An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Cúirteanna"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Dublin four courts.JPG|300px|thumb|Na Ceithre Cúirteanna le [[James Gandon]], ar bhruach na [[an Life|Life]] i m[[Baile Átha Cliath]].]]
Is iad na '''Ceithre Cúirteanna''' an príomhshuíomh cúirte i b[[Poblacht na hÉireann]], atá suite i m[[Baile Átha Cliath]]. Is iad na cúirteanna atá le fáil san fhoirgneamh inniu ná [[an Chúirt Uachtarach]], an [[Ard-Chúirt (Éire)|Ard-Chúirt]], agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil.
[[Íomhá:Four Courts and river Liffey, Dublin 1799.jpg|clé|mion|1799 James Malton]]

== Stair ==
B'é an t-ailtire iomráiteach [[James Gandon]] a dhear an áit, agus tógadh sna blianta ó [[1796]] go dtí [[1802]] í. Is iad na cúirteanna as ar ainmníodh an foirgneamh ná an tSeansaireacht, Binse an Rí, Cúirt an Státchiste agus Cúirt na bPléadálacha Comónta (''Common Pleas'' as [[Béarla]]).
[[Íomhá:DUBLIN(1837) p153 THE FOUR COURTS.jpg|clé|mion|1837]]
Ag druidim chun deiridh don [[19ú haois|naoú haois déag]], leasaíodh córas na gcúirteanna agus tháinig cinn nua in áit na gcúirteanna áirithe seo, ach níor athraíodh ainm stairiúil an fhoirgnimh.

Nuair a bhain an chuid is mó d'[[Éire|Éirinn]] amach an [[Rialtas Dúchais|rialtas dúchais]] mar [[Saorstát Éireann|Shaorstát]], tháinig athrú nua ar chóras na gcúirteanna. Cuireadh sean-Ard-Chúirt na hÉireann ar ceal agus tugadh bata agus bóthar do Thiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann agus do Thiarna Seansailéara na hÉireann. Ina n-áit sin, tháinig an Chúirt Uachtarach nua, agus an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi, chomh maith leis an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, agus Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas uirthi.
[[Íomhá:LiffeyFourCourtsWhitworthBridge Dublin1841 PrintWHBartlett.jpg|clé|mion|"The Scenery and Antiquities of Ireland". 1842. Joseph Stirling Coyne agus William Henry Bartlett.]]
 
== Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh Cathartha ==
 
Bhí na Ceithre Cúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus arís eile sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain [[1922]], áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh an Cogadh Cathartha, go bunúsach.
[[Íomhá:Bombarded Four Courts Irish Civil War.jpg|mion|28 Meitheamh 1922 ]]
Nó nuair a tháinig scoilt ar [[Óglaigh na hÉireann]] i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], shealbhaigh [[Ruairí Ó Conchúir]] agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Ar an 14 Aibreán 1922, gabh Ó Conchubhair agus timpeall 200 poblachtánach frith-Chonartha eile na Ceithre Cúirteanna agus roinnt foirgneamh eile, an Oifig Ballasta agus Halla na Máisiún ar Shráid Theach Laighean ina measc<ref>http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf</ref>. Bhí [[Seán Lemass]], a bhí ina [[Thaoiseach]] sna [[1960í]], ar duine de na hÓglaigh seo.
[[Íomhá:Four Courts Conflagration.jpg|mion|30 Meitheamh 1922: Scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí]]
Chuir gabhadh na bhfoirgneamh, a mhaireann thar thréimhse breis agus dhá mhí, le teannas idir na rannóga i [[Sinn Féin]]. Sa deireadh, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag [[Mícheál Ó Coileáin]] ach an áit a ionsaí le ruaigeadh a chur ar na frith-Chonraitheoirí. Scriosadh an foirgneamh stairiúil faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán.
[[Íomhá:Great War Plaque, Four Courts Dublin.jpg|clé|mion|226x226px|Cuimhneachán''''': In Memory of the Irish Barristers who fell in the Great War 1914-1918'''''.
 
(Thomas Kettle, Willie Redmond. srl)]]
Nó nuair a tháinig scoilt ar [[Óglaigh na hÉireann]] i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], shealbhaigh [[Ruairí Ó Conchúir]] agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Bhí [[Seán Lemass]], a bhí ina [[Thaoiseach]] sna [[1960í]], ar duine de na hÓglaigh seo. Sa deireadh, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag [[Mícheál Ó Coileáin]] ach an áit a ionsaí le ruaigeadh a chur ar na frith-Chonraitheoirí. Scriosadh an foirgneamh stairiúil faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán. Bhí sé ina ábhar conspóide ar feadh i bhfad, an raibh na frith-chonraitheoirí tar éis buamaí bobghaiste a fhágáil sa chartlann d'aon ogham. Dhiúltaigh siad don líomhain seo, áfach, agus iad ag áitiú nach bobghaiste a bhí ann, ach a gcuid [[muinisean|lón cogaidh]]. Is fíor go raibh siad ag baint úsáide as an gcartlann mar stóras muinisin, ach ní raibh mianaigh d'aon chineál curtha ansin. Mar sin, madhmadh an muinisean de thimpiste le linn na gcathanna.
Bhí sé ina ábhar conspóide ar feadh i bhfad, an raibh na frith-chonraitheoirí tar éis buamaí bobghaiste a fhágáil sa chartlann d'aon ogham. Dhiúltaigh siad don líomhain seo, áfach, agus iad ag áitiú nach bobghaiste a bhí ann, ach a gcuid [[muinisean|lón cogaidh]]. Is fíor go raibh siad ag baint úsáide as an gcartlann mar stóras muinisin, ach ní raibh mianaigh d'aon chineál curtha ansin. Mar sin, madhmadh an muinisean de thimpiste le linn na gcathanna.
 
== Atógáil na gCeithre gCúirteanna ==
[[Íomhá:Four Courts (8197501197).jpg|mion]]
Ar feadh deich mbliana i ndiaidh an Chogadh Chathartha, bhí na cúirteanna ab airde sa tír - an seanchóras go dtí an bhliain [[1924]], agus córas nua an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] ina dhiaidh sin - lonnaithe i seanárasán an [[Leas-Rí na hÉireann|Leas-Rí]] i g[[Caisleán Bhaile Átha Cliath]]. Sa bhliain [[1932]], hosclaíodh na Ceithre Chúirteanna arís, agus iad atógtha agus athchóirithe ó bhonn aníos.
[[Íomhá:Four Courts (8197497997).jpg|clé|mion|237x237px]]
Mar sin féin, bhí trioc agus troscán an tseanfhoirgnimh caillte go deo, chomh maith leis na doiciméid, a chuaigh trí thine in éineacht le h[[Oifig na dTaifead Poiblí]]. Thairis sin, ní raibh an stát úrbhunaithe sách saibhir le mórscéimeanna atógála agus athmhaisiúcháin a mhaoiniú. Mar sin, ní dhearnadh iarracht ar bith leis an tseanchuma a chur ar an taobh istigh den fhoirgneamh arís.
 
hAtógadh dhá thaobhsciathán níb fhaide ar shiúl ón abhainn, nó roimhe sin, bhí sé ag cur isteach ar na daoine chomh cúng agus a bhí na cosáin lasmuigh den fhoirgneamh. Baineadh simléirí den fhoirgneamh freisin.
Ar feadh deich mbliana i ndiaidh an Chogadh Chathartha, bhí na cúirteanna ab airde sa tír - an seanchóras go dtí an bhliain [[1924]], agus córas nua an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] ina dhiaidh sin - lonnaithe i seanárasán an [[Leas-Rí na hÉireann|Leas-Rí]] i g[[Caisleán Bhaile Átha Cliath]]. Sa bhliain [[1932]], hosclaíodh na Ceithre Chúirteanna arís, agus iad atógtha agus athchóirithe ó bhonn aníos. Mar sin féin, bhí trioc agus troscán an tseanfhoirgnimh caillte go deo, chomh maith leis na doiciméid, a chuaigh trí thine in éineacht le h[[Oifig na dTaifead Poiblí]]. Thairis sin, ní raibh an stát úrbhunaithe sách saibhir le mórscéimeanna atógála agus athmhaisiúcháin a mhaoiniú. Mar sin, ní dhearnadh iarracht ar bith leis an tseanchuma a chur ar an taobh istigh den fhoirgneamh arís. hAtógadh dhá thaobhsciathán níb fhaide ar shiúl ón abhainn, nó roimhe sin, bhí sé ag cur isteach ar na daoine chomh cúng agus a bhí na cosáin lasmuigh den fhoirgneamh. Baineadh simléirí den fhoirgneamh freisin. Is féidir an locht a fháil ar na hathruithe seo, áfach, go ndearna siad dochar don dóigh ar phleanáil Gandon an foirgneamh sa bhliain [[1796]], agus don dóigh ar chóir dó dul i gcion ar an mbreathnóir, dar leis an ailtire.
 
Is féidir an locht a fháil ar na hathruithe seo, áfach, go ndearna siad dochar don dóigh ar phleanáil Gandon an foirgneamh sa bhliain [[1796]], agus don dóigh ar chóir dó dul i gcion ar an mbreathnóir, dar leis an ailtire.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.courts.ie/courts.ie/Library3.nsf/6556fea313d95d3180256a990052c571/d11c7beba63d78ca80256f250055b8e4?OpenDocument Suíomh oifigiúil]
 
[[Íomhá:Na Ceithre Cúirteanna.jpg|clé|mion|stop [[:en:Luas|Luas]]]]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Íomhá:Na Ceithre Cúirteanna, Baile Átha Cliath - Four Courts, Dublin (agost 2011) - panoramio (1).jpg|mion]]
{{stumpa}}