An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Lios Cearúill"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 14:
 
== Teach an gheata ==
Is é teach an gheata an túr is mó, agus cuma air go mbaineann sé le leath thosaigh an 13ú aoishaois, sular tháinig tithe geata dhá thúr san fhaisean. Téitear isteach trí bhealach boghta, agus dealraíonn sé go raibh geata crochta dhá throigh is fiche siar ón ngeata tosaigh agus geata eile sé throigh siar uaidh sin arís. Tá inse cloiche amháin fágtha den gheata úd. Ní féidir a rá anois an raibh droichead tógála ann, ach tá dhá poll "murdair" sa bhoghta díreach ar chúl an gheata thosaigh.
 
Is dócha gur tar éis [[1500]] a tógadh an chuid uachtarach den teach seo. Tá dhá urlar os cionn an gheata amuigh; boghta cruinn atá ar an seomra thíos agus bhí díon adhmad ar an seomra thuas. Tá tinteán faoi chumhdach sa seomra úd agus staighre síos curtha isteach go cliste sa bhalla thiar. Seomra mór atá ar an gcéad urlár - halla an chaisleáin, b'fhéidir. Tá staighre bíseach ag dul síos uaidh agus staighre eile ag dul suas ón bhfuinneog thuaidh chun gairéid.