An difríocht idir athruithe ar: "Cinedheighilt"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:ApartheidSignEnglishAfrikaans.jpg|mion|roimh na 1990idí]]
Is éard a bhí i gceist leis an '''apairtéid''' (nó '''''apartheid''''') ná an córas cinedheighilte a bhí i bhfeidhm san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] ón mbliain 1948 go dtí na [[1990idí]]. Tháinig an [[focal]] féin ''apartheid'' ón [[Afracáinis]], an leagan den [[Ollainnis]] a labhraítear san Afraic Theas, agus is é is brí leis ná "scarúint" nó "scarthacht" (''apart'' = scartha, ''-heid'' = -cht, cf. an iarmhír ''-heit'' sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] agus ''-hood'' i bh[[focal|focail]] [[Béarla|Bhéarla]] cosúil le ''neighbourhood'', ''manhood'' nó ''maidenhood''). Go bunúsach, tháinig

Tháinig an [[córas]] seo in úsáid nuair a ghnóthaigh na páirtithe Búracha, an Páirtí Náisiúnaíoch agus an Páirtí ''Afrikaner'', [[olltoghchán|olltoghcháin]] na bliana 1948.
 
[[Íomhá:DurbanSign1989.jpg|thumb|260px|Fógra ar an trá - Durban - 1989. ''Cathair Durban: De réir Alt a 37 i bhfodhlíthe na trá, níl cead isteach ach ag daoine den chine gheal sa láthair shnámha seo'', a deir sé i mBéarla, in [[Afracáinis]] agus i [[Súlúis]].|clé]]
Line 7 ⟶ 9:
== Cruthú na cinedheighilte ==
 
Chualathas an focal "apartheid" an chéad uair ó [[béal|bhéal]] Jan Smuts, thiar sa bhliain 1917, nó dhá bhliain sular bhain sé amach [[Príomh-Aire]]<nowiki/>acht na hAfraice Theas. Deir daoine áirithe inniu nach raibh i gceist san am ach leanúint leis na [[dlí]]the cinedheighilte a bhí i bhfeidhm san Afraic Theas roimhe sin. Bhí na dlíthe seo bunaithe ar choinníollacha na [[síocháin|síochán]]a a shocraigh na [[Sasanaigh]] leis na Bóraigh i ndiaidh [[Dara Cogadh na mBórach|Chogadh na mBórach]]. Go bunúsach, áfach, b'í an scarúint pholaitiúil éirim an scéil, seachas an chinedheighilt. Le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]], thosaigh an Páirtí Aontaithe ag éirí as an gcuid is déine den chinedheighilt.
[[Íomhá:Apartheid.jpg|mion|Muizenberg, Cape Town, Meitheamh 1985]]
I dtoghcháin na bliana 1948, bhí feachtas an Pháirtí Náisiúnta - páirtí náisiúnaíoch na mBórach - bunaithe ar cheist an pholasaí apairtéide, agus vótáladh isteach iad maille leis an bPáirtí ''Afrikaner''. Ba é Daniel François Malan a bhain amach oifig an Phríomh-Aire. Ar an toirt, thosaigh rialtas na Náisiúnaithe ag cur córas na hapairtéide i bhfeidhm. Cuireadh cosc le caidreamh craicinn, cleamhnas agus pósadh idir daoine a bhain le dreamanna éagsúla cine, tugadh isteach aicmiú na ndaoine de réir a g[[cine]], agus bunaíodh bord aicmiúcháin le ceist aon duine a fhuascailt nach mbeadh inaicmithe ar an chéad dul síos.
Line 14 ⟶ 16:
Sa bhliain 1950, tháinig an tAcht um Cheantair na nDreamanna (''Group Areas Act'') ar [[leabhar]] na n[[dlí]]<nowiki/>the, agus ba ar an dlí seo a bunaíodh iarrachtaí na n-[[Rialtas|údarás]] leis na ciníocha difriúla a choinneáil ina gcónaí scartha ó chéile. Reachtaíodh an tAcht um Áiseanna Scartha (''Separate Amenities Act'') le cladaí [[snámh]]<nowiki/>a, [[bus]]<nowiki/>anna, otharlanna, agus [[ollscoil]]eanna scartha a bhunú do na ciníocha éagsúla. Na pas-dlíthe a bhí ann cheana féin, tugadh chun déine iad. Cuireadh d'fhiachaibh ar na Gormaigh agus ar na Daiteánaigh cáipéisí aitheantais ar leith a iompar. Na cáipéisí seo, nó an ''domboek'' mar a thugtaí orthu as Afracáinis, cineál pas a bhí iontu a chuir ar chumas duine de mhuintir na gceantar gorm bheith ag obair sa chuid gheal den [[tír]]. Ní raibh oiread is cead isteach ag na Gormaigh sna ceantair gheala gan cháipéisí oifigiúla ar leith.
[[Íomhá:Boycott Apartheid Bus, London, UK. 1989.jpg|clé|mion|333x333px|1989 i [[Londain]]]]
I ndiaidh Malan, tháinig Johannes Gerhardus Strijdom i gceannas ar an tír mar Phríomh-Aire, sa bhliain 1954. Chrom Strijdom ar an mbeagán cearta a bhaint de na Daiteánaigh agus na Gormaigh a bhí fágtha acu go fóill. An [[rialtas]] a bhí ann roimhe sin, chuir sé an Bille um Ionadaíocht Scartha na Vótálaithe (''Separate Representation of Voters Bill'') faoi bhráid na [[Parlaimint|pairliminte]] sa bhliain 1951. Thug ceathrar vótálaithe a raibh tacaíocht an Pháirtí Aontaithe an bille chun na cúirte, áfach, ó nach raibh siad den tuairim go raibh sé ag teacht leis an mbunreacht. Chumhdaigh Cúirt Uachtarach na Rinne (''Cape Supreme Court'') an dlí, ach d'easaontaigh an Chúirt Achomhairc leis an gcinneadh seo, nó fuair sí an t-acht neamhbhailí, nó bhí sé ag teacht salach ar an mBunreacht, agus chaithfí dlí den chineál sin a reachtú mar athrú bunreachta, is é sin, bhí tromlach dhá dtrian de dhíth i dhá theach na [[Parlaimint]]<nowiki/>e le bailíocht a chinntiú don acht.
[[Íomhá:Anti-Apartheid Protest 02 F.jpg|mion|333x333px|agóid, 1980idí san Afraic Theas]]
Ansin, rith an Rialtas an Bille um Ardchúirt na Pairliminte (''High Court of Parliament Bill'') a thug an ceart don Phairlimint comhairlí na gcúirteanna a chur ar neamhní. Níor ghlac Cúirt Uachtarach na Rinne ná an Chúirt Achomhairc leis an mbille seo, áfach. Sa bhliain 1955, chuir rialtas Strijdom breithiúna breise ar an gCúirt Achomhairc. [[Náisiún]]aithe Bóracha ab ea iad na breithiúna nua, ar ndóigh. Thairis sin, méadaíodh an Seanad ó naoi suíochán is dhá scór go naoi suíochán is ceithre scór. Fuair Seanadóirí Náisiúnaíocha seacht gceann déag is trí scór de na suíocháin seo. Sa deireadh thiar thall, ritheadh an Bille um Ionadaíocht Scartha sa bhliain 1956, agus baineadh na Daiteánaigh de rolla na vótálaithe geala. Cuireadh ar rolla dá gcuid féin iad.