An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúis"
Content deleted Content added
DARIO SEVERI (plé | dréachtaí) Updade inf. from wiki (en) |
No edit summary |
||
Líne 66:
Chuaigh blianta an tSóivéadachais go mór mór chun dochair do theanga náisiúnta na tíre. I dtúsbhlianta idéalacha an Aontais Shóivéadaigh, bhí polasaí na "dúchasaíochta" i bhfeidhm, is é sin, bhí iarrachtaí á ndéanamh go hoifigiúil le teangacha na bpoblachtaí beaga a athbheochan agus a fhorbairt. Mar sin, rinne an Bhealarúisis an-dul chun cinn mar theanga oifigiúil sa Bhealarúis sna fichidí. Nuair a tháinig Stailín i gcumhacht, áfach, d'athraigh an port go hiomlán. Ansin, cuireadh srianta le húsáid oifigiúil na Bealarúisise arís, agus thosaigh an stát ag brú na Rúisise anuas ar chách mar "theanga chomhchumarsáide an lucht oibre". Níor thaise do [[Nikita Khrushchev]] é, ach an oiread. B'é a thuairimsean ná go gcaithfeadh muintir an Aontais Shóivéadaigh glacadh leis an Rúisis mar theanga a gcomhdhúchais, ó chuideodh sé leo an Cumannachas a thógáil ní ba luaithe.
Nuair a thosaigh [[Míchail Gorbaitsov|Mikhail Gorbachev]], ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, ar pholasaithe an [[Peireastráice|pheireastráice]] agus an [[Gleasnast|ghleasnaist]], sheachaid muintir na Bealarúise achainí chuige i Mí na Nollag 1986, agus iad ag déanamh a ngearáin faoin ródach a rinneadh ar a gcultúr náisiúnta. Níos luaithe sa bhliain chéanna, thit radachur ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise i ndiaidh phléascadh stáisiún cumhachta [[
== Polaitíocht ==
|