inniu). Sa deireadh thiar thall, fuair sé an ceann is fearr ar an taoiseach GailleachGallach in Alesia (Alise Sainte-Reine an lae inniu), áit ar thug Vercingetorix é féin suas do Chaesar le comha níos fearr a thabhú dá mhuintir. Deirtear gur chaith an taoiseach GailleachGallach a ghléas cogaidh le cosa Caesar, ach is féidir nach bhfuil i gceist ach teilgean cainte. Taispeánadh Vercingetorixdo mhuintir na Róimhe i mórshiúl caithréime Chaesar, ach ansin cuireadh chun báis é, nó bhí Caesar géarbharúlach gur namhaid dainséarach a bheadh ann dá n-éireodh leis éalú as an mbraighdeánas.
Is féidir a mhaíomh gur maraíodh milliún Gailleach le linn an chogaidh a chuir Caesar ar an nGaill. Fágadh milliún eile i ndaoirse agus i ndaorbhroid. Thug Caesar cuntas ar a chuid eachtraí sa Ghaill sa leabhar is cáiliúla dá chuid, mar atá, ''Commentarii de bello Gallico—''Tráchtaireacht ar chogadh na Gaille. An t-eolas atá againne ar chogaíocht na Rómhánach, tháinig cuid nach beag de chugainn ón leabhar seo. Leabhar bolscaireachta a bhí ann go bunúsach, lena chruthú don tSeanad go raibh údar ceart leis an gcogadh. Thairis sin de, ba í an leabhar seo a chuir ar a súile do na Rómhánaigh den chéad uair gur dhá phobal éagsúla ba ea na Ceiltigh agus na Gearmánaigh. Roimhe sin, shíl na Rómhánaigh nach raibh sna Gearmánaigh ach ceann de na treibheacha Ceilteacha.
 
Ba é Vercingetorix an taoiseach ba mhó a chuir in aghaidh Caesar, agus é ar aon chothrom le Caesar mar cheannsaí cogaidh. B'fhada Caesar ag troid le Vercingetorix, a bhris an cath air i nGergovia (in aice le Clermont-Ferrand an lae inniu). Sa deireadh thiar thall, fuair sé an ceann is fearr ar an taoiseach Gailleach in Alesia (Alise Sainte-Reine an lae inniu), áit ar thug Vercingetorix é féin suas do Chaesar le comha níos fearr a thabhú dá mhuintir. Deirtear gur chaith an taoiseach Gailleach a ghléas cogaidh le cosa Caesar, ach is féidir nach bhfuil i gceist ach teilgean cainte. Taispeánadh Vercingetorixdo mhuintir na Róimhe i mórshiúl caithréime Chaesar, ach ansin cuireadh chun báis é, nó bhí Caesar géarbharúlach gur namhaid dainséarach a bheadh ann dá n-éireodh leis éalú as an mbraighdeánas.
 
Is follasach go raibh leas polaitiúil le baint as an gcaithréim seo, chomh maith le rachmas saolta, agus bhain Caesar an-tairbhe as na heachtraí cogaidh agus é ag iarraidh cumhacht a bhaint amach sa bhaile.
 
==== An Cogadh Cathartha ====
 
Sa bhliain 53 r. Chr. maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. Bhí Pompeius buartha faoi bhorradh Chaesar agus thosaigh sé ag déanamh mórtachais le Seanadóirí a raibh an colg céanna orthu. Bhí Caesar féin i ndeireadh na próchonsalachta agus é fágtha gan tacaíocht pholaitiúil de bharr chliseadh na Triúrachta.
[[Íomhá:Crossing the Rubicon.jpg|clé|mion|Abhainn Rubico, [[:en:Jacob_Abbott|Abbott, Jacob]], (1803-1879) 1849]]
Ba bhaol dó comhar Phompeius agus an tSeanaid, agus an chuma ar an scéal go ngabhfaidís é ar theacht go dtí an Róimh dó. Shíl sé, mar sin, nach raibh de rogha air ach teacht i dtreis le lámh láidir. Choisc an Seanad air a chuid léigiún a thabhairt leis go dtí an Iodáil, ach nuair a bhain sé amach teorainn na hIodáile agus na Gaille, Abhainn Rubico, ar an deichiú lá d'Eanáir, 49 r.Chr., chuaigh sé chun diúnais ar an Seanad agus thug cúig mhíle fear leis. Deirtear gur ar an ócáid úd a chualathas na focail chlúiteacha—''alea iacta est—''á labhairt aige. Ós rud é go raibh an Ghréigis chomh líofa aige leis an Laidin, mar ba dhual do scothaicme na Róimhe ag an am, is dócha gurb as Gréigis a dúirt sé iad—''anerriphtho kybos''. Tá tagairt sa mhéid sin do dhráma le Menandros, drámadóir Gréagach.
 
Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus theith Pompeius agus cuid mhór de na Seanadóirí go dtí an Ghréig roimhe.
Line 73 ⟶ 79:
Ní raibh an cogadh cathartha críochnaithe go fóill, áfach. Bhí fórsaí an tSeanaid ag troid le Caesar i gcónaí, agus chuir sé cath orthu ag Thapsus i dtuaisceart na hAfraice ar an séú lá de Mhí Aibreáin, 46 r. Chr.. Chloígh sé Metellus Scipio agus Marcus Porcius Cato Óg, mac le [[Marcus Porcius Cato Maior|Cato Mór]]. D'éirigh Cnaeus Óg agus Sextus, beirt mhac le Pompeius, amach ina aghaidh, ach d'éirigh le Caesar an cogadh seo—Cogadh na Spáinne - a bhuachan chomh maith. Tháinig deireadh leis i Mí na Márta den bhliain 45 r. Chr., nuair a chloígh Caesar mic Pompeius ag Munda. Chuir Cnaeus lámh ina bhás féin ach tháinig an deartháir eile slán.
 
=== An Deachtóireacht ===
[[Íomhá:RSC 0022 - transparent background.png|thumb|right|334px|Bonn ''Denarius'' ón [[1ú haois RC]] (44 RC). Caesar ar thaobh na láimhe clé. Venus ar thaobh na láimhe deise.]]
Ní raibh an deachtóireacht bainte amach ag Caesar go fóill nuair a chrom sé ar reachtaíocht na Róimhe a leasú. Thug sé isteach roinnt mhaith dlíthe nua ([[Leges Iuliae]]), agus bhí rún aige slacht a chur ar na dlíthe go léir. Leasaigh sé an féilire agus bhí sé ag smaoineamh ar na Portaigh Phointíneacha a thriomú.
Line 81 ⟶ 87:
Níl na staraithe ar aon tuairim inniu féin faoi cé acu a bhí fonn ar Chaesar rítheaghlach a bhunú agus an phoblacht a threascairt nó nach raibh. Bhí cumhacht ríoga aige cheana ach thuig sé nach bhféadfadh sé an scéal a phlé os ard. Chuimhnigh sé ar chogaidh eile a thosú—na Pairtigh a ionsaí agus díoltas a agairt orthu as marú Crassus.
 
=== An Bás ===
 
[[Dúnmharú|Dúnmharaíodh]] Iúil Caesar ar an [[15 Márta|gcúigiú lá déag de Mhí na Márta]] (''Idus Martiae'', de réir fhéilire na Rómhánach) den bhliain 44 r. Chr. Bhí sé tar éis teacht go dtí an Seanad agus suí síos mar ar ghnách leis nuair a chonaic sé an lucht comhcheilge ag nochtadh a gcuid arm (''styli'' nó pinn mhiotail, is dócha) ina thimpeall. Ba é an sceanach ceart é agus gach duine ag iarraidh a chion féin den obair a dhéanamh.
Line 89 ⟶ 95:
Ní raibh Marcus Tullius Cicero, máistir na deisbhéalaí agus na reitrice, sáite sa chomhcheilg, ach mura raibh, chonaic sé an dúnmharú le súile a chinn féin, agus bhí sé an-sásta go raibh deireadh curtha leis an "tíorántacht". Bhí sé ar dhuine de na naimhde ba bhinbí a bhí ag Caesar i saol polaitíochta na Róimhe (cé gur bhreá leis prós Chaesar), agus níor cheil sé an ríméad a bhí air i ndiaidh an dúnmharaithe.
 
=== An Oidhreacht ===
 
Níor tháinig deireadh le cogadh cathartha na Róimhe le dúnmharú Caesar, a mhalairt ar fad. Ar dtús, bhris Marcus Antonius (a bhí ina chomh-Chonsal ag Caesar sa bhliain 44 r. Chr.) agus Octavianus, garnia is mac uchta Caesar, an cogadh ar lucht na comhcheilge. Iadsan, in éineacht leis an nginearál Marcus Aemilius Lepidus, a chuaigh le chéile sa Dara Triúracht.
Line 107 ⟶ 113:
Thairis sin de scríobh Caesar saothar beag, ''De bello civili'', inar phléigh sé an chuid den chogadh cathartha a chonaic sé lena shúile cinn féin. Má tháinig aon saothar eile óna lámh níl a dhath fágtha de.
 
=== Bun-Fhoinsí ===
 
==== A Shaothair Féin ====
Line 130 ⟶ 136:
* [http://virgil.org/caesar/ Acmhainní ar líne]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{Teimpléad:Litríocht na Sean-Róimhe}}